News Archive
-
Oíche ag na Scannáin !
30 November 2012
Movie Night ag an nGaelscoil go luath. Rognóidh na páistí an scannán is fearr leo.
-
Cork Penny Dinners
21 November 2012
Tá Bailiúchán Bia á eagrú ag Cumann na dTuismitheoirí Um Nollag. Ba mhór again bhúr dtacaíocht.
-
Quiz Clainne /Family Quiz
09 November 2012
Tá Trath na gCeist Boird eagraithe ag Cumann na dTuismitheoiri don Aoine 9ú Samhain.
-
Oíche Shamhna
-
Oíche Oscailte
23 October 2012
Oíche Oscailte -Open Night ar an 23ú Deireadh Fómhair.Failte roimh chách
-
Leabharlann Nua
23 October 2012
Tá leabharlann nua na gaelscoile á sheoladh go hoifigiúil ar an 23ú Deireadh Fómhair ag Judi Curtin.
-
Cumann na dTuismitheoirí
16 October 2012
Beidh C.C.B. de Chumann na dTuismitheoirí ar siúl ar an 16ú Deireadh Fómhair.
-
Slán le Rang 6
21 June 2012
Béidh Céiliúradh in onórit do pháistí Rang 6 ar an Luan 25ú Meitheamh. Tósóidh sé ag 12:30 i.n.
-
Spórt
21 June 2012
Mar is eol daoibh, tá an bhéim ar fhorbairt an spóirt sa Ghaelscoil. Lean an Nasc chun tuilleadh eolas a fháil faoi chúrsaí spóirt sa Ghaelscoil le déanaí.
-
Cumann na dTuismitheoirí
21 June 2012
Míle buíochas do Chumann na dTúismitheoirí as saol na Gaelscoile a shaibhriú arís do dhaltaí na scoile!
-
An Chéad Chomaoineach
-
Cuan Chorcaí
-
Comórtas Peile Gael Linn
25 May 2012
Ar aghaidh linn go dtí an chéad bhabhta eile do Chomórtas Peile Gael Linn!
-
Sciath na Scol
-
Lá Spóirt na Cathrach
-
Tráth na gCeist
26 April 2012
Tá Tráth na gCeist Boird eagraithe ag Cumann na dTuismitheoirí don 26ú Aibreán sa Tinny Shed.
-
Gradam Gaisce
29 March 2012
Tá Gradam Gaisce bronnta ag Sciath na Scol ar an nGaelscoil toisc ár ndúthracht i leith na cluichí náisiúnta.
-
Fondúireacht Jack and Jill
28 March 2012
Bhí an céiliúradh sa halla inniu. Bronnadh teastais ar na paistí a dhein sáriarracht fóin a bhailiú.
-
Iarscoláire ar cuairt
23 March 2012
Tháinig Cathal Ó Coinn ar cuairt chugainn inniu. D'imir Cathal rugbaí ar son na hÉireann don chéad uair ar an 9ú Márta.
-
Crannchur na Cásca
12 March 2012
Reachtálfaidh Cumann na dTuismitheoirí Crannchur na Cásca mar is gnáth. Scaipfear na ticéid go luath. Bí ag faire amach don duais speisialta i mbliana!
-
Maidin Caifé
12 March 2012
Eagróidh Cumann na dTuismitheoirí Maidin Caifé ar an Déardaoin 29ú Márta ar son Marymount ón 11.30 go dtí 1 a chlog. Canfaidh na páistí ó rang na Naíonáin agus casfaidh an Banna Cheoil cúpla port chomh maith.
-
Jack & Jill
12 March 2012
Gabhann Cumann na d’Tuismitheoirí buíochas le gach duine a chabhraigh leo le déanaí leis an bhFondúireacht Jack & Jill. Bailíodh níos mó ná 600 fón póca. Beidh crannchur do gach rang ar an gCéadaoin 28ú Márta.
-
Céilí na Scoile
12 March 2012
Beidh an Céilí Scoile ar siúl ar an Aoine 23ú Márta i halla C.L.G. na Dúglaise ón 7.00 go dtí 9.00. Cuirfidh Comhaltas na Dúglaise an ceol ar siúl dúinn arís i mbliana. Ticéidí ar fáil ón doras amháin ar an oíche. €2 an duine nó €5 an chlann. Fáilte roimh chách.
-
Cór Fheile
12 March 2012
Glacfaidh Cór na Scoile páirt i gCór Fhéile na scoile ar an 21ú Márta. Go raibh míle maith agat Múinteoir Brídín as na páistí a ullmhú chuige.
-
Campa na Cásca
12 March 2012
Campa na Cásca Tá campa ar siúl sa scoil ón Luan 2ú – 6ú Aibreán. Gach eolas ó Mhúinteoir Brídín.
-
Díolachán Cístí
12 March 2012
Leanfaimid orainn leis na díolachán cístí. Titeann an cúram ar Rang Múinteoir Jacinta Rang 2 ar an Aoine 23ú Márta. Go raibh maith agaibh.
-
Féile na Gaelscoile i bPáirc Uí Rinn
12 March 2012
Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go mbeidh Féile na Gaelscoile againn i bPáirc Uí Rinn ar an 15ú Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge ón 11-1.30pm. Is onóir mór do Ghaelscoil na Dúglaise gur eirigh linn Páirc Uí Rinn a fháil don bhféile.
-
Scríobh Leabhar 2012
12 March 2012
Bhí na páistí i mbun scríbhneoireahta arís i mbliana agus beidh deis ag tuismitheoirí na scoile an obair álainn seo a fheiscint sa halla ar an gCéadaoin 14ú go Aoine 16ú roimh am scoile ar maidin nó idir 1.30 agus 2.30 um thrathnóna. Fáilte roimh gach duine.
-
Comhneartú
12 March 2012
Comhghairdeas le Rang 6 a rachaidh faoi lámh an Easpaig ar an 30ú Márta i Séipéal Bhaile Féitheáin. Buíochas le Múinteoir Aoife as a cuid oibre ar fad.
-
Laethanta Saoire na Cásca
12 March 2012
Dúnfaidh an scoil ag meanlae ar an 30ú Márta. Athosclóidh sí arís ar an Luan 16ú Aibreán. Bainigí sult as an mbriseadh.
-
Lá le Pádraig
12 March 2012
Na dearmadaigí gur lá saoire bainc a bheidh ann ar an 19ú Márta agus go mbeidh an scoil dúnta. Bainigí sult as an mbriseadh.
-
Seachtain na Gaeilge
12 March 2012
Tá clár cuimsitheach d’imeachtaí do “Sheachtain na Gaeilge” ar siúl i nGaelscoil na Dúglaise. Ina measc tá tráth na gceist, céilí, ceolchoirm, ‘Scríobh Leabhar’ agus Féile Spóirt i bPáirc Uí Rinn.
-
Bailiúchán Fón Póca le Jack and Jill
22 February 2012
Táimid faoi lán tseoil anois leis an mbailiúchán atá ar siúl ar son Jack and Jill. Buíochas mór le Cumann na dTuismitheoirí as ucht an obair ar fad, agus buíochas mór chomh maith le gach éinne a bhailigh fón póca ar son na scoile. Lean leis an obair iontach atá ar siúl !!
-
Lá Fhéíle Bríde
02 February 2012
Bhí lá an-speisialta againn inné, an 1ú Feabhra: Lá Fhéile Bríde. Bhíomar breá gnóthach ag labhairt faoi Naomh Bríde, ag insint na scéalta éagsúla fuithi agus gan amhras ag tabhairt faoin gCros Bhríde. Seo sampla thíos do rang 3 ag iarraidh na crosanna a dhéanamh