Caidreamh Scoile Bhaile

Polasaí ar Chaidreamh Scoile Bhaile

Glacaimid i nGaelscoil na Dúglaise leis an bpáirt lárnach atá ag tuismitheoirí in oideachas na bpáistí agus tuigimid an tábhacht atá ag baint le deachumarsáid idir an scoil agus tuismitheoirí na bpáistí de réir an pholasaí seo a leanas:

1. Cuirfear eolas ón mBord Bainistíochta, ón bpríomhoide nó ón bhfoireann teagaisc chuig seoladh an pháiste fé mar atá cláraithe sa leabhar rolla. Is faoin dtuismitheoir a chinntiú go ndéantar uasdatú ar fhoirm sonraí na scoile go bliantiúil. Cuirfear nótaí ginearálta agus nuachtlitreacha abhaile leis an bpáiste. Scríobhfaidh an t-oide ranga nótaí chuig an tuismitheoir sa leabhrán obair bhaile agus a mhalairt go cruinn. Baintear úsaid as textaparent chomh maith. Tá sé de dhualgas ar thuismitheoirí atá scartha a seoladh baile a sholáthar má tá an t-eolas thuas uathu.

 2.  Moltar coinne a dhéanamh leis an múinteoir:

 (i)  trí nóta a scríobh i leabhrán obair bhaile an pháiste ag lorg coinne

(ii)  trí ghlaoch a chur ar an rúnaí san oifig idir 10. 30 r.n. agus 2.30 i.n.  Is féidir coinne oiriúnach a dhéanamh don mhúinteoir agus don tuismitheoir, feitheoireacht a eagrú do rang an oide agus socruithe a dhéanamh le haghaidh cruinniú phríobháidigh.

Muna féidir teacht ar réiteach, buailfidh an príomhoide leis an tuismitheoir / na tuismitheoirí i dteannta an oide ag am oiriúnach.

Má’s mian le tuismitheoir bualadh leis an bpríomhoide, is cóir glaoch a chur ar an oifig. Má bhíonn cás práinneach ann agus gan choinne déanta, caithfidh an tuismitheoir teacht chuig an rúnaí /bpríomhoide i dtús báire.

Ní cheadaítear labhairt leis an bhfoireann teagaisc  gan choinne i rith am scoile mar cuireann sé isteach ar an gclár ama ranga do na páistí eile.

3.  Tionólfar cruinnithe tuismitheoirí / múinteoirí i Mí na Samhna.  Beidh deis ag tuismitheoirí labhairt faoi chúrsaí ag an gcruinniú seo.  Cuirfear tuairisc scoile amach sa phost do gach leanbh i rith an téarma deiridh scoile.  Eiseofar cóipeanna breise den tuairisc scoile nuair a lorgófar iad. 

4.  Ní féidir, áfach, leis an bhfoireann deighleáil le ceisteanna maidir le cúrsaí pearsanta a bhaineann le caidreamh an pháiste idir ceachtar don bheirt thuismitheoir.

Tugaimid aitheantas i nGaelscoil na Dúglaise do ghairmiúlacht na foirne agus glacaimid le tábhacht na dtuismitheoirí mar phairtnéirí san oideachas. Roinneann  an scoil agus an fhoireann teagaisc eolas ar son leasa an pháiste agus tugtar eolas ar an gcoinníoll nach n-úsáidfear é i gconspóid dhleathach idir thuismitheoirí an pháiste. Mar sin, tá na structúir seo a leanas ann chun é sin a chur i gcrích:

(a)  Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tacaíocht do bhunú Chumann na dTuismitheoirí go bliantúil. Beidh na haidhmeanna seo a leanas ag Cumann na dTuismitheoirí:

(i)  tacaíocht a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir le dul chun cinn na scoile agus aidhmeanna an Bhoird a chomhlíonadh i measc na dtuismitheoirí, na bpáistí agus an phobail i gcoitinne   mar seo a leanas

ardchaighdeán oideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil sa cheantar.

timpeallacht Ghaelach chúlturtha a chur ar fáil do dhaltaí na scoile agus dá dtuismitheoirí.

oideachas intleachtúil, sóisialta agus pearsanta na bpáistí a chur chun cinn.

(ii)  tacaíocht a thabhairt do na tuismitheoirí agus iad ag iarraidh a ról a chomhlíonadh in oideachas na bpáistí.

(iii)  caidreamh a bhunú idir tuismitheoirí na scoile agus Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí.

(b)  Tabharfaidh an Bord Bainistíochta agus an fhoireann teagaisc deis do na tuismitheoirí cabhrú lena bpáistí foghlaim trí mheán na Gaeilge trí ranganna Gaeilge, trí scéimeanna obair bhaile agus trí leabhráin eolais a chur ar fáil.

(c)  Glacann an Bord Bainistíochta agus an fhoireann teagaisc leis an bpáirt ghníomhach a bhíonn ag tuismitheoirí ag tabhairt tacaíochta do ghníomhaíochtaí curaclaim agus eiscuraclaim (mar shampla teicneolaíocht an eolais, C.A.P.E.R., tionscnaimh léitheoireachta, cócaireacht agus ceachtanna céardaíochta 7rl.)

Built By Digital Crew