Naíonáin Bheaga Múinteoir Caitríona
Rudolf an Fia Rua
Fadó, Fadó, bhí fia rua ann.
Rudolf ab ainm dó.
Rudolf an fia rua
Bhí loinnir ar a shrón chomh maith
Agus dá bhfeicfeá riamh é
Déarfa linn go raibh sé geal”.
Oíche Nollaig bliain amháin
Tháinig San Nioclás
Chuir sé ceist ar Rudolf bocht
“Tar ar thuras liom anocht”
Ansin bhí Rudolf sásta
Mar roghnaigh Daidí na Nollaig é.
“Rudolf an fia rua''
Hip Hip Hip Hip Hurá.
Naíonáin Shóisir Rang Siobhán
Tá San Nioclás ag Teacht Anseo Anocht.
Cé a bheidh ag teacht anocht
Agus sinne in ár luí?
Cé hé féin ach San Nioclás
Mar is Oíche Nollag í!
Cad a bheidh ag San Nioclás
Istigh sa charr sleamhnáin?
Sac mór láidir lán go béal –
Bronntanais agus bréagáin.
Féach an crann Nollag.
Féach na féiríní,
Féach na páistí beaga,
Tá said ina luí
Tá San Nioclás ag teacht
Anseo anocht.
Ó Hata dearg,
Is féasóg bhán,
Buataisí dubha
Agus mála lán,
Tá San Nioclás ag teacht anseo anocht.
Naíonáin Shinsir Muinteoir Kim
An t-Aingilín
Oíche an fhuar a bhí ann
Bhí na haoirí ar fad ina gcodladh
Ach amháin buachaill beag darbh ainm Micah
Bhí sé siúd ina dhúiseacht mar bhí sé ag tabhairt aire dos na caoirigh
Go tobann líon an spéir le h-aingil
Agus bhí an t-aer lán de cheol
Ná bíodh aon eagla ort arsa an ardaingeal
Tá scéal iontach agam daoibh
Tháinig leanbh nua ar an saol anocht d’arbh ainm Íosa
Tá sé sa stábla i mBeithil
Ar aghaidh linn
Suas, Suas suas leis na haingil
D’éirigh an ceol níos boige
Bhíodar imithe
Bhí an haoirí ina ndúiseacht anois
Scread siad
Scéal iontach go deimhin ! Ar aghaidh linn go Beithil
Níl cead agat teacht linn a Mhicah
Tabhair aire dos na caoirigh
Bhí an oíche dubh dorcha
Agus bhí Micah sceimhlithe
Sceimhlithe go dtiocfadh an mactíre
Chuala Micah guth bog
Cabhraigh liom ! Cabhraigh liom !
D’fhéach sé timpeall
Bhí aingilín greamaithe sa chrann agus a sciatháin scriosta aici
Táim greamaithe anseo i m’aonar agus tá na haingil eile imithe go Beithil
Caithfidh mé dul go Beithil leo. Deiseoidh an t-ardaingeal mo sciathán
Táim i m’aonar chomh maith .Cabhróidh mé leat ach caithfidh me fanacht leis na caoirigh
Cá bhfuil na caoirigh?
Ó A Thiarcais, Beidh mé i dtrioblóid b’fhéidir gur tháinig an mactíre gránna
Tar liom go Beithil
Ar aghaidh leo i dteannta a chéile, láimh i láimh
Go luath ina dhiaidh sin léim Mactíre mór groí gránna amach
Bhí Micah sceimhlithe
Is aoibhinn liomsa ainmhithe arsa an t-aingilín
Agus thosaigh sí ag déanamh spraoi leis an mactíre
Ar aghaidh leo triúr i dteannta a chéile láimh i láimh
Bhí áthas an domhain ar Mhicah nuair a chonaic sé na caoirigh ar fad i mBeithil
Chuala siad na haingil arís
Chuaigh an t-aingilín, Micah agus an mactíre isteach sa stábla.
Cé a bhí ann ach an Mamaí, an Daidí , an t-asal , an bhó agus an leanbh Íosa,
Bhí siad sona sásta
Nuair a tháinig siad amach bhí an t-ardaingeal ann
Deiseoidh me do sciatháin
Thóg Micah na caoirigh thar n-ais
Cabhraigh a chairde nua an t-aingilín agus an mactíre leis. Ní raibh aon eagla air anois
Gach Nollaig as sin amach nuair a bhí Micah ag tabhairt aire dos na caoirigh, Tháinig an t-aingilín ar cuairt.
Naíonáin Mhóra Múinteoir Karla
An Fear an Phoist Gealgháireach
Athchóirithe ag Karla Ní Leannáin
Ar Oíche Nollag fadó , fadó
Ar thuras a d’imigh gach aon treo
Fear an phoist amuigh ar a rothar
I gcónaí gealgháireach is é ag obair
Mála mór lán ar a dhroim
Calóga sneachta go bog ag titim
Tháinig gan mhóill ar an gcéad tigh,
Trí bhéar ag maisiú crann Nollag istigh.
As go brách le fear an phoist arís
Is chonaic triúr seinnteoir fidil ar bís
Spúnóg agus babhla go tapaidh ag teitheadh
Gas Pónaire mór sa ghaoth ag séideadh
Seachtar abhac ar bharr an chnoic
I bhfolach sa choill an sionnach glic
Diaidh ar ndiaidh an tarna tigh
Cochaillín Dearg is a seanmháthair istigh
Ar ais ar an rothar uair amháin eile
Is lean sé ar aghaidh tuairim is míle
Bhí an spéir os a chionn ag éirí dubh
Is thosaigh an sneachta ag titim go tiubh
Tháinig sé go balla leac oighir os a chomhair
Is doras beag draíochta déanta d’óir
Isteach leis go ceardlann álainn maisithe
Lán de bhréagáin is de bhronntanais ildaite
Arsa guth deas cáirdiúil ‘Nach dtiocfá isteach’
San Nioclás a bhí seasta roimhe amach
‘Tá roinnt litreacha breise anso’ im’ mhála
bhí an tádh liom teacht ort i ndeireadh na dála’
‘Bíodh cupán tae agat i mo theannta
Is tógfaidh Rudolf abhaile tú thar na gleannta’
Bhí comhrá breá ag an mbeirt le chéile
Tógtha go mór le h atmasféar na féile
‘Tá sé in am dul anois ar fud na cruinne
Le rogha bronntanais gach aon duine
Trasna na spéire le ‘Hó Hó Hó’
Oíche Nollag a thárla fadó fadó.
Rang 1 Múinteoirí Tricia agus Nóra
Babúisce
Fadó, fadó bhí seanbhean ina a cónaí sa Rúis.
Babúisce an t-ainm a bhí uirthi.
Chaitheadh Babúisce an lá ar fad ag obair – ag cócaireacht is ag sníomh is ag glanadh an tí.
Lá amháin chuala Babúisce cnag ar an ndoras.
D’oscail sí é.
Bhí triúir fear uasal ann.
“Táimid ag dul go Beithil chun an leanbh Íosa a fheiscint. An dtiocfá in éineacht linn?”
“Ní féidir liom. Tá an tigh le glanadh agam. Ach tagaigí isteach agus bíodh cupán tae agaibh.”
“Ní féidir linn. Tá turas fada romhainn”.
D’fhág an triúir fear uasal slán ag Babúisce agus bhuaileadar bother arís.
An oíche sin, agus í ag suí cois tine, thosaigh Babúisce ag cuimhneamh ar an dtriúr fear uasal a bhuail isteach chuici an lá sin.
“Ba mhaith liom dul go Beithil. Ba mhaith liom an leanbh Íosa a fheiscint. Tá aiféala orm anois nár chuas in éineacht leis an dtriúr fear uasal.
D’éirig Babúisce agus thosnaigh sí ag cur a cuid balcaisí le chéile.
Chuir sí bréagáin i mála don leanbh.
Ansin bhuail sí bother ar thóir an triúr fear uasal.
Shiúil Babúisce de ló is d’oíche.
Shiúil sí bailte agus coillte, sléibhte agus gleannta.
Ach mo lean! Tásc ná tuairisc ní raibh ar an triúr fear uasal.
Bhíodar i bhfad ó bhaile ag tarrac ar Bheithil.
Agus cad faoi Bhabúisce.
Deirtear go bhfuil an bhean bhocht fós ag siúil bailte agus coillte, sléibhte agus gleannta na Rúise.
Agus í ag tabhairt bréagán é’aon leanbh a ghabhann ina treo.
Rang 1 Múinteoir Eamonn
Rudolph – Amú i gCorcaigh
Éirigh suas a Dhaidí
Cuir do stocaí ort
Tá na fia réidh anois
tá siad ag fanacht ort
ÓÓÓ ÓÓÓÓ tá go maith
Dasher Dancer Prancer Vixen Comet Cupid Donner Blitzen. Cá bhfuil Rudolph?
D’imigh sé go Corcaigh dhá nóiméad ó shin?
Gan mise, ar aghaidh linn mar sin,
hup, hup, hóhó
D’imigh Daidí na Nollag
leis na reinfhianna
ón Phol Thuaidh
ar thóir ar an bhfia ---- Rudolph
hia – hia – hip hip
Fionnlainn, Sualainn, Iorua, Albain,
Sasana, An Bhreatain, Corcaigh
úúúúúúúúúúú
Sheas rud éigin go hard
thuas sa spéir
Cé a bhí ann
Ach Clíona Sioráf
Agus a ceann san aer
Fáilte go Fóta
A Dhaidí agus na reinfhianna
Ach tá sibh ró-luath i mbliana
Níl sé ach an 1 lá de Mí Eanair
Clíona a chroí,
Ag tóraíocht Rudolph atáimid,
D’imigh sé uainn
Áit éigin Cois Laoi
hup hup hóhó - Slán go fóill
óóó, féach ar sin
Iasc ag snámh
istigh i scamall
Scamall ! Éist le sin (cloigíní)
d’eitil siad thar an iasc,
agus é ag snámh
Ar bharr Shandon atá sé
Sin mar atá
cloigíní
hup hup hóhó
Rudolph, cá bhfuil tú
cuirfidh mé ceist ar an
Aingeal sin thall
A Aingeal Óir Naofa,
Ar bhruach na Laoi
An bhfuil clú agat cá bhfuil Rudolph
Tá sé amú i gCathair Chorcaí
Thaispeáin mé an áit do Fhionn Barra,
don Eaglais cois Laoi
Níl ach áit amháin go bhfuil sé
Tá sé ag guí in ómós don Rí
Ar aghaidh libh go dtí an Loch
Lean an t-eala sin thall
Fáilte go Corcaigh
Lár chroí an Domhain
Áááá, sin é Rudolph, tá sé ag guí don Rí sa mháinsir i lár an Loch – canaimid leis
A Íosa sa mhainséar,
ar an oileán sa lochaín,
Chomh ciúin le eala,
ina chodladh sa tuí
A Íosa mo stóirín,
seo duit mo phaidirín
Codladh sámh agus fáilte,
Cois locha i gCathair Chorcaí
Rang 3 Muinteoir Jacinta
Scéal na Nollag
Fadó, fadó bhí cónaí ar chailín óg- Muire i mbaile beag i bhfad bhfad ón áit seo. Nazareth ab ainm don bhaile bheag. Bhí Muire geallta le Iosaef an súinéir.
Lá amháin tháinig an t-aingeal Gabriel chuig Muire le dea -scéal. Dúirt sé leí:
Aingeal: Ná bíodh aon eagla ort, a chroí. Tá scéal iontach agam duit. Beidh báibín agat a Mhuire. Báibín agat féin.
Beidh báibín agat a Mhuire, Íosa Mac Dé.
Bhí Caeser Agust an t-Impire Rómhánach buartha.Ní raibh a fhios aige cé mhéad duine a bhí ina chónaí sa tír. Theastaigh uaidh a fháil amach.
Bheartaigh Caeser go gcaithfeadh gach duine dul go dti a bhaile féin chun a ainm a scríobh sa leabhar mór.
Muire: A Iosaef, caithfimid dul go Beithil.
Iosaef: Ceart go leor a Mhuire. Ullmhóidh mé an t-asal le h-imeacht anois.
Ceol: Little Donkey
Bhí an bóthar fada agus bhí siad ag éirí tuirseach. Nuair a shroich siad Beithil bhí siad tuirseach traochta.
Bhí beithil plódaithe. Bhí an baile dubh le daoine agus ní raibh leaba ar bith ar fáil don lánúin óg. Bhuail Iosaef cnag ar an gcéad doras.
CNAG
Iosaef: An bhfuil aon áit agat dúinn?
Níl áit ar bith anseo. Tá an teach lán.
Agus dhún siad an doras de phlab.
Bhuail sé ar an dara doras.
CNAG
Iosaef: An bhfuil aon áit agat dúinn le do thoil?
Ta an teach seo lán. Níl aon áit anseo.
Agus dhún siad an doras de phlab.
Bhuail sé ar an triú doras. CNAG
Iosaef:An bhfuil áit ar bith anseo?
Tá Muire ag súil le báibín.
Níl áit ar bith anseo faraoir, ach ta stábla amuigh sa chlós. Tá fáilte romhaibh fanacht ann.
Muire / Iosaef: Go raibh míle maith agat.
Bhí an stábla te teolaí. Bhí bó agus asal ann. Tharla rud iontach an oíche sin.
Rugadh an leanbh Íosa.
Thóg Muire ina bhaclainn é agus luasc sí go deas réidh é.
Scaip an scéal ar fud an bhaile.Tháinig an saol is a mháthair chun féachaint ar an mbáibín nua seo.
Thuas ar na sléibhte bhí aoirí ag tabhairt aire dos na caoirigh.
Bhí sé fuar agus bhíodar ina suí timpeall ar an dtine.
Thosaigh na caoirigh ag méileach. Go tobann chuala siad an ceol is binne a chuala siad riamh.
Ceol....Gloria.
Chonaic siad aingeal. Bhi an-fhaitíos orthu ach labhair an t-aingeal leo go cneasta.
Ná bíodh faitíos oraibh. Tá dea-scéal agam. Rugadh an leanbh íosa anocht i mBeithil. Síos libh chuig an mbaile beag. Feicfidh sibh é ina luí sa mhainséar.
Chuaigh siad isteach sa stábla agus chonaic siad an baibín Íosa.
Thug siad bronntanaisí beaga dó
Seo duit cáis mar bhronntanas.
Seo duit uainín mar pheata.
Seo duit seitheach chun tú a choinneáil te teolaí. Tá sé an-fhuar.
Go raibh míle maith agaibh.
I bhfad ,i bhfad ón áit sin bhí triúir saoi. Bhíodar an-chliste agus léigh siad i leabhar faoi bháibín speisialta a bhí le teacht ar an saol agus faoi réalt nua a bheadh le feiscint sa spéir.
Chonaic mé réalt nua sa spéir anocht.
Ta rí nua saolaithe.
Caithfimid é a lorg. Leanfaimid an réalt.
Chuaigh an triúir; Casper, Balthasar agus Melchior chun an leanbh Íosa a fheiscint. Bhreith siad bronntanais leo ór, tuis agus miorr.
Thugadar na bronntanais don leanbh ina luí sa mháinséar.
Sin é sceal an Chéad Nollaig riamh. Guím Nollaig faoi shean is faoi Mhaise duit féin is do chuid.
Rang 3/4 Múinteoir Maria
Síóg na Nollag
le Colm O Dubhghaill
Oíche Nollag amháin bhí Daidí na Nollag ag ullmhú le haghaidh turas agus d’iarr sé ar na síoga na réfhianna go léir a ullmhú chomh maith. Bhí síog amháin ann a bhí díreach taréis tosnú amach ag obair do Dhaidí na Nollag. Thug sé alán milseáin do Rudolf. Ansin fuair Rudolf ‘sugar rush’ agus d’éirigh sé an-giodamach. Rith sé isteach sa falla agus fuair sé bás. Bhí an-bhrón ar Dhaidí na Nollag Rudolf a chailliúnt mar sin agus thug sé bata agus bóthar don síóg.
Tamaillín beag ina dhiaidh sin, bhí sé in am imeachta do Dhaidí na Nollag. Thosaigh sé an carr sleamhnáin agus ar aghaidh leis. Ach gan Rudolf agus a shrón, ní raibh sé abálta aon rud a fheiceáil. Cúpla soicind ina dhiaidh sin bhuail Daidí na Nollag isteach i solas sráide. Thit an carr sleamhnáin go talamh. Bhí Daidí na Nollag gortaithe go dona. Ní raibh sé in ann siúil.
Ach bhí an t-ádh leis. Cé a chonaic sé ansin ag teacht ina threo, ach an síóg céanna a chaill a phost. Scread Daidí na Nollag air.’Tar anseo,’ ar seisean. ‘Cad tá cearr leatsa?’ arsa an síóg leis. ‘An féidir leat cabhrú liom? Má chabhraíonn tú liomsa gheobhaidh tú do jab ar ais,’ arsa Daidí na Nollag leis. Mar sin chabhraigh an síóg le Daidí na Nollag. D’éirigh leis cathaoir rotha a fháil dó. In airde leo ar an gcarr sleamhnáin chun na bronntanais a thabhairt amach do na tithe. Ní raibh Daidí na Nollag ábalta bogadh mar sin bhí ar an síóg iad a chaitheamh anuas ón gcarr sleamhnáin. Thit cúpla ceann ar dhíon ach d’éirigh leis an chuid is mó díobh a chur isteach sa simléar. Ina dhiaidh sin bhí ar Dhaidí na Nollag dul chuig ‘Accident and Emergency’ sa Mhol Thuaidh agus ag an deireadh bhí sé ceart go leor arís
An Nollaig le Amy Ní Mhasúin
Tá an Nollaig ag teacht, hip hip horray,
Beidh turcaí againn le haghaidh an tae,
Beidh crann Nollag againn le soilse daite,
Bhí an teach go h-álainn an bhlian seo caite,
Scríobhfaidh mé litir chuig Santa go luath,
Bíodh sé in am don bhronntanas nua,
Taitníonn an Nollaig le gach páiste ar domhain
Is breá linn an réalt ar bharr an chrainn.
Rang 5 Múinteoir Denise
Stille Nacht
Fadó , Fadó san Ostair bhí sagart ann darbh ainm, Joseph Mohr. Bhí lag mhisneach air faoi orgán an tseipéil mar ní raibh sé ag obair. Ní raibh aon airgead acu chun é a dheisiú agus bhí sé loitithe ag na lucha…….Thriail sé arís é …..Ní raibh gíog as!
‘A Thiarna, Cabhraigh liom, níl pingin rua fágtha againn agus níl aon réiteach agam ar an bhfadhb’
Amach leis go Teach an tSagairt agus shuigh sé síos leis féin. Smaoinigh sé agus smaoinigh sé ….faoi dheireadh thosaigh sé ag scríobh !
’Stille Nacht, Heilige Nacht’
Nuair a bhí an píosa ar fad scriofa aige rith sé amach chuig an t- orgánaí , Franz Gruber, a bhí ina chonaí in aice leis
Franz cabhraigh liom! Scríobh píosa ceoil don dán seo led’ thoil !
Déanfaidh mé mo dhícheall Seosamh ach níl morán ama againn roimh aifreann!’
Thóg Franz a ghiotar amach agus thosaigh sé ag seinnt ! An tráthnóna céanna bhí cleachtadh ag an gcór sa seipéal. Bhí ionadh orthú nuair a dúirt an sagart go raibh iomann nua aige dóibh.…Cad é seo.,.amhrán nua..níl an tam againn ceann nua a fhoghlaim
An oíche Nollag sin in 1818 a.d chuala an pobal sa seipéal in Oberndorf, in aice le Salzburg an tAthair Seosamh, a chara Franz agus an cór ag canadh ‘Stille Nacht’ don chéad uair riamh.
Stille Nacht, Heilige Nacht,
Alles schlaft, einsam wacht,
Nur das traute, hochheilige Paar,
Holder knabe im lockigen Haar.
Schlaf in himmlisher Ruh,
Schlaf in himmlisher Ruh.
Stille Nacht, Heilige Nacht,
Alles schlaft, einsam wacht.
Herten erst kund gemacht,
Tont es laut von vern und nah,
Durch der Engel Halleluja,
Christ, der Retter, ist da! Christ der retter ist da.
Rang 6 Múinteoir Brídín
Chanson pour les enfants l'hiver
Dans la nuit de l'hiver
Galope un grand homme blanc.
Galope un grand homme blanc.
C'est un bonhomme de neige
Avec une pipe en bois
C’est un grand homme de neige
Poursuivi par le froid.
Il arrive au village
Il arrive au village
Voyant de la lumière, le voilà rassuré.
Dans une petite maison, il entre sans frapper.
Dans une petite maison, il entre sans frapper.
Et pour se réchauffer
Et pour se réchauffer
S'asseoit sur le poêle rouge
Et d'un coup disparaît.
Ne laissant que sa pipe
au milieu d'une flaque d'eau
Ne laissant que sa pipe
et puis son vieux chapeau.