News Archive
-
Gradam Gaisce
29 March 2012
Tá Gradam Gaisce bronnta ag Sciath na Scol ar an nGaelscoil toisc ár ndúthracht i leith na cluichí náisiúnta.
-
Fondúireacht Jack and Jill
28 March 2012
Bhí an céiliúradh sa halla inniu. Bronnadh teastais ar na paistí a dhein sáriarracht fóin a bhailiú.
-
Iarscoláire ar cuairt
23 March 2012
Tháinig Cathal Ó Coinn ar cuairt chugainn inniu. D'imir Cathal rugbaí ar son na hÉireann don chéad uair ar an 9ú Márta.
-
Seachtain na Gaeilge
12 March 2012
Tá clár cuimsitheach d’imeachtaí do “Sheachtain na Gaeilge” ar siúl i nGaelscoil na Dúglaise. Ina measc tá tráth na gceist, céilí, ceolchoirm, ‘Scríobh Leabhar’ agus Féile Spóirt i bPáirc Uí Rinn.
-
Lá le Pádraig
12 March 2012
Na dearmadaigí gur lá saoire bainc a bheidh ann ar an 19ú Márta agus go mbeidh an scoil dúnta. Bainigí sult as an mbriseadh.
-
Laethanta Saoire na Cásca
12 March 2012
Dúnfaidh an scoil ag meanlae ar an 30ú Márta. Athosclóidh sí arís ar an Luan 16ú Aibreán. Bainigí sult as an mbriseadh.
-
Comhneartú
12 March 2012
Comhghairdeas le Rang 6 a rachaidh faoi lámh an Easpaig ar an 30ú Márta i Séipéal Bhaile Féitheáin. Buíochas le Múinteoir Aoife as a cuid oibre ar fad.
-
Scríobh Leabhar 2012
12 March 2012
Bhí na páistí i mbun scríbhneoireahta arís i mbliana agus beidh deis ag tuismitheoirí na scoile an obair álainn seo a fheiscint sa halla ar an gCéadaoin 14ú go Aoine 16ú roimh am scoile ar maidin nó idir 1.30 agus 2.30 um thrathnóna. Fáilte roimh gach duine.
-
Féile na Gaelscoile i bPáirc Uí Rinn
12 March 2012
Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go mbeidh Féile na Gaelscoile againn i bPáirc Uí Rinn ar an 15ú Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge ón 11-1.30pm. Is onóir mór do Ghaelscoil na Dúglaise gur eirigh linn Páirc Uí Rinn a fháil don bhféile.
-
Díolachán Cístí
12 March 2012
Leanfaimid orainn leis na díolachán cístí. Titeann an cúram ar Rang Múinteoir Jacinta Rang 2 ar an Aoine 23ú Márta. Go raibh maith agaibh.
-
Campa na Cásca
12 March 2012
Campa na Cásca Tá campa ar siúl sa scoil ón Luan 2ú – 6ú Aibreán. Gach eolas ó Mhúinteoir Brídín.
-
Cór Fheile
12 March 2012
Glacfaidh Cór na Scoile páirt i gCór Fhéile na scoile ar an 21ú Márta. Go raibh míle maith agat Múinteoir Brídín as na páistí a ullmhú chuige.
-
Céilí na Scoile
12 March 2012
Beidh an Céilí Scoile ar siúl ar an Aoine 23ú Márta i halla C.L.G. na Dúglaise ón 7.00 go dtí 9.00. Cuirfidh Comhaltas na Dúglaise an ceol ar siúl dúinn arís i mbliana. Ticéidí ar fáil ón doras amháin ar an oíche. €2 an duine nó €5 an chlann. Fáilte roimh chách.
-
Jack & Jill
12 March 2012
Gabhann Cumann na d’Tuismitheoirí buíochas le gach duine a chabhraigh leo le déanaí leis an bhFondúireacht Jack & Jill. Bailíodh níos mó ná 600 fón póca. Beidh crannchur do gach rang ar an gCéadaoin 28ú Márta.
-
Maidin Caifé
12 March 2012
Eagróidh Cumann na dTuismitheoirí Maidin Caifé ar an Déardaoin 29ú Márta ar son Marymount ón 11.30 go dtí 1 a chlog. Canfaidh na páistí ó rang na Naíonáin agus casfaidh an Banna Cheoil cúpla port chomh maith.
-
Crannchur na Cásca
12 March 2012
Reachtálfaidh Cumann na dTuismitheoirí Crannchur na Cásca mar is gnáth. Scaipfear na ticéid go luath. Bí ag faire amach don duais speisialta i mbliana!