Rang 5 - Denise

Rang 5- Múinteoir Denise  

Dia Dhaoibh,

Fáilte go leathanach Rang a Cúig.

Bhíomar an- ghnóthach an téarma seo. Scríobhamar litir go Máire Mhic Ghiolla Íosa chun cuireadh a thabhairt di teacht ar cuairt chuig na scoile an bhliain seo chugainn chun cómoradh oscailt na scoile 25 bliana a cheiliúradh linn .Rinneamar staidéar ar an oráid a thug sí nuair a inshealbhaíodh í mar Uachtarán na hÉireann i 1997. Rinne sí tagairt don bhfile Christopher Logue san oráid agus rinneamar staidéar ar an dán ar labhair sí faoi san oráid ‘Come to the Edge’. Fuaireamar inspioráid as an dóchas a bhí ann dúinn mar todhchaí na hÉireann.

Sa litir labhraiomar faoi na háiseanna faoi leith ata againn sa scoil agus an scoil iontach ata againn. Is bean uasail í le árd – mheas ar an ngaeilge agus táimíd ag suil go mór lena freagra.

Bhogamar ar aghaidh chuig an Ghréig  Ársa agus rinneamar tionscnamh ar Héilin na Traí. Dhíriomar isteach ar an saor scríbhneoireachta nuair a scríobhamar an scéal faoi Chapall Adhmaid na Trai agus an tionchar a bhi ag Héilin ar stair na Gréige. D'úsáideamar ár bhfráma scríbhneoireachta chun órd agus eagar a chur air.

Thangamar thar n-ais ansin go héirinn. Chuireamar  spéis in oráid Phádraig Mac Phiarais agus na seifteanna  a  d'úsáid  sé chun daoine a spreagadh. Bhíomar in ann an difríocht a aimsiú idir an meon a bhí aige i leith cogaí agus an meon a bhí ag an bhfile Wilfred Owen ina chuid filíochta.

Taitníonn an gairdín go mór linn agus táimíd ag súil go mór lenár turasanna atá leagtha amach ós ár gcomhair agus sinne ag druidim níos cóngaraí don Samhradh.

                    

Built By Digital Crew