Naíonra
Tá an t-ádh dearg linn go bhfuil Naíonra den scoth faoi stiúir Eibhlín Mhic Pharthaláin lonnaithe i nGaelscoil na Dúglaise. ( 021-4898526)
Séard atá i gceist le naíonra ná grúpa páistí idir
3 – 5 bliain d’aois agus stiúrthóir a thagann le chéile ar feadh cúpla uair a chloig sa lá chun a bheith ag imirt is ag foghlaim tríd an imirt.
Bíonn dhá phríomhaidhm ag an naíonra:
-
cabhrú leis an bpáiste é/í féin a fhorbairt ar gach slí:
-
cabhrú leis an bpáiste an Ghaeilge a shealbhú nó a c(h)umas labhartha sa Ghaeilge a chur chun cinn agus í a úsáid mar ghnáth theanga chumarsáide.
Bíonn réimse fairsing gníomhaíochtaí agus cluichí ar siúl ag an bpáiste sa naíonra, ag imirt le gaineamh agus le huisce agus ag spraoi le bréagáin oiriúnacha.
Cuirtear béim ar an ealaíon agus ar an gceardaíocht. Déantar réamhobair don léitheoireacht, don scríbhneoireacht agus don mhatamaitic. Is í an Ghaeilge amháin a úsáideann an Stiúrthóir chun é seo go léir a eagrú agus a phlé leis na páistí.
Sealbhú na Gaeilge sa Naíonra:
Sa naíonra ní chuirtear brú ar aon pháiste an Ghaeilge a labhairt. Creidtear gur trí sheans a thabhairt don pháiste éisteacht le Gaeilge, go sealbhóidh sé/sí an dara teanga, díreach mar a rinne leis an gcéad cheann ,trí éisteacht, trí thuiscint, trí aithint focal
agus struchtúr agus de réir a chéile trí fhrásaí agus abairtí a chur le chéile dó/di féin.
Anuas ar na gnáthbhuntáistí a bhaineann le haon saghas réamhscolaíochta fónta, is fiú go mór leas a bhaint as an gcumas ar leith atá ag páistí réamhscoile chun teanga a shealbhú agus as struchtúr an naíonra mar ionad idéalach chun teanga a fhoghlaim. Bíonn an chaint bunaithe ar na rudaí a bhíonn ar siúl ag an bpáiste, ar na bréagáin agus ar an trealamh os a c(h)omhair amach, agus bíonn focail an Stiúrthóra sothuigthe ón gcomhthéacs. Bíonn na gníomhaíochtaí agus na cluichí páistí ann go rialta agus frásaí ceangailte leo. Bíonn seans ag gach páiste labhairt leis an Stiúrthóir agus a bheith ag caint. Bíonn an teanga nua ceangailte le duine, le hionad agus le himeachtaí ar leith.
Gach Eolas: 021-4898526 Gaelscoil na Dúglaise
We are delighted in Gaelscoil na Dúglaise to have Naíonra na Dúglaise on our premises under the very able direction of Eibhlín Mhic Pharthaláin.Our Naíonra is a group of children of between 3 – 5 years of age who come together for a few hours each day, under the guidance of a Stiúrthóir or leader, to play and to learn through play.
The naíonra has two main objectives:
to help the child to develop in every way.
to help the child acquire Irish or to improve his/her knowledge of Irish by using it as the means of communication.
The child will be involved in a wide range of activities and games, using sand and water as well as playing with appropriate toys. Art and craft activities are emphasised. Some preliminary work is done in the development of the skills involved in reading, writing and mathematics. Irish is the only language used by the Stiúrthóir in organising and discussing these activities with the children.
Acquisition of Irish in the Naíonra
In the naíonra, no pressure is put on any child to speak Irish. The idea is that the child will acquire this second language in the way in which he/she acquired the first – by listening, understanding, isolating words and structures and, eventually producing words, phrases and sentences.
Apart from the general advantages of good pre-schooling, there are additional benefits to be gained from exposing a child to a second language at this level. The pre-school child is already actively involved in language learning and the naíonra presents an ideal situation for that purpose. The activities and the language associated with them, are based on real toys and equipment; words used by the Stiúrthóir are self-explanatory from their contexts or can be linked to actions and recurring events. Every child has plenty of opportunity to talk and speak with the Stiúrthóir. The new language is associated with a person, a place and certain activities.
After-care facility 12.00-2.30 (cúram iarscoile) available.
Long established service and reputation.
Children acquire Irish in an enjoyable way.
Caters for holistic development of child.
Caring experienced and qualified staff.
Service in compliance with Child Care (Pre-school Regulations 1996).
Gach Eolas: 4898526 Gaelscoil Na Dúghlaise