|
Leadóg
Leadóg
Is mór an t-éileamh atá ar ranganna leadóige i nGaelscoil na Dúglaise. Freastalaíonn páistí ó ranganna naíonán mhóra go rang 6 orthu. Tá suas le seachtó páiste ag imirt leadóige ar an Mairt agus ar an Déardaoin.
Cuirtear an -bhéim ar thaitneamh agus ar fhorbairt scileanna sna ranganna. Baintear úsáid as na cúirteanna leadóige sa samhradh.
Is é Conor Clarke traenálaí lánoilte ón Bishopstown Academy atá i bhfeighil ar na ranganna.
|