Polasaí i gCoinne na Bulaíochta
(le léamh in éineacht leis an gcód Smachta)
Réamhrá
Chuir foireann teagaisc Gaelscoil an Athar Tadhg Ó Murchú/Gaelscoil na Dúglaise an polasaí seo le chéile i gcomhairle le tuismitheoirí agus Bord Bainistíochta na scoile. Leanadh treoracha ón Roinn Oideachas dár teideal “Drawing up a school policy for Dealing with Bullying Behaviour” agus an polasaí á dhréachtadh. Cuireadh foilseacháin atá tagtha ar an saol ó shin san áireamh freisin. Thug an Bord Bainistíochta faofadh don pholasaí seo ar an 15/6/04
Réasúnach
- Cuireadh an polasaí le chéile chun:
- Straitéisí chun bulaíochta a chosc agus déileáil leis a aontú
- Feasacht agus forbairt a dhíriú ar iompar na bulaíochta i bpobal na scoile.
- Oideachas den chéad scoth a chur ar fáil do pháistí uile na scoile i dtimpeallacht foghlama atá socair sábháilte.
Gaol le sainmheon na scoile.
Is Gaelscoil Chaitliceach í seo agus beidh tiomantas ag an bpolasaí seo d’éiteas na scoile dá réir.
Glacann Gaelscoil na Dúglaise leis an gceart atá ag gach ball de phobal na scoile taitneamh a bhaint as an scoil i dtimpeallacht shábhálta.
Aithníonn Gaelscoil na Dúglaise sainiúlacht gach pearsa agus a f(h)iúntas mar dhuine daonna.
Cothaíonn Gaelscoil na Dúglaise dea-thréithe an fhreagracht phobail, caoinfhulaingt agus tuiscint i measc an phobail scoile taobh istigh agus taobh amuigh den scoil.
Cothaíonn Gaelscoil na Dúglaise dea-nósanna féin mheasa, féinsmachta agus freagrachta i measc an phobal scoile.
Séanann Gaelscoil na Dúglaise iompar atá gáirsiúil, seicteach, cine dheighilteach, gnéas-dheighilteach, nó ionsaitheach i slí eile i measc an phobal scoile.
Déanann Gaelscoil na Dúglaise tréan iarracht chun lorg dearfach agus bua a fhágaint ar dhearcadh agus ar luachanna na scoláirí tríd gnéithe áirithe den Churaclam.
Tugann Gaelscoil na Dúglaise aire faoi leith do pháistí atá “i mbaol” agus úsáidtear na córais feitheoireachta chun tacú leo. A luaithe agus is gá, freastalaítear ar na riachtanais nó ar an gcúis imní atá ag daoine i slí mhothálach. I measc na gcórais feitheoireachta a úsáidtear, cothaítear modh éisteachta/inste, pléitear cásanna faoi leith i measc ball an fhoireann teagaisc is ag cruinnithe foirne de réir mar is gá.
Déanfar gach tuairisc ar ócáidí bulaíochta a fhiosrú agus déanfaidh an fhoireann teagaisc síor fhéitheoireacht ar chásanna in a dtarlaíonn bulaíocht.
Aithníonn Gaelscoil na Dúglaise an gá atá le comhoibriú na dtuismitheoirí ó thaobh ócáidí bulaíochta a chur in iúl don fhoireann theagaisc agus ó thaobh slite chun tacú leis an scoil ócáidí bulaíochta a sheachaint is a réiteach.
Tá comhfhreagracht ar bhaill foirne faoi threoir an phríomhoide gníomhú i gcoinne iompar bulaíochta nó iompar ionsaitheach i measc aon bhall den phobal scoile.
Tá sé d’acmhainn ag a scoil athrú mar thoradh ar riachtanais na bpáistí a aithint.
Aithnímid an riachtanas atá ann ní hamháin maoirseacht ar bhulaíocht a dhéanamh ach é a sheachaint chomh maith.
Tá seans go dtiocfaidh athraithe as seo ag brath ar an reachtaíocht agus ar chiorcláin na Roinne a thiocfaidh chun cinn.
Aidhmeanna
- Aetós a chothú a spreagann páistí chun eachtraí bulaíochta a chur in iúl agus a phlé.
- Cur in iúl do chách (Bord Bainistíochta, múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí/caomhnóir).
- Deimhin a dhéanamh de go bhfuil feitheoireacht chuí ar siúl ar gach gníomhaíocht scoile.
- Córas cuí a leagadh amach chun eachtraí bulaíochta a chlárú agus a chur in iúl.
- Céimeanna cuí chun eachtraí bulaíochta a iniúchadh agus a réiteach.
- Clár tacaíochta a dhéanamh d’íobartaigh bulaíochta agus dóibh siúd atá gafa le hiompar bulaíochta.
- Comhoibriú le heagrais áitiúla atá gafa le cláracha frith bhulaíochta.
- Athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bpolasaí fríth bhulaíochta.
Sainmhíniú ar bhulaíocht:
Ciallaíonn bulaíocht ionsaithe leanúnacha idir ó bhéal shíceolaíoch nó fhisiciúil, a dhéanann duine nó grúpa ar dhaoine eile go mion minic.
Bulaíocht is ea:
- (a)Ionsaí fisiciúil.
- (b)Damáiste.
- (c)Scanradh.
- (d)Scanrú
- (e)Ciapadh.
- (f)Glaoch ainmneacha.
- (g)Magadh.
- (h)Aonrú
- (i) Bulaíocht a dhéanamh ar bhaill foirne
Comharthaí Bulaíochta
- Drogall ar pháiste labhairt faoi eachtra cé gur léir go bhfuil sé/sí corraithe.
- Damáiste gan chúis ar ghiuirléidí an pháiste mar shampla
- Éadaí, mála scoile araile.
- Gníomhaíochtaí nó ráitis atá go neamhghnách.
- Dochair pearsanta
- Ionsaí fisiciúil.
- Tinneas pearsanta rialta.
- Conlú chuige – chuici féin agus easpa fonn cumarsáide.
- Easpa fonn scolaíochta.
- Iarrataisí i gcomhair airgid.
- Corraithe gan chúis.
- Caighdeán acadúil íslithe.
- Comharthaí imní m.sh. easpa codlata.
Cosc ar bhulaíocht
De réir na litreacha ón Aire Oideachais tá an iompar bulaíochta comhnascaithe leis an gcód iompar ginearálta scoile, smacht agus mí-úsáid pháistí.
De réir taighde idirnáisiúnta léirítear an tábhacht a bhaineann le céimeanna cinnte chun déileáil le iompar bulaíochta a bheith mar chuid de cód smachta na scoile. Deirtear gurb é seo an bealach is éifeachtaí chun iompar bulaíochta a sheachaint i scoil.
Tá tábhacht ag baint le ról an baile chun bulaíochta a chosc ach tá an tionchar scoile an-thábhachtach. Caithfear an cód bulaíochta a dhéanamh amach le ionchur foireann na scoile agus dul i gcomhairle le tuistí agus páistí. Mar thoradh ar seo beidh gach éinne ar aon intinn faoin bpolasaí. Tá sé riachtanach go mbeidh tuiscint ag gach éinne go bhfuil baint acu leis an scoil ar aidhmeanna agus clár an pholasaí má tá an polasaí chun bheith mar bhunús do straitéisí scoil bhunaithe chun déileáil leis an bhfadhb.
Feasacht a fhorbairt
Lá pleanála sa scoil.
An cod bulaíochta a chuir os comhair na tuismitheoirí ar lá ar leith. Tabharfaidh sé seo an t-eolas cuí dóibh faoi cad is féidir leo a dhéanamh má tá baint lena bpáiste le eachtra bulaíochta.
Feitheoireacht agus monatóireacht leanúnach á dhéanamh ar fud na scoile go h-iomlán. Ní h-amháin ag múinteoirí ach ag foireann iomlán na scoile i.e. cúntóirí ranga, foireann chúnta agus múinteoirí seachtracha a thagann isteach.
Caithfear scéimeanna a fhorbairt chun go mbeidh tuismitheoirí agus caomhnóirí páirteach freisin.
An Curaclam
- Naíonáin – Rang 2: Feasacht a fhorbairt sna h-ábhair.
- Gaeilge: Comhrá neamhfhoirmiúil.
- Am Ciorcail.
- Mothúcháin.
- Labhairt leo roimh agus tar-éis am lóin.
- Cairde a ainmniú go rialta.
- Léiriú suime ina chéile am nuachta – gach duine tábhachtach.
- Ag nochtadh tuairimí
- Amharcealaíona: obair ghrúpa.
- Pictiúir a dhathú/ phéinteáil/mhaisiú dúinn féin dá gcairde – níos mó ná duine amháin.
Drámaíocht:
- Léiriú…..ar mhothúcháin éagsúla.
- Roinnt obair le chéile.
- Sceitseanna faoin aetós.
- Plé eachtraí trí ról aisteoireachta !
- OSPS
- Mise agus mo chairde – speisialta, buanna éagsúla.
- Roinnt obair le chéile.
- Mothúcháin.
- Bí Sábhálta.
Creideamh:
- Beo go deo: ‘Le chéile arís’.
- ‘Ag tarraingt go maith le chéile’.
- Mothúcháin!
Tábhacht a bhaineann le cairdiúlacht sa saol agus ar scoil, ag cur aithne ar a chéile, aire – tuistí, múinteoirí, Dia agus ár gcairde, an t-ullmhúchán, an chleachtadh agus an “teacht le chéile níos cóngaraí mar rang.
Corpoideachas: obair ghrúpa, foirne, roinnt pasáil, rialacha a insint roimh cluichí / damhsa a thosnú.
Troid/timpiste a réiteach láithreach – spás pearsanta a chothú – má thuigeann said a leithéid ní bheidh sé de nós acu lámh a leagadh ar a chéile.
Gnóthach am lóin.
Rang 3 – Rang 6 - Na h-ábhair:
Gaeilge:
Comhrá Neamhfhoirmiúil – rudaí a tharlaíonn sa chlós a phlé.
Comhrá foirmiúil - Teanga agus nathanna a thabhairt dóibh.
Caint faoi tuairimí \ cothromaíocht a thabhairt do gach éinne.
Béarla:
Circle Time – bulaíocht a phlé.
Filíocht – Go leor dánta a phléann leis an dtéama.
Story / Novel.
Discussion – feelings, emotions.
Grammar – adjectives that relate to emotions.
Amharcealaíona:
Pictiúir – bunaithe ar dhánta.
Measúnú ar obair a chéile.
Drámaíocht: Ról Aisteoireacht.
OSPS Bí sábháilte.
Rialacha agus meas a léiriú ar a chéile, trealamh scoile/pearsanta.
Co-oibriú na daoine/grúpaí sa chomhphobal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Creideamh:
Téamaí sa leabhair – mar sh. cumarsáid maithiúnas.
Corp Oideachas: Cluiche comhoibritheacha.
Rialacha cluichí
Glacadh le breithiúnas
Conas féinsmacht a bheith acu i gcomhthéacs comórtasach.
Circle Time a dhéanamh chun fadhb a réiteach.
Páistí shinsir ag tacú le bun ranganna.
Nótaí á gcoimeád ag gach múinteoir go pearsanta.
Cumarsáid a bheith idir múinteoirí go mór mhór faoi eachtraí ón gclós.
Cur Chuige chun déileáil le hEachtra Bulaíochta
Déanfaidh an múinteoir iniúchadh ar gach eachtra a thiteann amach. Déanfaidh siad i gcomhairle leis na páistí é. Déanfar clárú ar an eachtra i leabhar an mhúinteora.
Má bhíonn baint ag páiste ó rang eile leis an eachtra ba chóir an t-eolas a roinnt leis an múinteoir. Tarlóidh a leithéid sa chlós, mar shampla.
Má bhíonn eachtra ag titim amach go leanúnach líonfaidh an múinteoir cuntas. Déanfar seo i gcomhairle leis na bpáistí ina n-aonai agus ansin le chéile. Tarlóidh seo lasmuigh den tseomra ranga. Déanfaidh na páistí cur síos ar an eachtra i bhfoirm scríbhneoireachta nó i bhfoirm pictiúr ag brath ar aois an pháiste. Cuirfear in iúl don pháiste go bhfuil an Cód Bulaíochta briste acu. Déanfar cóip do na cuntais agus cuirfear chun na hoifige iad le bheith sínithe ag an bpríomhoide agus len iad a chur sa bhfillteán.
Cuirfear nóta abhaile sa leabhrán obair bhaile le bheith sínithe ag an tuismitheoir chun an tuismitheoir a chur ar an eolas.
Bíonn rogha ag an bpríomhoide an eachtra a chur in iúl don Bhord Bainistíochta ag an bpointe seo.
Má tharlaíonn eachtra leis an páiste céanna arís leanfar próiseas uimhir a trí agus glaofar isteach an tuismitheoir chun labhairt leis an múinteoir ranga.
Beidh sé faoi dhiscréid an mhúinteora cuireadh a thabhairt don pháiste a bheith i láthair ag an gcruinniú. Caithfear cuntas a dhéanamh ar an gcruinniú seo, an cuntas a chóipeáil, cóip a choimeád sa rang agus cóip a chur chun na hoifige.
Muna bhfuil an eachtra curtha in iúl don Bhoird roimhe seo déanfar é. Beidh sé faoi dhiscréid an Bhoird déileáil leis. Muna dtagtar ar réiteach ag an Bord Bainistíochta. Cuirfear in iúl dos na gardaí é.
Clár oibre d’fhulaingteoirí,bullaithe agus comhleacaithe
Fulaingteoir
Cabhair ag teastáil go leanúnach. Féinmhuinín a ardú – é a chur i bhfeidhm orthu nach iad siúd fé n-aire é.
Trí :
Tógáil ar scileanna sóisialta agus gníomhaíochtaí a dhéanamh bunaithe ar chairdeas a fhorbairt.
Atmaisféar “insinte” a chothú - go mbeadh fáilte roimh pháistí teacht chuig an mhúinteoir agus iontaoibh a bheith acu as (ti) go ndéanfaí déileáil leis go tuisceanach.
Am ciorcail a úsáid chun tacú leis na céimeanna eile agus chun súil a choimeád ar an scéal.
Na bulaithe:
An chuid den am bíonn rudaí sa bhaile, ar scoil agus sa phobal ag cur isteach ar an mbulaí agus bíonn éifeacht acu ar an iompar.
Cabhair a thabhairt dó/di teacht ar shlite eile chun déileáil le cúrsaí an tsaoil gan chearta daoine eile a shárú. (Am ciorcail, 1 le 1,….)
Comhleacaithe:
Cur chuige ranga a bheith ann go mbeadh an rang ar fad ag tacú leis an bpolasaí “i gcoinne bulaíochta”. Go mbeadh atmaisféar dearfach cruthaithe ina bhfuil na páistí freagrach as ucht aire a thabhairt dá chéile agus oscailte agus macánta fé eachtraí.
Ceachtanna bunaithe ar bhulaíocht sa “Walk Tall” a mhúineadh sa rang.
Ag obair le dreamanna eile
N bhaineann bulaíocht le cúrsaí scoile amháin agus bíonn sé tábhachtach comhoibriú le dreamanna eile san obair seo mar shampla síceolaithe na scoile, dochtúirí agus oibrithe shóisialta nuair is cóir.
An Cód a mheas
Déanfar éifeacht an cód bulaíochta a mheas trí aiseolas a fháil ón bhfoireann ,ós na páistí agus ós na tuismitheoirí. Tiocfaidh sé chun cinn go rialta ag cruinnithe foirne.