Inghean

Inghean

Seo leiriú don dán álainn "Inghean" a chum Louis de Paor. Is é
Pat Healy a scríobh agus is í Karina Healy an t-amhránaí.

Buíochas le Louis as éisteacht leis an léiriú agus an cead a thabhairt dúinn é a chur ar fáil ar an suíomh seo' gainne. Cliceáil ar an bhfuinneog 'quicktime thíos'

Inghean

Tá sí chomh lán de nádúr le crúiscín
a bheadh ag cur thar maoil le bainne,
nó le buicéad uisce
líonta thar a bhruach
ag stealladh farraige
ar an ngaineamh spalptha.

Scairdeann sí áthas gan smál
is beireann chugam an farasbarr
curadhmhír an tsolais
i mbasa fíneálta
gan deoir a dhoirteadh.

Tá eagla orm breith uaithi
ar an dtaoide lán
i mbabhla scoilte mo lámh

nó go ritheann an sáile os mo chionn
is briseann ar mhéaracán mo chroí
ná toillfeadh seile cuaiche ann
murach í.

Built By Digital Crew