Seachtain na Gaeilge
Monday 12 March 2012

Tá clár cuimsitheach d’imeachtaí do “Sheachtain na Gaeilge” ar siúl i nGaelscoil na Dúglaise. Ina measc tá tráth na gceist, céilí, ceolchoirm, ‘Scríobh Leabhar’ agus Féile Spóirt i bPáirc Uí Rinn. B’fhiú go mór ceist a chur ar do pháiste féin fé na himeachtaí thuas luaite. Beidh fíorfáilte roimh thuismitheoirí a bheith linn ar roinnt ocáidí. Tá a thuilleadh eolais laistigh den Nuachtlitir seo. Táimid an buíoch do gach éinne atá ag cabhrú leis na himeachtaí a chur i gcrích. Tá buíochas faoi leith tuillte ag ár bpríomhoide táinisteach , Múinteoir Karla.