|
Veidhlín Suzuki
.JPG)
Suzuki Veidhlín
Múintear an veidhlín ar an modh suzuki mar rogha do pháistí ó naíonáin bheaga ar aghaidh i nGaelscoil na Dúglaise.
Is í Úna Uí Mhurchú an múinteoir atá á stiúradh. Déanann na páistí dul chun cinn iontach. Faigheann said deiseanna go minic iad féin a chur i láthair. Bíonn ceolchoirm acu gach aon Nollaig agus is féidir leo freastal ar cheardlanna ar an modh Suzuki chomh maith. Cuireann siad taispeántas i láthair gach Nollaig i láthair siopadóireachta na Duglaise ag bailiú airgid d’ Oispidéal Naomh Fhionnbarra.
Ullmhaítear na paistí do scrúdaithe R.I.A. agus Associated Boards chomh maith.
|