Nuacht

Lá Spóirt na Gaelscoile

Friday 11/06/2010

Ghlac 333 páiste páirt sa lá spórt scoile ar an 11ú Meitheamh. Chaith an scoil ar fad an lá thíos sna páirceanna peile a bhaineann le Tramore Athletic. Gabhaimid buíochas leo as é a chur ar fáil dúinn. Bhí réimse leathan rásanna faoi lán tseoil ag tús na maidine, rás na dtrí chos agus rás na málaí san áireamh. Cuireadh taispeántas ar siúl dos na páistí a bheidh ag glacadh páirte i Lá Spóirt na Cathrach ar an 23ú Meitheamh i bPairc Uí Chaoimh. Ansin bhí Tóir Chiste ag na Naíonáin. Bhí dathanna na foirne a ghlacfiadh páirt sa Chorn Domhanda le feiscint le linn an bliotz sacar ó Rang 2-6. Chríochnaigh an lá le cluiche Tag rugbaí. Rang 6 i gcoinne na múinteoirí. N'fheadar cén dream a bhuaigh. Búiochas le múinteoirí Orla, Caitríona , Kim agus Tricia as an lá iontach a eagrú.

Built By Digital Crew