Bronnadh Brat na hÉireann

Wednesday 20 January 2016

Bronnadh Brat na hÉireann

Bronnadh Brat na hÉireann ar Ghaelscoil na Dúglaise Lá stairiúil i saol na Gaelscoile a bhí ann an Déardaoin seo caite 14ú Eanair. Cuireadh fáilte is fiche roimh an Cheannfort Peadar Ó Catháin agus roimh an Ghunnadóir Daithí Breathnach a tháinig chun na scoile chun Brat na hÉireann a bhronnadh ar an scoil. Léigh Ceannfort Uí Chatháin alt ó Fhorógra Phoblacht na hÉireann amach agus mhínigh sé dúinn go léir idir pháistí , múinteoirí agus tuismitheoirí cad a bhí inti agus an tabhacht a bhain léi. Ina dhiaidh sin bhronn sé ár mBrat Naisiúnta ar Eoin Rua Ó Arrachtáin an buachaill is sine sa Ghaelscoil agus ar Avery Peters, an cailín is óige sa Ghaescoil. Sheasamar agus chanamar Amhrán na bhFiann i dteannta a chéile. Bhí an Ceannfort thar a bheith sásta glacadh le ceisteanna ó na páistí.  Mhínigh sé dóibh faoin saol san Arm. Labhair sé faoi na tíortha gur thug sé cuairt oifigiúil orthu agus faoi eadaí oifigiuil a chaitear san airm. Ardóidh gach scoil sa tír an Brat Náisiúnta ar an 15ú Márta. Cuimhneoimid go deo ar an lá scoile seo.

© 2011 Gaelscoil na Dúglaise | Web Design by Digital Crew