Féile na Gaelscoile i bPáirc Uí Rinn
Monday 12 March 2012

Féile na Gaelscoile i bPáirc Uí Rinn
Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go mbeidh Féile na Gaelscoile againn i bPáirc Uí Rinn ar an 15ú Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge ón 11-1.30pm. Is onóir mór do Ghaelscoil na Dúglaise gur eirigh linn Páirc Uí Rinn a fháil don bhféile. Rachaidh na páistí ar fad ó Ghaelscoil na Dúglaise chun na páirce ar bhusanna. Iarrtar ar gach páiste nach mbeidh ag imirt cluiche gléasadh i bhfeistis Lae Pádraig le páirt a ghlacadh sa mhórshiúil. Tá fáilte roimh thuismitheoirí teacht ag an ocáid. Tá clárama d’imeachtaí leagtha amach thíos. Tá sé tabhachtach go dtuigfidh gach éinne a bheidh páirteach sa bhFéile go beidh an bhéim ar rannphairtíocht agus céiliúradh. Caithfidh gach páiste dul ar bhus ón Ghaelscoil go Páirc Uí Rinn. Is féidir le tuismitheoirí a bpáistí a bhailiú ó Pháirc Uí Rinn ach é sin a chur in iúl i scríbhinn don mhúinteoir ranga roimh an 12ú Márta. Tá costas €2 euro shingil ar an mbus agus €3 fillte. Ní bheidh aon chostas ar chead isteach do Phairc Uí Rinn.