|
Rang 4/5 Caoilfhionn
Rang 4/5 - Múinteoir Caoilfhionn
Dia is Muire daoibh!
Tá go leor ar siúl againn thuas i rang a 4/5 i mbliana. Bhíomar thar a bheith gnóthach leis na “Scríobh Leabhar” le déanaí. Scríobh rang a 4 leabhair bunaithe ar “athchomhaireamh” agus rang a 5 leabhair bunaithe ar “léiriú ceiste”. Thaitin sé go mór linn na leabhair seo a scriobh agus a dhearadh. Tá súil againn gur bhain sibhse taitneamh as iad a léamh!
Rinneamar frámai as cairtcláir agus mhaisigh muid iad le deanaí. Féach ar na samplaí thíos, nach deas iad!
Bionn muid ag imirt iomanaiocht le Eddie chuile sheachtain. Dá bhfeicfeá cé chomh maith is atá muid anois ní chreidfeá é. Tá scileanna láimhe, piocadh agus bualadh déanta againn agus anois bionn muid ag imirt cluichi chun iad a chur i bhfeidhim. Is breá linn an iomanaíocht. Tá cuid againn ag imirt le rang 5/6 i Sciath na Scol faoi láthair ‘is tá ag éiri go maith linn. Slán go fóill!
|