Cór

Cór

Tá cór iontach i nGaelscoil na Dúglaise. Glacann siad croí lár in ócáidí scoile. S'iad daltaí ranganna 5 & 6 atá sa chór.  Tá an-mholadh ag dul do Mhúinteoir Fióna agus do Mhúinteoir Siobhán as an obair iontach a dhéanann said  agus iad i bhfeighil ar an gcór.

Canann an cór  go rialta ag maidineacha caifé do thuismitheoirí agus do chuairteoirí chun na scoile . Bíonn siad ar an stáitse i Halla na Cathrach go bliantúil ag Cór Fhéile na Scol.   Is ócáid aoibhinn  bliantúil í nuair a théann said ar cuairt go  Barda Naomh Oilibhéar in Ospidéal Naomh Fhionnbarra agus déanann siad taispeántas i gcomhair na seandaoine. Is mó litir dheas atá faighte againn ón ospidéal ag cur ina luí orainn an pléisiúr a thugann an cór dos na hothair.

Mar chuid den Fhéile bhliantúil Snagcheoil Chorcaí,tugadh deis don chór an Banna Ceoil Lamorrote (www.lamorotte.nl ) ón Ísealtír a thionlacan i Samhain '06 agus '07. B'iad 'The Old Timers Jazz Band' ó Prague  (www.oldtimersjazzband.cz/index ) a bhí linn i 2008.  Ghlac an cór páirt sa'Crossborder Concert' i Feabhra 2008.

 Tá an cór le cloisteáil ar an dlúthdhiosca “Nollaig Shona” a d'eisigh an scoil i Nollaig ’06.

 

Built By Digital Crew