|
Stair Scoile
Stair na Scoile
Bunaíodh Gaelscoil an Athar Tadhg Ó Murchú, Gaelscoil na Dúglaise i Méan fómhair 1985 le 20 páiste ar na rollaí de bharr feachtais a chuir scata tuismitheoirí agus daoine eile gur spéis leo an Ghaeilge agus an Ghaelscolaíocht, i gcrích. Ainmníodh an scoil in onóir an Athar Tadhg Ó Murchú. Sagart na Gaeilge a ghlaoití air i gCathair Chorcaí. I measc na dtréithe a bhain leis, sheas na cinn seo a leanas amach-cráifeacht, tír ghrá ,flaithiúlacht agus greann. Séamas Ó Riain a bhí in a chéad chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta. In a dhiaidh, ceapadh Derek Ó Nualláin mar Chathaoirleach . Bí Áine Bn Mhic Sheáin a bhí ina cathaoirleach ó 1999 go 2007. Sé Tomás Breathnach an cathaoirleach faoi láthair.Ceapadh Máire Uí Chonghaile (atá ina cigire bunscoile anois) mar chéad phríomhoide na scoile i 1985. Chaith Pádraig Mac Fhlannchadha ( atá ina chigire bunscoile anois) seal mar phríomhoide ó 2000. Ina dhiaidh sin Ceapadh Niamh Ní Mhaoláin mar phríomhoide sa bhliain 2002. Ó shin i leith tá fás agus forbairt tar éis teacht ar an scoil. Faoi láthair, tá seacht n- oide déag fostaithe sa scoil le breis is 330 páiste ó naoi thír éagsúla faoin a gcúram.
Thosaigh an scoil amach i seomraí de chuid bráithre na Toirbhirte ar bhóthar na Dúglaise áit ina bhfuil Reeveswood lonnaithe anois. Bhí gaol an -dearfach ag an scoil leis na bráithre ón gcéad lá.
De bharr comhoibriú den scoth idir bhainisteoirí, mhúinteoirí agus thuismitheoirí, bhogamar isteach i bhfoirgneamh úrnua, laistiar den Chuarbhóthar Theas agus taobh le Bóthar Theas na Dúglaise. D’oscail Micheál Ó Máirtín an scoil go hoifigiúil i1996. Bhí ocht seomra ranga in éineacht le halla agus le seomraí breise - seomra foirne, leabharlann/seomra acmhainní, seomra an rúnaí, oifig an phríomhoide sa scoil. Níorbh fhada,áfach, go raibh sé an shoiléir nach raibh an scoil mór a dhóthain agus osclaíodh síneadh scoile le hocht seomra ranga eile agus seomra ríomhaireachta i 2004. Tá Gaelscoil na Dúglaise fréamhaithe i saol an phobail sa Dúglas anois.
|