Naíonra

An Naíonra sa Ghaelscoil

Tá an t-ádh dearg linn go bhfuil Naíonra den scoth faoi stiúir Eibhlín Mhic Pharthaláin lonnaithe i nGaelscoil na Dúglaise. 
Séard atá i gceist le naíonra ná grúpa páistí idir
3 – 5 bliain d’aois agus stiúrthóir a thagann le chéile ar feadh cúpla uair a chloig sa lá chun a bheith ag imirt is ag foghlaim tríd an imirt.

 Bíonn dhá phríomhaidhm ag an naíonra:

  • cabhrú leis an bpáiste é/í féin a fhorbairt ar gach slí:
  • cabhrú leis an bpáiste an Ghaeilge a shealbhú nó a c(h)umas labhartha sa Ghaeilge a chur chun cinn agus í a úsáid mar ghnáth theanga chumarsáide.

Bíonn réimse fairsing gníomhaíochtaí agus cluichí ar siúl ag an bpáiste sa naíonra, ag imirt le gaineamh agus le huisce agus ag spraoi le bréagáin oiriúnacha.   Cuirtear béim ar an ealaíon agus ar an gceardaíocht.   Déantar réamhobair don léitheoireacht, don scríbhneoireacht agus don mhatamaitic.   Is í an Ghaeilge amháin a úsáideann an Stiúrthóir chun é seo go léir a eagrú agus a phlé leis na páistí.

Sealbhú na Gaeilge sa Naíonra:

Sa naíonra ní chuirtear brú ar aon pháiste an Ghaeilge a labhairt.   Creidtear gur trí sheans a thabhairt don pháiste éisteacht le Gaeilge, go sealbhóidh sé/sí an dara teanga, díreach mar a rinne leis an gcéad cheann ,trí éisteacht, trí thuiscint, trí aithint focal
agus struchtúr agus de réir a chéile trí fhrásaí agus abairtí a chur le chéile dó/di féin.

Anuas ar na gnáthbhuntáistí a bhaineann le haon saghas réamhscolaíochta fónta, is fiú go mór leas a bhaint as an gcumas ar leith atá ag páistí réamhscoile chun teanga a shealbhú agus as struchtúr an naíonra mar ionad idéalach chun teanga a fhoghlaim.   Bíonn an chaint bunaithe ar na rudaí a bhíonn ar siúl ag an bpáiste, ar na bréagáin agus ar an trealamh os a c(h)omhair amach, agus bíonn focail an Stiúrthóra sothuigthe ón gcomhthéacs.   Bíonn na gníomhaíochtaí agus na cluichí páistí ann go rialta agus frásaí ceangailte leo.   Bíonn seans ag gach páiste labhairt leis an Stiúrthóir agus a bheith ag caint.   Bíonn an teanga nua ceangailte le duine, le hionad agus le himeachtaí ar leith.

 Gach Eolas:  021-4898526 Gaelscoil na Dúglaise

Built By Digital Crew