Polasaí um Úsáid Substaintí sa Scoil
Cuireadh an polasaí faoi úsáid substaintí i nGaelscoil na Dúglaise le chéile leis an gcoiste seo a leanas:
Niamh Ní Mhaoláin & Andrias Ó Foghlú thar ceann an Bhord Bainistíochta, Eleanor Uí Dhúill & Helena Mhic Cárthaigh thar ceann na tuismitheoirí,
Brídín Ní Chonghaile agus Caoilfhionn Ní Fhathartha thar ceann na múinteoirí.
Réamhrá:
Tháinig an coiste seo le chéile chun polasaí ar mhí-úsáid substaintí a chur le chéile toisc go n-aithnaíonn an scoil gur fadhb mhór í mí-úsáid substaintí i measc daoine óga sa lá atá inniu ann.
Baineann an beartas seo le mic léinn, múinteoirí, tuismitheoirí agus úsáideoirí áitreabh na scoile. Baineann sí le h-am scoile (sosanna san áireamh) agus mar aon le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an scoil, mar shampla – cluichí, turasanna scoile, seónna 7rl.
Don pholasaí seo s’é ar dtuiscint ar an bhfocail drugaí ná is é is druga ann ná ceimiceár ar bith a athraíonn an corp agus conas mar a iompraíonn an duine é féin mar aon lena chuid mothúchán.
Gaol le hÉiteas na Scoile
Tá baint ag an beartas seo le fealsúnacht agus le saintréithe na scoile. Táimid go léir ar aonfhocal go gcaithfidh an scoil
timpeallacht shlán shábháilte atá dearfach don fhoghlaim agus don mhúineadh a chruthú.
Féin-mhuinín agus féin-aithne na bpáistí a fhorbairt
Iompar shláintiúil dearfach a chur chun cinn
Eolas faoi shláinte agus conas aire a thabhairt dár gcoirp a mhéadú
Tacaíocht dóibh siúd go bhfuil deacrachtaí acu
Iarracht ar na páirtithe a bheith gafa sa phróiseas oideachais.
Réasúnaíocht
Tá an beartas seo riachtanach mar –
Cuireann an saol atá ann faoi láthair mór dúshlán i láthair daltaí a bhfuil tionchar acu ar a sláinte agus ar a leas. Is cuid den réaltacht sin alcól, tobac agus as drugaí bheith lena n-ais.
Forálann an tAcht Oideachais 1998 go mba choir do scoileanna forbairt shóisialta agus phearsanta mac léinn a chur chun cinn agus oideachas sláinte a chur ar fail dóibh.
Is beartas Rialtais anois an Straitéis Náisiúntas Drugaí ‘Ag Tógáil ar an Taithí’ agus cuireann sé ar scoileanna beartas i leith úsáid substaintí a chur i bhfeidhm.
Cuireann tuarascáil an Choiste Chomhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí dar teideal ‘Drug Use Prevention November 2001’ béim ar an tábhacht a bhaineann le beartais drugaí a bheith á bhforbairt ag scoileanna.
Ón tionscadal Suirbhé Scoileann Eorpacha um Alcól agus Drugaí eile, 1999 ar Úsáid Alcóil agus Drugaí eile (ESPAD), is léir gur fadhb tromchúiseach úsáid alcól agus drugaí eile i measc mac léinn ar aois dóibh sé bliana déag in Éirinn i gcomparáid leis na 29 tír ESPAD sa suirbhé.
Tá Éire sa dara háit ón mbarr per capita san AE maidir le caitheamh alcóil. Sa daonra ina iomláine, tháinig ardú de 41% per capita ar chaitheamh alcóil sa tréimhse 1989 go 1999, cé gur tháinig laghdú nó ardú réasúnta beag sna Ballstáit eile den AE.
Aidhm an pholasaí
Is é aidhm an pholasaí seo chun cloí leis an Acht Oideachais 1998 agus aire, cúram agus cosaint a thabhairt dos na páistí faoi cúram na scoile.
Cuspóirí
S’iad cuspóirí an pholasaí seo ná –
Scileanna na bpáistí a fhorbairt (scileanna féin-mheas, meas ar dhaoine eile, scileanna cumarsáide, scileanna comhoibriú, scileanna ar chinní a dhéanamh, scileanna measúnú).
Seans a thabhairt dos na páistí bheith eolach faoi na dearcaidh a chabhraítear le cinní a dhéanamh agus féachaint ar cén fáth go nglactar le mí-úsáid drugaí áirithe m.sh. alcól.
Eolas atá cruinn agus oiriúnach don aois-ghrúpa a thabhairt dos na páistí faoi drugaí agus idirdhealú a dhéanamh idir fírinní agus ficsean.
Ábhar an Bheartais
Dírítear ar na réimsí siúd-
Oideachas maidir le húsáid substaintí
Bainistíocht ar eachtraí a bhaineann le halcól, tobac agus drugaí
Soláthar le haghaidh oiliúna agus fhorbairt foirne.
Oideachas maidir le húsáid substaintí
Déanfar oideachas maidir le húsáid substaintí a sholáthar laistigh de chomhthéacs leathan an OSPS tríd an Clár ‘Misneach’
Roghnófar an t-ábhar ionas go mbeidh sé in oiriúnt d’aois na ndaltaí agus úsáidfear modhanna teagaisc gníomhacha mar a moltar sa churaclam OSPS.
Beidh Brídín Ní Chonghaile mar chomhordaitheoir an clár a chur i gcrích agus déanfaidh gach múinteoir ranga é lena rang nó ranganna féin, taobh istigh den am faoi leith a bhaineann le hOSPS.
Má bhainfí feidhm as cuairteoir / cainteoir seachtrach chun an obair ranga a láidriú i gcomhthéacs iomláine an chláir OSPS beidh múinteoir ranga i láthair.
Bainistíocht ar eachtraí a bhaineann le halcól, tobac agus drugaí
Seo iad na suímh agus na hionaid is mó ina mbíonn daoine óga in ár scoil i mbaol de bharr mí úsáid substaintí…(sa chlós, ar thuras scoile, leithreas).
Baineann eachtra ó thaobh mí úsáid substaintí le seilbh, le soláthar, le hamhras nó le nochtadh faoi úsáid alcóil, tobac agus drugaí mí-dleathacha (tuaslagaí san áireamh) in dtimpeallacht na scoile nó le linn gníomhaíochtai a bhaineann leis an scoil.
Tá cosc ar thobac, alcól agus drugaí mí-dleathacha sa scoil seo.
Níl cead tobac, alcól, ná drugaí mí-dleathacha a chaitheamh, a bheith ina sheilbh ag duine ná a sholáthar do dhuine eile in áitreabh na scoile nó ar imeachtaí a bhaineann leis an scoil.
Níl cead na hábhair sin nó treallamh a bhaineann leis na substainti thuasluaite a bheith ar fail ach oiread nó aon fhógraíocht a dhéanamh.
Coimeadfar na ceimicigh go léir in áitreabh na scoile faoi ghlas agus ní bheidh cead ag mic-léinn iad a úsáid muna mbíonn said faoi riaradh an mhúinteora.
Ó thaobh eachtraí ina mbíonn cóir leighis i gceist – tá nós imeachta sa ‘ráiteas maidir le sláinte agus slándáil’ a bhaineann leis seo. Níl cead ag mac-léinn cógas leighis atá molta do dhuine amháin a thabhairt do dhuine eile. Tá polasaí ar leith sa scoil faoi leigheas a thabhairt do pháiste.
Ag plé le heachtraí a bhaineann le músáid substaintí déanfar cothromaíocht idir freagairt tréadach agus smachta chomh mór agus is féidir. I gcásanna ar leith is féidir go mbeadh moladh dlithiúla de dhíth.
I nGaelscoil na Dúglaise leantar na coinnollacha seo a leanas-
Coimeádfar an scéal faoi rún agus déanfar an scéal a roinnt leo siúd amháin a bhfuil dualgas orthu an t-eolas a bheith acu.
Beidh tuismitheoirí gafa in eachtraí a bhainfidh lena bpáistí féin maidir le aon úsáid substaintí nó nuair a bhíonn substaintí aige/aici.
Beidh tuismitheoirí gafa in eachtraí a bhainfidh le gearáin i leith dalta eile nuair atá baint ag a bpáiste leis an eachtra.
Cuirfear an scéal in iúl don Bhord Bainistíochta agus ag brath ar an eachtra déanfar cinní faoin eachtra.
Déanfaidh forbairt ar an gcaidreamh idir an scoil agus na gardaí áitiúla. Cuirfear cuireadh do na gardaí labhairt leis na páistí sna hardranganna. Cuirfear cainteoirí ar fail uaireanta chun labhairt leis na tuismitheoirí.
Glaofar ar na gardaí nuair a bhíonn eachtra sa scoil a bhaineann le drugaí mídleathacha in áitreabh na scoile nó le linn gníomhaíochtaí a bhaineann leis an scoil.
Má tharlaíonn eachtra faoi mhí-úsáid substaintí go bhfuil suim ag na meáin cumarsáide ann beidh an príomhoide freagrach as déileáil leis na meáin.
Soláthar le haghaidh oiliúna agus fhorbairt foirne
Chun go mbeadh beartas éifeachtach ní mór í a thacú tríd an mBord Bainistíochta gealltanas rialta a thabhairt don oiliúint agus don fhorbairt foirne.
D’fhreastail Múinteoirí Brídín, Caoilfhionn, Niamh agus Denise ar chúrsa ar Úsáid Substaintí.
Tuigeann na múinteoirí an tábhacht a bhaineann le clár OSPS chun cosc a chur le mí-úsáid substaintí. Tuigtear dóibh go múintear faoi mí-úsáid substaintí tríd an t-eolas cuí a thabhairt scileanna a fhorbairt agus feasacht a ardú faoina luacha agus dearcadh agus go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le meon agus atmaisféar dearfa a chothú sa scoil. Tá na múinteoirí eolach faoi na comharthaí a bhaineann le mí-úsáid substaintí.
Róil agus Freagrachtaí
Múinfidh na múinteoirí an t-ábhar OSPS agus úsáidfear cláracha mar ‘Misneach’ chuige seo .
Déanfar measúnú ar dhul chun cinn na ndaltaí agus oiriúnacht na n-acmhainní de réir mar a mhúintear é.
Cuirfidh an Bord Bainistíochta airgead ar fail d’oiliúnt na foirne agus chun acmhainní a chur ar fail de réir mar a bheidh said ag teastáil.
Beidh na tuismitheoirí / caomhnóirí ag tacú leis an bpolasaí seo trí tacaíocht sa bhaile, comhoibriú le hobair na scoile agus freastal ar chruinnithe nuair is gá.
Na Critéir Rathúlachta
Aiseolas ó mhúinteoirí, thuismitheoirí agus daltaí na scoile
Iompar na bpáistí agus meon na bpáistí sa seomra ranga, sa chlós agus ar thurasanna scoile.
Manatóireacht, athbhreithniú agus luacháil ar an mbeartas
Athbhreithnítear an polasaí gach ré bliain nó níos minicí más gá.
Pléifear é ag cruinniú foirne agus cruinniú an Bhoird Bainistíochta.
Cabháil Ama
Déanfar an beartas comhláraithe a scaipeadh roimh mí an Mheithimh 2007, déanadh athbhreithniú ar ag tús ana scoilbhliana 2008 – 2009. Déanfar athbhreithniú ar arís i 2011