Nuacht - Meitheamh 2010.
Nuacht - Meitheamh 2010
Sciath na Scol 2010
Luan an 31ú la de mhí Bealtaine a bhí ann agus bhí Gaelscoil na Dúglaise i gCraobh Iomanaíochta Sciath na Scol don chéad uair raimh. Ag ceathrú tar éis a dó dhéag chuaigh an fhoireann suas chuig seomra ranga an Maistir Ó Foghlú mar bhíomar ag bualadh le cuairteoir speisialta, b’é sin Eoin Cadogan. Labhair sé linn faoin gcluiche.
Ag a leathuair taréis a dó dhéag ar aghaidh linn síos chuig Páirc Uí Chaoimh. Shroicheamar an pháirc ag timpeall cúig nóiméad chun a haon agus isteach linn sa seomra feistis. Ag an stad sin bhí mé féin agus m’fhoireann an-neirbhíseach. Labhair Eddie linn sula ndeachamar ar an bpáirc, ceapaim go raibh Eddie níos neirbhísí ná mar a bhí an fhoireann ar fad! Nuair a chuamar amach ar an bpáirc bhí lucht leanúna na scoile ag screadáil in aird a gcinn!
Thosaíomar an cluiche an-láidir agus bhí an Ghaelscoil ag fáil cúpla scór. Bhí Somhairle agus Daniel ag imirt thar barr ar fad. Chaith an sliotar an chéad leath ar fad i leath taobh New Inn. Fuair Conor Caomhánach cúl iontach gan trácht ar an gcúl iontach a fuair Cathal Tuirnéir dha nóiméad ina dhiaidh sin. 2:03 go 0:00 an scór a bhí ann ag leath ama.
Sa dara leath thosaigh an fhoireann mar a chríochnaigh siad agus bhuaileamar cúpla scór thar an dtrasnán. Fuair Daniel cúl álainn agus d’éirigh le Pól ceann eile a chur sa chúl ina dhiaidh. Shéid an réiteoir an fheadóg agus léim gach duine suas san aer le háthas. Chríochnaigh an cluiche leis an scór 4:08 – 1:01 i bhfábhar na Gaelscoile. B’é seo an lá ab fhearr a bhí agam i mo shaol go dtí seo!
Séaghan O Donnagáin R6
Sciath na Scol 2010
It was Monday. Mondays aren’t supposed to be good but that day we made an exception because that was the day, the big day, the day of the Sciath na Scol hurling final and An Ghaelscoil were in it!
We stood waiting nervously, excitedly, for our bus. The school team had already made their way to Páirc Uí Chaoimh. We the supporters were eager to get going! The bus arrived and we piled on, our heads full of chants, songs and visions of victory. I knew later they were not visions. We all knew why we were there, - on the bus to Páirc Uí Chaoimh – for the Sciath na Scol final. But it was much more than that. Hopes, dreams of glory, the trophy, months and months of training all for this match. Not a match, I thought history!
The match began at 1:30pm and as the players came out of the tunnel, so did the roars from our mouths “Gaelscoil, GAELSCOIL!!!” My friend Niall was beside me with a huge bodhrán and he battered away at it all throughout the match. From the starting whistle, Gaelscoil were on the offensive and they didn’t let up. It was clear to everyone that day the Gaelscoil had the win, the trophy. When the final whistle was blown, the score was 4:08 to 1:01; we knew that it was over. The anxiety, the excitement, the training had all paid off. As Shane, the captain, accepted the trophy I felt proud to belong in a school worthy of such a title. Gaelscoil, winners of the Sciath na Scol hurling final, history in the making! Aodh O Faoláin
A thuismitheoirí agus a pháistí, tá laethanta saoire an tSamhraidh nach mór buailte linn. Bhí bliain den scoth againn. Míle buíochas le gach duine, múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí a chabhraigh linn na hocáidí go léir i rith na bliana a thabhairt chun críche. Tá súil agam go mbeidh an shaoire agaibh agus go gcasfaimid ar a chéile arís ar an 30ú Lúnasa. Dúnfaidh an scoil ag 12.00 ar an 30ú Meitheamh. Niamh Ní Mhaoláin Dear parents and children, the summer holidays are fast approaching and our busy school year is coming to an end. Thanks to everyone, teachers, parents and children who helped in any way to bring this year’s school occasions to a successful fruition. I hope you all have a happy and safe holiday. School will close at 12 noon on June 26th and will re-open on Thursday August 30th at 8.50a.m. Niamh Ní Mhaoláin
Díolachán Císte: Beidh an díolachán císte dheireanach ar siúl ag Rang Múinteoir Bríd/ Maria ar an 24ú Meitheamh. Tá an rang ag súil go mór leis.Cake Sale: Children of Rang Múinteoir Bríd/Maria are holding the final cake sale of the year on Thursday, 24th June. Thank you for your support during the past year.
Féasta Rang 6: Fágfaimid slán ag Rang 6 ar an 25ú Meitheamh agus guímid gach rath orthu sa saol amach rompu sa Mheánscoil. Beidh céiliúradh beag ina onóir sa scoil ar an Aoine, 25ú Meitheamh. Go raibh maith agaibh do mhúinteoir Brídín, do Chumann na dTuismitheoirí agus do Tuismitheoirí Rang 5 as an ocáid a eagrú. We wish the children of Rang 6 every success in the future as they leave to attend Secondary school in September.There will be a celebration in their honour in the school on Friday, June 25nd. Many thanks to Múinteoir Brídín, Cumann na dTuismitheoirí and 5th class parents for arranging same.
Maidin Caifé: Beidh an mhaidin caifé deiridh á reachtáil ag Cumann na dTuismitheoirí sa scoil ar an Máirt 29ú Meitheamh ón 11.00 – 1.00. Bígí linn. Cumann na dTuismitheoirí will host a coffee morning between 11a.m. & 1pm on Tuesday, 29th June. All parents are very welcome.
Tuairiscí Scoile Rachaidh na tuairiscí scoile sa phost ar an Aoine 25ú Meitheamh. Iarrtar ort teagmháil a dhéanamh leis an oifig muna bhfaigheann tú é. School Reports End of year school reports will be posted on Aoine 25th June. Please contact the office if you do not receive your report.
Cumann na dTuismitheoirí: Rinne Cumann na dTuismitheoirí éacht arís i mbliana. Is liosta le háireamh na hocáidí a d’eagraíodar féasta Samhna, Maidneacha Caifé, Féasta Chomaoine, Féasta Rang 6, agus an obair iontach atá curtha i gcrích acu sa ghairdín . Go raibh míle maith agaibh. The Parents Association were very busy during the year organising numerous events and celebrations including Halloween, Coffee mornings, , First Holy Communion Celebrations, Sixth Class End of Year Party and the tremendous work done in the school garden. Thank you all very much.
An t-Asarlaí ó Oz Beidh deis iontach ag daoine an t-Asarlaí ó Oz a fheiscint sa scoil ar an 23ú agus 24ú Meitheamh Ag 8 a chlog Tá €2 ar na ticéid, €5 don chlann. Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt dos na páistí ó R3-R6 atá páirteach . Tá éacht oibre déanta ag Múinteoirí Alma agus Méabh an léiriú a chur i gcrích. The Wizard of Oz A Performance of the Wizard of Oz will take place in the school on 23rd and 24th June at 8pm. Tickets cost €2 each or €5 per family. Great credit is due to all the children from 3rd- 6th Class who are taking part. They have given up their afternoons for the past number of weeks and are very busy rehearsing. A treat is in store for us all. Múinteoirí Alma and Méabh deserve great credit. They have done a superb job with the children. Maith sibh go léir.
Lá Spórt na Cathrach Go n-éirí go geal leis na cailíní agus na buachaillí a bheidh ag rith ar son na scoile i bPáirc Uí Chaoimh ar an gCéadaoin 23ú Meitheamh. Go raibh maith agat do mhúinteoir Eamonn as iad a threanáil. Cork City Sports: Good luck to the girls and boys from our school who will be competing in the City Sports on Wednesday 233d June. A big thank you to Múinteoir Eamonn for training the children.
Eadaí Corp Oideachais Beidh na héadaí nua corp oideachais ar fáil sa scoil ar an 31ú Lúnasa agus 1 Meán Fómhair. New School Tracksuits: New school tracksuits will be available in the school on the 31st August and on the 1st September.
www.gaelscoilnaduglaise.ie
Tá na liostaí leabhar ar fad don bhliain 2010-2011 ar fáil ar shuíomh idirlín na scoile faoi eolas agus liostaí leabhar. Beidh griangrafanna do ‘Sciath na Scol’ don lá spóirt scoile ar an 11ú Meitheamh agus an t-Asarlaí ó Oz ar fáil faoi ghriangrafanna roimh laethanta saoire an tSamhraidh. Tá bille 2 do earraí scoile faighte ag do pháiste cheana. Iarraimid ort an bille seo a dhíol muna bhfuil sé déanta agat le cinntiú go mbeidh gach ní ordaithe don scoilbhliain seo chugainn.
www.gaelscoilnaduglaise.ie
School booklists are available on the school website under ‘information’ and booklists. Photographs of the Sciath na Scol final, The School Sports Day and ‘The Wizard of Oz’ will be uploaded before the summer holidays.
Your child has already been issued with a bill for €60 for school provisions. We ask for your cooperation if you have not already paid this bill so as all provisions will be in place for the school year 2010-2011.
Euro Child 2010 Comhghairdeas le Sadhbh Ní Mhaolalaidh Rang 4 a bhuaigh an Comórtas “Euro Child 2010” le deanaí. Roghnaíodh í as 10,000 páiste a ghlac páirt ann. Beidh obair Sadhbh foilsithe sa chnuasach “Euro Child Anthology of Children’s Art Work and Poetry”. Beidh Rang 4 go léir ag ceiliúradh leí i Halla na Cathrach ar an Aoine. Congratulations go to Sadhbh Ní Mhaolalaidh Rang 4 whose art work has been chosen from 10,000 others to be published in “Euro Child Anthology of Children’s Art Work and Poetry”. Sadhbh and her class mates will celebrate on Friday in City Hall. Bainigí taitneamh as.