Rang 1 Bríd/Maria

  Rang 1 A
 
Cad a thárlaíonn nuair a bhuaileann beirt róbó lena chéile? Cuir ceist ar éinne againn i Rang 1 agus gheobhaidh tú freagra.Thosaigh sé le bailiúcháin de mhiotal, ór, airgead, páipéar daite, irisleabhair agus sean-ghiúirléidí ón mbosca uirlisí sa bhaile. Ní raibh uainn ina dhiaidh sin ach ár samhlaíocht, siosúir agus roinnt mhaith pva!
 Féach anois ar na carachtair atá cruthaithe againn; tá siad lonrach, ildaite agus réidh léimt amach as an leathanach ort nach mór. Cuid acu tá cónaí orthu ar phlainéid eile, cuid acu i monarchain rúnda agus cuid eile acu ina gcónaí ar bhogha báistí fiú. Ach bí aireach, mar tá seans maith ann go bhfuil ceann díobh imithe ar strae áit éigin sa Dúglas! 
Built By Digital Crew