![]() |
|
NuachtCraobh Sciath na ScolMonday 31/05/2010
Sciath na Scol 2010 Luan an 31ú la de mhí Bealtaine a bhí ann agus bhí Gaelscoil na Dúglasie i gCraobh Iomanaíochta Sciath na Scol don chéad uair raimh. Ag ceathrú tar éis a dó dhéag chuaigh an fhoireann suas chuig seomra ranga an Maistir Ó Foghlú mar bhíomar ag bualadh le cuairteoir speisialta, b’é sin Eoin Cadogan. Labhair sé linn faoin gcluiche agus rudaí mar sin. Ag a leathuair taréis a dó dhéag ar aghaidh linn síos chuig Páirc Uí Chaoimh. Shroicheamar an pháirc ag timpeall chúig nóiméad chun a haon agus isteach linn sa seomra feisteas. Ag an stad sin bhí mé féin agus m’fhoireann an-neirbhíseach. Labhair Eddie linn sula ndeachamar ar an bpáirc, ceapaim go raibh Eddie níos neirbhísí ná mar a bhí an fhoireann ar fad! Nuair a chuamar amach ar an bpáirc bhí lucht leanúna na scoile ag screadáil in aird a gcinn! Thosaíomar an cluiche an-láidir agus bhí an Ghaelscoil ag fáil cúpla scór. Bhí Somhairle agus Daniel ag imirt thar barr ar fad. Chaith an sliotar an chéad leath ar fad i leath taobh New Inn. Fuair Conor Caomhánach cúl iontach gan trácht ar an gcúl iontach a fuair Cathal Tuirnéir dhá nóiméad ina dhiaidh sin. 2:03 go 0:00 an scór a bhí ann ag leath ama. Sa dara leath thosaigh an fhoireann mar a chríochnaigh siad agus bhuaileamar cúpla scór thar an dtrasnán. Fuair Daniel cúl álainn agus d’éirigh le Pól ceann eile a chuir isteach ina dhiaidh. Shéid an réiteoir an fheadóg agus léim gach duine suas san aer le háthas. Chríochnaigh an cluiche leis an scór 4:08 – 1:01 i bhfábhar na Gaelscoile. B’é seo an lá ab fhearr a bhí agam i mo shaol go dtí seo! |
|
| Built By Digital Crew |