Tinreamh/Attendence

                              Polasaí Tinrimh
Ráiteas Tosaigh

Tá traidisiún láidir d’ardchaighdeán tinrimh sa scoil seo. Léiríonn na torthaí ón N.E.W.B. é seo go beacht. Cuireadh an polasaí seo le chéile sa scoilbhliain 2010 / 2011 i rith lá pleanála. Bhí foireann uile na scoile rannpháirteach ann.
Réasúnaíocht
Is gá polasaí Straitéise Tinrimh a chur i bhfeidhm chun dea-nósanna tinrimh a chothú sa scoil.
Caithfear páistí a spreagadh chun freastal ar scoil toisc go bhfuil gaol láidir idir tinrimh agus ardchaighdeán foghlama. Tá traidisiún an láidir dearfach d’ardchaighdeán tinrimh sa scoil seo.
Gaol le héiteas sainiúil na scoile
Déanann an polasaí seo athdhaingniú ar spiorad sainiúil na scoile. Spreagtar forbairt iomlán an pháiste i dtimpeallacht thaitneamhach thacúil ina bhfuil comhoibriú idir fhoireann na scoile, tuismitheoirí agus daltaí le feiceáil.
Aidhmeanna
Tá sé mar sprioc ag Gaelscoil na Dúglaise
Spéis san fhoghlaim a chothú.
Feasacht ar an tábhacht a bhaineann le tinreamh scoile a mhéadú.
Na daltaí a bhfuil baol ann go bhfágfaidís scoil luath a aithint.
Feabhas a chur ar an timpeallacht fhoghlama inar féidir le leanaí dul chun cinn a dhéanamh maidir le gach gné dá bhforbairt.
Dearcadh dearfach a chothú i leith na foghlama.
A chinntiú go gcuirtear an córas rialacha, luachanna saothair agus smachtbhannaí i bhfeidhm ar bhealach cothrom agus comhleanúnach a spreagann daltaí chun freastal ar an scoil. Ár ndualgais faoin Acht Oideachais (Leas) 2000 /Treoirlínte ón NEWB a chomhlíonadh.
Neamhfhreastal
Ta sé de dhualgas ar thuismitheoir gach leanbh idir sé bliana d'aois agus sé bliana déag d'aois deimhin a dhéanamh de go bhfreastalaíonn an páiste ar “scoil náisiúnta nó scoil oiriúnach eile” gach lá a bhfuil an scoil sin ar oscailt agus ranganna ar siúl ann.
Coimeádtar cuntas ar neamhfhreastal sa leabhar tinrimh laethúil. Tá sé mar dhualgas ar gach múinteoir ranga an páiste agus an chúis go raibh an páiste sin as láthair a bhreacadh síos sa leabhar seo ar an dáta cuí. Bailíonn an Príomhoide Ionaid an leabhar tinrimh beag seo ón múinteoir ranga gach lá.
Aon pháiste a bhíonn as láthair oiread is lá amháin bíonn ar na tuismitheoirí/caomhnóirí nóta a thabhairt don mhúinteoir ranga ag míniú cúis an neamhláithreachais maraon le ainm an pháiste, dáta an neamhláithreachais agus síniú an tuismitheora/caomhnóra. Tuigeann tuismitheoirí/caomhnóirí an córas seo mar luann an Príomhoide é sa nuachtlitir amach i Meán Fómhair gach bliain agus tá sé minithe go soiléir sa ‘Leabhrán Eolais’ scoile.
Cuireann an scoil an NEWB ar an eolas faoi ábhair áirithe a bhaineann le
neamhláithreachas (i.e. daltaí as láthair ar feadh 20 lá nó níos mó, nó má tá príomhoide  imníoch faoi thinreamh linbh)
Mínítear neamhfhreastal daltaí, agus an tionchar a bhíonn aige ar fhoghlaim na leanaí, do thuismitheoirí ag cruinnithe na dtuistí ag tús na scoilbhliana.
Nuair a bhíonn leanaí as láthair ar feadh leathlae lorgaítear nóta ó na tuismitheoirí/caomhnóirí le míniú an scéil.
(De réir an Achta Oideachais (Leas), bíonn sé de dhualgas ar thuismitheoir an scoil a chur ar an eolas nuair a bhíonn leanbh as láthair ar feadh cuid den lá scoile, lá scoile, nó níos mó ná lá scoile)
Ag teacht isteach sa scoil
Caithfidh gach cuairteoir chun na scoile (tuismitheoirí san áireamh) teacht isteach chun na scoile tríd aon dhoras amháin. Tá gléas sábhála ar an doras ar mhaithe leis na leanaí a chosaint agus a gcuid sábháilteachta a chaomhnú. Nuair is gá do pháiste imeacht ón scoil go luath ní mór don tuismitheoir teacht chun na hoifige agus an páiste a shíniú amach. Má thagann éinne nach bhfuil luaite ar an bhFoirm Sonraí chun páiste a bhailiú caithfidh cead an tuismitheora a bheith i scríbhinn acu.

Cuirtear na nithe seo a leanas san áireamh chun tinreamh a chothú...
Timpeallacht: Mar scoil táimid thar a bheith bródúil as an bhfáilte a chuirtear roimh thuismitheoirí/ chaomhnóirí/ pháistí na scoile i nGaelscoil na Dúglaise. Déanann gach múinteoir a s(h)eacht ndícheall atmaisféar fáiltiúil agus croíúil a chothú sa scoil.
Cruthaíonn atmaisféar mar seo meas agus comhoibriú idir mhúinteoirí, páistí agus tuismitheoirí/caomhnóirí.
Coimeádtar cuntas ar phoncúlacht na bpáistí agus déantar tagairt de sa tuairisc scoile ag deireadh na bliana agus roimhré leis an tuismitheoir más gá.
Idirghabháil luath: Is féidir linn díriú isteach ar mháithreacha/aithreacha nua chun iad a chur ar an eolas faoi nósanna imeachta a bhaineann le tinreamh agus tábhacht an tinrimh.Déantar é seo ag Oíche Eolais agus tríd an Nuachtlitir.
Obair Bhaile: 'Siad na smachtbhannaí a chuirtear i bhfeidhm nuair nach
ndéantar/gcríochnaítear an obair bhaile ná an obair bhaile a sheoladh abhaile arís leis an bpáiste agus nóta mínithe a chur sa Leabhrán Obairbhaile chuig an dtuismitheoir/gcaomhnóir muna bhfuil míniúchán tugtha ag an tuismitheoir faoi cén fath nach bhfuil an obairbhaile déanta. Tá sé mar dhualgas ar an tuismitheoir/caomhnóir a chinntiú go ndéantar an obair bhaile sa bhaile.
Éadaí scoile: Tá sé mar dhualgas ar gach páiste na héadaí scoile a chaitheamh.
Lón: Cuirtear glaoch teileafóin ar thuismitheoir/chaomhnóir ag iarraidh orthu lón a thabhairt chuig an scoil muna bhfuil lón ag an bpáiste.
Measúnú: Tá polasaí cuimsitheach measúnaithe i bhfeidhm sa scoil.
Comhionannas Rannpháirtíochta: Gearrtar táillí chun páirt a ghlacadh in imeachtaí áirithe ar nós snámh.  Tugtar go leor fógra do na tuistí faoi na costais seo agus tugtar go leor ama dóibh chun an t-airgead a thabhairt isteach.Déanann an scoil gach iarracht na costais seo a choimeád chomh saor agus is féidir. Má bhíonn easpa airgid ar chlann déanann an scoil iarracht teacht i gcabhair orthu.
Saincheisteanna comhionannais: Níl aon éagothromaíocht i gceist maidir le neamhfhreastal roinnt daltaí ar scoil nó in imeachtaí scoile. Glacann gach páiste sa scoil páirt sna himeachtaí éagsúla. (Ní dhéantar aon idirdhealú i gcoinne aon pháiste bunaithe ar na bunúis seo a leanas: Aois, Ball den Lucht Siúil, Stádas Teaghlaigh, Míchumas, Inscne, Creideamh, Cine)
Tuairiscí: Tugaimid tuairisc ar líon na laethanta scoile a chaill leanbh do thuismitheoirí sna tuairiscí scoile ag deireadh na bliana. Aon pháiste a bhíonn as láthair go minic déantar é seo a phlé sna cruinnithe tuismitheora/múinteora. Sa tslí céanna moltar tuismitheoirí a bhfuil a bpáiste/í ag teacht ar scoil go rialta sna cruinnithe seo. Curaclam: Níl aon ghnéithe d’fheidhmiú / de bhainistíocht / de theagasc an churaclaim a d’ fhéadfadh cur le fadhbanna tinrimh scoile maidir le daltaí áirithe.
Tuismitheoirí: Cuirtear tuismitheoirí ar an eolas faoi na ceanglais a bhíonn ar scoileanna agus ar thuismitheoirí faoin Acht Oideachais go bliaintiúil.
Riachtanais Fhoghlama: Freastalaítear ar riachtanais fhoghlama na ndaltaí le riachtanais speisialta a chailleann laethanta scoile. Féachann an príomhoide, an múinteoir ranga, an múinteoir tacaíochta foghlama agus an múinteoir acmhainne chuige seo.
Cumarsáid le scoileanna/soláthróirí oideachais eile
Déanfar teagmháil le hiarbhunscoileanna má tá fadhb thinrimh ag páiste. Cuirfidh an scoil fios ar thuismitheoirí/chaomhnóirí an dalta seo i dtús báire sular ndéanfar teangmháil leis na hiarbhunscoileanna mar a mholtar san acht um Chosaint Sonraí (2003)
Is í Kay Hodgins an tOifigeach Leasa Oideachais áitiúil. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag NEWB, Oifig an Roinn Oideachais, Pairc Bessboro, Machain, Corcaigh.
Is é an uimhir teileafóin ná; (021) 4536314.
Straitéisí don neamhfhreastal
(Ní mór don scoil an tOifigeach Leasa Oideachais a chur ar an eolas i scríbhinn faoi leanbh atá ar fionraí nó curtha amach as an scoil ar feadh 6 lá nó níos mó, faoi leanbh a chaill 20 lá nó níos mó sa scoilbhliain, faoi thinreamh neamhrialta agus faoi leanbh a baineadh de chlár na scoile)
Tá tuismitheoirí ar an eolas faoina ndualgais reachtúla a ndéantar cur síos orthu san Acht Oideachais maidir le neamhfhreastal linbh a thuairisciú don Oifigeach LeasaOideachais, “fógra faoi thinreamh scoile” a bheith seirbheáilte ag an Oifigeach Leasa Oideachas (i ndiaidh gach iarracht réasúnta ag an mBord Oideachais dul i gcomhairle le tuismitheoirí an linbh agus príomhoide na scoile) ar aon thuismitheoir ar dóigh leis an Oifigeach Leasa Oideachais a bhfuil ag teip air/uirthi iallach a chur ar leanbh freastal ar an scoil nó nach bhfuil ag cur ina luí ar leanbh freastal ar an scoil, agus na torthaí féidearthacha a d‟fhéadfadh a bheith ar chás i gcoinne tuismitheora a n-éiríonn leis (fíneáil agus/nó tréimhse sa phríosún).
Iarrtar ar gach tuismitheoir/chaomhnóir a chur in iúl don mhúinteoir ranga an chúis nach raibh a p(h)áiste ar scoil trí nóta a sheoladh isteach. 
Coimeádann an múinteoir ranga na nótaí seo.
Má dhiúltaíonn an tuismitheoir cúis an neamhláithreachais a mhíniú déanfar é abhreacadh síos mar “gan mhíniú‟ sa tuairisc NEWB.
Cuirtear tuismitheoir ar an eolas gur cúis imní é neamhfhreastal a linbh ar an scoil nuair a bhíonn 15 lá caillte ag páiste. Cuirtear an t-eolas seo i bhfoirm litreach chuig na tuismitheoirí/chaomhnóirí agus cuirtear i gcuimhne dóibh go mbeidh tuairisc á chur a aghaidh chuig an NEWB tar éis 5 lá eile a chailleadh.
Cuirtear an tOifigeach Leasa Oideachais ar an eolas faoi neamhfhreastal linbh tríghlaoch a chur air/uirthi agus eagraítear cruinniú más gá. Is féidir teagmháil a dhéanamh le heagrais eile ar nós oibrí sóisialta an pháiste agus an HSE, INTO nó IPPN i gcomhthéacs teaghlaigh/dalta le deacrachtaí. Arís cuirtear in iúl do na tuismitheoirí/caomhnóirí go mbeidh an scoil ag dul i dteagmháil leis na heagrais seo mar a mholtar faoin acht um Chosaint Sonraí (2003).
Cabhraítear leis an leanbh an obair a chaill sé/sí a dhéanamh tríd an obair a churabhaile chuig na tuismitheoirí/caomhnóirí.

Nósanna imeachta maidir le baint dalta ón gClár/Aistriú ó scoil eile
Ní féidir le príomhoide ainm dalta a bhaint de chlár scoile ach amháin nuair a chuirtear é/í ar an eolas go bhfuil an leanbh cláraithe i scoil eile nó nuair a chuireann an Bord Leasa ar an eolas é/í go bhfuil an leanbh cláraithe ag an mBord mar leanbh atá ag fáil oideachais lasmuigh den scoil.
Seo a leanas na nósanna imeachta atá i bhfeidhm sa scoil chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna thíosluaite (chun an tOifigeach Leasa Oideachais a chur ar an eolas fúthu)
Leanbh atá le bheith curtha amach as an scoil: Cuirfidh an Bord Bainistíochta fios ar an Oifigeach Leasa Oideachais áitiúil chun an scéal a chur in iúl dó/di agus cuiridh an príomhoide tuairisc ar aghaidh chuig an NEWB. Leanfar treoracha lámhleabhar Bord Bainistíochta.
Má fhágann páistí an scoil i rith laethanta saoire an tSamhraidh cuirfidh an príomhoide ionaid an t-eolas ar aghaidh chuig an NEWB sa chéad tuairisc sa scoilbhliain nua.
Aon pháiste a fhágann le linn na scoilbhliana cuirfidh an príomhoide ionaid an t-eolas ar aghaidh sa chéad tuairisc NEWB eile.
Fógra ón Oifigeach Leasa Oideachais go bhfuil an leanbh ag fáil oideachais lasmuigh den ghnáthchóras scoile (e.g. sa bhaile): Ní bhainfear páiste den leabhar rolla go dtí go bhfuil scéal faighte ag an scoil ó scoil eile go bhfuil an páiste aistrithe. Muna bhfaigheann an scoil an t-eolas seo cuirfidh an príomhoide ionaid glaoch ar an NEWB.
Go bhfuil sé/sí cláraithe i scoil speisialta: Ní bhainfear páiste den rolla go dtí go bhfaigheann an scoil an t-eolas cuí ón scoil sin. Muna bhfaigheann an scoil an t-eolas seo cuirfidh an príomhoide ionad glaoch ar an NEWB
Aistriú chuig scoil eile: Nuair a thógann tuismitheoirí leanbh amach as scoil, tá sé de dhualgas ar an bpríomhoide teastas a thabhairt do na tuismitheoirí agus don scoil nua a luann tinreamh agus neamhláithreachtaí an linbh sa scoil, ag trácht ar an rang deireanach a d'fhreastail an leanbh air agus aon fhaisnéis chuí eile a bhaineann le hoideachas an linbh.
Aistriú ó scoil eile: Cuirfidh ár scoil an scoil eile ar an eolas go bhfuil an leanbh cláraithe linn i bhfoirm litreach.
(Ní mór do phríomhoide na scoile reatha a chur in iúl do phríomhoide na scoile a raibh an leanbh ag freastal uirthi go bhfuil an leanbh cláraithe ina scoil “chomh luath agus is féidir”. Nuair a fhaigheann príomhoide fógra go bhfuil leanbh cláraithe áit éigin eile, ní mór dó/di príomhoide scoil nua an linbh a chur ar an eolas faoi aon fhadhbanna tinrimh a bhí i gceist leis an leanbh sa scoil sin,agus aon ábhair chuí eile a bhaineann le dul chun cinn oideachasúil an linbh.)
Tuarascáil Bhliantúil
Tá sé mar dhualgas ar an bpríomhoide / ar an bpostshealbhóir na tuairiscí cuí a chur ar aghaidh chuig an NEWB. Bíonn sé seo déanta laistigh de shé sheachtain ó dheireadh na scoilbhliana.
Critéir Rathúlachta
Tá sé mar dhualgas ar an bpríomhoide ionad an polasaí seo a mheas ag deireadh na scoilbhliana agus déanfar an plean a leasú más gá. Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:
Méadú ar leibhéal tinrimh, rollaí, cláir a sheiceáil srl.
Aiseolas dearfach ó mhúinteoirí, ó thuismitheoirí, ó dhaltaí.
Róil agus Freagrachtaí
Beidh freagrachtaí áirithe ar na daoine thíosluaite as gnéithe áirithe an ráitis:
An Príomhoide
An Príomhoide Ionaid (Karla Ní Leannáin)
An Múinteoir ranga
Na Múinteoirí Oideachas Speisialta
Tuismitheoirí
Daltaí
An tOifigeach Leasa Oideachais
An Bord Bainistíochta
NEPS
Spriocdháta don athbhreithniú   Déanfar athbhreithniú ar an bpolasaí seo i rith 2018-2019
Daingniú agus Cumarsáid   Cuireadh an polasaí faoi bhráid na múinteoirí, Coiste na dTuismitheoirí agus an Bhord Bainistíochta. Thacaigh an Bord Bainistíochta leis an bpolasaí seo sa dara téarma sa scoilbhliain 2017-2018.

Sínithe ag Cathaoirleach na Gaelscoile _______________________________________
Dáta : ___________________________________
 

© 2011 Gaelscoil na Dúglaise | Web Design by Digital Crew