U.I.I

Polasaí Úsáide Inghlachta don Idirlíon

 

Is é aidhm an Pholasaí Úsáide Inghlactha a chinntiú go bhfaighidh daltaí Gaelscoil an Athar Tadhg Ó Murchú, Gaelscoil na Dúglaise buntáistí as na deiseanna foghlama as acmhainní Idirlín na scoile ar bhealach sábháilte agus éifeachtach. Féachtar ar úsáid agus rochtain Idirlín mar acmhainn agus mar phribhléid scoile. Mura gcomhlíontar polasaí PÚII na scoile mar sin tarraingeofar siar an phribhléid  agus gearrfar smachtbhannaí cuí - mar atá leagtha amach san PÚII.

Tá sé i gceist go ndéanfaidh ionadaithe scoile agus tuismitheoirí athbhreithniú gach bliain ar an PÚII. Sula síneofar é ba chóir an PÚII a léamh go cúramach lena léiriú go dtuigtear agus go nglactar le coinníollach na húsáide.

 

Cruthaíodh an leagan seo den PÚII  i nDeireadh Fómhair 2006 ag an bhfoireann scoile agus ag an mBord Bainistíochta

 

Straitéis na Scoile

 

Bainfidh Gaelscoil na Dúglaise leas as roinnt straitéisí chun cur chomh mór agus is féidir le deiseanna foghlama agus le rioscaí a bhaineann leis an Idirlíon a laghdú. Is iad na straitéisí na cinn seo a leanas:

 

Go Ginearálta

Beidh múinteoir i gcónaí ag maoirsiú seisiúin Idirlín.

Bainfear leas as bogearraí scagtha agus/nó córais chomhionainn chun an riosca a bhaineann do nochtadh d'ábhar míchuí a laghdú. Déanfaidh an scoil monatóireacht rialta ar úsáid idirlín na ndaltaí.

Cuirfear oiliúint ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí maidir le sábháilteacht Idirlín.

Ní cheadófar íoschóipeáil nó uaslódáil a dhéanamh ar bhogearraí nach mbeidh ceadaithe.

Bainfear leas as bogearraí cosanta víreas agus tabharfar é cothrom le dáta go rialta.

Beidh cead ón múinteoir riachtanach chun dioscaí flapacha pearsanta nó  CD-ROManna nó cnaipe cuimhne a úsáid sa scoil.

Cleachtóidh na daltaí dea “netiquette” (i.e., etiquette ar an Idirlíon) ag gach tráth agus ní thabharfaidh siad faoi aon ghníomh a tharraingeoidh droch-cháil ar an scoil.

 

An Gréasán Domhanda

Ní rachaidh mic léinn chuig láithreáin Idirlín ar a mbeidh ábhair ghraostacha, mídhleathacha, fuatha nó a bheidh míchuí ar bhealach eile. Is chun críocha oideachais amháin a bhainfidh daltaí úsáid as an idirlíon.

Beidh eolas ag daltaí ar cheisteanna cóipchirt a bhaineann le foghlaim ar líne.

Ní dhéanfaidh daltaí nochtadh nó foilsiú ar eolas pearsanta.

Beidh a fhios ag daltaí go bhféadfadh aon úsáid lena n-áirítear  eolas a  dháileadh nó a fháil, cibé obair scoile nó nithe pearsanta a bheith faoi mhonatóireacht  ó thaobh ghníomhaíocht neamhghnách, slándáil, nó cúiseanna bainistíochta gréasáin.

 

Ríomhphost

Úsáidfidh daltaí cuntais ríomhphoist cheadaithe faoi mhaoirseacht nó cead múinteora.

Ní sheolfaidh agus ní  bhfaighidh daltaí aon ábhar a bheidh mídhleathach, graostach ná míchlúiteach nó a bhfuil sé i gceist leis cur as do dhuine eile nó imeaglú a dhéanamh air.

Ní fhoilseoidh daltaí a sonraí pearsanta féin ná sonraí daoine eile, nithe  mar sheoltaí nó uimhreacha fóin nó picitiúir.

Ní shocróidh daltaí cruinniú casadh go fisiciúil le haon duine.

Tabharfaidh daltaí ar aird gur faoi réir chead óna múinteoir a fhéadfaidh daltaí aguisíní le ríomhphoist a fháil agus a sheoladh.

 

Comhrá Idirlín

Ní bheidh rochtain ag daltaí ar sheomraí comhrá, ar fhóraim chomhrá agus ar fhóraim leictreonacha cumarsáide eile  ach de réir mar a bheidh ceadaithe ag an scoil.

Ní bhainfear leas as seomraí comhrá, fóraim phlé agus fóraim chumarsáide leictreonacha eile ach amháin do chríocha oideachais agus beidh sin faoi mhaoirseacht ag gach tráth.

Bainfear úsáid as ainmneacha úsáideoirí chun fíor chéannacht a cheilt.

Beidh cosc iomlán ar chruinniú  duine le duine trí chruinniú a bheidh eagraithe via comhrá Idirlín.

 

Gréasán Scoile

 

Tabharfar deis do dhaltaí  tionscadail, obair ealaíne nó obair scoile a fhoilsiú ar an nGréasán Domhanda.

Déanfaidh múinteoir comhordú ar fhoilsiú obair daltaí.

Foilseofar obair dhaltaí i gcomhthéacs oideachais ar leathanaigh Gréasáin le fógra cóipchirt a choscfaidh cóipeáil obair den sórt sin gach cead sonrach i scríbhinn.

Ní fhoilseofar grianghraif dhigiteacha, clipeanna éisteachta nó físe de dhaltaí aonair ar an ngréasán scoile. Díreoidh grianghraif agus clipeanna éisteachta agus físe  ar ghníomhaíochtaí grúpaí. D'fhéadfadh clipeanna físe cosaint pasfhocal a bheith ag dul leo.

Fágfar amach eolas pearsanta faoi dhaltaí mar sheoladh baile agus sonraí teagmhála den leathanach gréasáin scoile.

Beidh úinéireacht ag daltaí fós ar an gcóipcheart ar aon obair a fhoilseofar.

 

Reachtaíocht

Soláthróidh an scoil eolas ar an reachtaíocht seo a leanas maidir le húsáid an Idirlín  agus ar chóir do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí dul i dtaithí uirthi:

An tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998

An tAcht Tascartha 1993

An tAcht um Fhístaifeadtaí, 1989

An tAcht um Chosaint Sonraí 1988

 

Struchtúir Thacaíochta

Cuirfidh an scoil eolas ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí faoi phríomhstruchtúir agus eagraíochtaí tacaíochtaí a bhíonn ag déileáil le hábhar mídhleathach agus úsáid dhochrach an Idirlín.

Smachtbhannaí

D'fhéadfadh gníomh disciplíne teacht as mí-úsáid a bhaint as an Idirlíon, lena n-áirítear tarraingt siar pribhléidí rochtana agus i gcásanna tromchúiseacha fionraí nó díbirt. Tá sé de cheart ag an scoil freisin  aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha a  thuairisciú chuig na húdaráis chuí.

 

 

 

 

 



 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

A Thuismitheoir/Chaomhnóir,                                                       

 

Maidir le: Foirm Cheada Idirlín

 

Mar chuid de chlár oideachais Gaelscoil na Dúglaise tairgimid rochtain faoi mhaoirsiú do dhaltaí ar an Idirlíon. Tabharfaidh sé seo rochtain ar go leor acmhainní oideachais ar-líne do dhaltaí agus creidimid go gcuirfidh sé seo go mór le taithí fhoghlama na ndaltaí.

 

Mar sin féin, caithfidh an t-úsáideoir agus an scoil a bheith freagrach i rochtain agus in úsáid an Idirlín. Cuirtear síos ar na freagrachtaí seo i mBeartas Úsáide Inghlactha na scoile (faoi iamh). Tá sé tábhachtach go léitear an cháipéis seo go cúramach, go síneoidh tuismitheoir nó caomhnóir í agus go seoltar ar ais chuig an scoil í.

 

Cé go ndéanann an scoil na bearta cearta chun úsáid shábháilte an Idirlín a chur chun cinn, tá a fhios aici gur féidir le daltaí rochtain trí thimpiste nó d’aon turas a fháil ar ábhar míchuí nó ábhar conspóideach.

 

Tá meas ag an scoil ar cheart an teaghlaigh a chinneadh cead a thabhairt dá leanaí rochtain a fháil ar an Idirlíon mar a shonraítear i mBeartas Úsáide Inghlactha na scoile nó gan cead a thabhairt.

 

I ndiaidh na téarmaí i mBeartas Úsáide Inghlactha na scoile a léamh, b’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh smaoineamh ar úsáid an idirlín sa bhaile, agus féachaint chuige má tá aon bhealach gur féidir leat é a dhéanamh níos sábháilte do do theaghlach féin.

 

Le deá-mhéin,

Niamh Ní Mhaoláin

Príomhoide

 

 

 


Foirm Cheada Idirlín

 

Féach le do thoil ar an bPolasaí Úsáide Inghlactha, sínigh agus cuir ar ais an fhoirm cheada seo chuig an múinteoir ranga.

 

Ainm an Dalta: ______________________

Rang                ______________________

Dalta (ó Rang 3 go Rang 6 amháin)

Comhaontaím Polasaí Úsáide Inghlactha na scoile a leanúint maidir le húsáid an Idirlín. Bainfidh mé úsáid as an Idirlíon ar bhealach freagrach agus comhlíonfaidh mé na rialacha ar fad a mhíneoidh an scoil dom.

Síniú an Dalta

 

 

Dáta:

 

 

 

Tuismitheoir/Caomhnóir

Mar thuismitheoir/Caomhnóir dlíthiúil an dalta thuas tá  Polasaí Úsáide Inghlactha Gaelscoil na Dúglaise léite agam agus tugaim cead do mo mhac nó iníon  rochtain a dhéanamh ar an Idirlíon.  Tuigim go bhfuil rochtain Idirlín leagtha amach chun críocha oideachais. Tuigim freisin go bhfuil gach réamhchúram réasúnach glactha ag an scoil  chun soláthar a dhéanamh do shábháilteacht ar líne ach ní féidir freagracht a bheith ar an scoil  má dhéanann daltaí rochtain ar ghréasáin mhí-oiriúnacha.

Glacaim leis an alt thuas                                    Ní ghlacaim leis an alt thuas

(Cuir tic sa bhosca cuí)

                                               
Maidir le gréasán na scoile tuigim sa chás gur cuí leis an scoil sin  gur féidir obair scoile mo linbh a roghnú le cur ar ghréasán na scoile. Tuigim téarmaí an Pholasaí Úsáide Inghlactha agus glacaim leo  maidir le hobair leanaí a fhoilsiú ar   ghréasán na scoile.

 


Glacaim leis an alt thuas                                     Ní ghlacaim leis an alt thuas

(Cuir tic sa bhosca cuí)

 

Síniú:    _____________________________  Dáta:    _________________

 

 

 

 

 

 

Built By Digital Crew