|
Creideamh
Creideamh
Is tábhachtach, dar linn go mbeadh an páiste sa Ghaelscoil saor chun fás le dinit: go mbeadh meas aige air féin mar dhuine, ar a chomhdhaltaí agus ar a mhúinteoirí. Spreagtar é trí iompar go mbeifí ag súil leis ó dhuine óg go bhfuil meas aige air féin.
In atmasféar ina nochtar an grá agus an meas, is é ár ndóchas go bhfásfaidh sé sa chreideamh agus sa spioradálacht.
Tá an scoil seo faoi phátrúnacht Easpag Caitliceach Chorcaí agus Rois ach tá fáilte roimh gach aicme creidimh. Tógtar ceachtanna creidimh go laethúil 12.00 - 12.30. Leantar an clár ‘Beo go Deo’.
Tá gaol an -dearfach ag an scoil leis na sagairt i bparóiste na Dúglaise.
Ullmhaítear na daltaí i gcomhair Sacraimintí na hAithrí agus na hEochairiste, agus don Chomhneartú. Cuirtear leabhrán de na paidreacha, na hiomainn agus na seirbhísí faoi leith ar fáil mar chabhair do thuismitheoirí.
|