Iarscoláire ar cuairt
Friday 23 March 2012
Bhí bród an domhain orainn anseo sa Ghaelscoil nuair a tháinig Cathal O Coinn (iarscoláire) chun na Gaelscoile chun 'a chaipín' a thaispeaint dúinn i ndiaidh dó imirt ar son na hÉireann don chéad uair leis an Ireland Club Team. Imríonn Cathal leis an gclub aitiúil Cork Constitution agus leis na Munster Reserves chomh maith. Ta dearthair le Cathal Gearóid i Rang 5 agus tá a deirfiúr Niamh i Rang Naíonain Mhóra.