Cork Circus Company
Tuesday 15 January 2013
An Sorcas
Fuair ranganna na naoináin mhóra go rang a ceathair deis iontach ceardlanna dhramaíochta a dhéanamh i gcomhair leis an Cork Circus Company faoi stiúir Arran Towers. Bhí dhá cheardlann ag gach rang, ceardlanna an-idirghníomhach ina raibh seans ag na páistí éisteacht le scéalta, dul ar thurais ar fud an domhain, ligint orthu féin go rabhadar sa sorcas agus bualadh le caractéir éagsúla. Bhain na páistí ar fad an-taitneamh agus an-tairbhe ar na ceardlanna seo. Buíochas le Múinteoir Brídín as iad a eagrú.