|
Banna Ceoil
Banna Ceoil

Tá banna ceoil traidisiúnta den scoth i nGaelscoil na Dúglaise.
Tá páistí ó ranganna 1 – 6 páirteach ann. Is iad na huirlisí a bhíonn le cloisteáil ná an veidhlín, an fheadóg mhór, an fheadóg stáin, an Consairtín an meileodeon agus an bodhrán. Sroicheann an banna ard chaighdeán. Sí Máiréad Uí Chorragáin, agus a mac, Fiachra ,atá i bhfeighil ar an ngrúpa.
Is iar-scoláire é Fiachra a sheinneann go minic leis an ngrúpa. Bíonn an chuid deiseanna seinnte ag an ngrúpa. Glacann said páirt i gcomórtas Scór na bPáistí’ go bliantúil. Tá Craobh
na Cathrach “Seandún” buaite acu le dhá bhliain anuas. Bhuaigh 'Ceoltóirí na Mara', Amy Ní Chroinín, Lonnóg agus Síothmhaith Nic Fhlannchadha , Seán O Deasmhúnaigh, Niall O Cathasaigh agus Cian Ducrot Craobh an Chontae amach sa ghrúpa cheoil agus sa ghrúpa bailéad i 2009 agus 2010.
Bíonn an banna cheoil ar an stáitse ag an gCór-Fhéile i Halla na Cathrach i gCorcaigh go bliantúil chomh maith. Seinneann an bhanna cheoil ag maidineacha caife do thuismitheoirí agus do chuairteoirí chun na scoile go rialta. Tá na ceoltóirí seo le cloisteáil ar an dlúthdhiosca “Nollaig Shona” a d'eisigh an scoil i Nollaig ’06. Tá corn feis maitiú The Evening Echo buaite ag an ngrúpa i 2008, 2009 , 2010 agus 2011. Chuir an banna cheoil fáilte roimh an Uachtaráin ar a cuairt chun na scoile i Samhain 2010.

|