Nuacht

Maidin Caifé na Cásca

Thursday 25/03/2010

Bhí maidin den scoth i nGaelscoil na Dúglaise ar an Déardaoin 25ú Márta. D'fhreastal slua ollmhór ar mhaidin caifé a bhí eagraithe ag Cumann na dTuismitheoirí. Bhain ranganna na Naíonán an-taitneamh go deo as dul sa tóir ar uibheacha chásca.Chuir cailíní Rang 5 tús bríomhar leis an maidin lena gcuid amhránaíochta binn. Chan na ranganna Naíonán ar fad in ard a gcinn is a gutha dá dtuismitheoirí. Chuir an grúpa bailéid a ghnóthaigh Craobh an Chontae sa Scór le déanaí go mór leis an ocáid. Tréaslaíodh le Máiréad Uí Chorragáin as an éacht a dhein a grúpa cheoil i bhFeis Maitiú. Bhuadar Corn an Evening Echo don tríú bhliain as a chéile. Chuir Cór snasta R5/R6 faoi stiúir Múinteoir Bridín críoch iontach leis an ocáid. Deineadh an tarrac do Chrannchur na Cásca. Sí Muintir Sophie Lee ó Rang Múinteoir Caitríona a bheidh ag dul go Páirc Thuamhumhan ar an 10ú Aibreán. Mumhan Abú!!!

Built By Digital Crew