Spriocráiteas

Spriocráiteas na Scoile

Is bunscoil lán-Ghaeilge, chomhoideachasúil, Chaitliceach í Gaelscoil an Athar Tadhg Ó Murchú, Gaelscoil na Dúglaise.

Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile do mhúinteoirí, do dhaltaí, do bhainisteoirí, do thuismitheoirí is don fhoireann bhreise is déanfar gach iarracht pobal Gaeilge a chothú sa scoil. Spreagfar na páistí le bheith bródúil as a gcumas sa Ghaeilge is as a gcultúr. Déanfar a gcumas iomlán teanga a fhorbairt.                            

Is é mana na scoile ná 'Doras Feasa Fiafraí' as a spreagfar gach páiste chun fiosrachta i dtreo an eolais trí mheán na Gaeilge. Beidh an páiste in a c(h)roílár den saol scoile agus sé leas an pháiste a bheidh in a bhunchloch de gach cine a thógfar. Cothófar timpeallacht shona shocair in a mbainfidh gach páiste barra a c(h)umais amach go teangeolaíoch, go cogneolaíoch, go sóisialta, go fisiciúil, go h-aestéitiúil, go spioradálta is go mórálta.                                

Tabharfar gach deis ó thaobh cothromas inscne de do gach páiste dul i ngleic le réimse leathan imeachtaí.

Spreagfaidh Gaelscoil an Athar Tadhg Ó Murchú rannpháirtíocht na dtuismitheoirí in oideachas a bpáistí is i saol na scoile trí chaidreamh baile/scoile is trí pháirt a ghlacadh i gCumann na dTuismitheoirí.

Cothófar atmaisféar deachaidrimh bunaithe ar luachanna Caitliceacha sa scoil in a gcuirfear le féinmhuinín na ndaoine éagsúla sa phobal scoile, in a spreagfar na páistí meas a bheith acu ar dhaoine is ar mhaoin agus in a ndéanfar coincheap na féinfhreagrachta a fhorbairt iontu.

Built By Digital Crew