|
Peil, Iomáint agus Camógaíocht
Peil, Iomáint & Camógaíocht

Tá an-éileamh ar an bpeil ghaelach agus ar an iomáint i nGaelscoil na Dúglaise. Faigheann na páistí go leor deiseanna blaiseadh a fháil d’ár gcluichí náisiúnta.
Bíonn treanáil peile ag na cailíní trathnóna Dé Chéadaoin le Múinteoir Méabh. Bíonn na cailíní i mbun camógaíochta ar an Luan le tuismitheoir Oliver Mac Aindriú. Saothraíonn ár bhfeighlí Tim O Donovan i dtaca le Múinteoirí Eamonn agus Marc leis an Iomáint le buachaillí Rang 3/4.
Tá an t-ádh dearg linn sa scoil seo go bhfuil nasc láidir againn le Cumann Lúthchleas Gael na Dúglaise. Baineann buachaillí agus cailíní ó ranganna 4, 5, 6 leas as áiseanna an chlub go seachtainiúil. Tugann siad turas ar an halla spóirt iontach nó ar na páirceanna imeartha breátha atá acu sa chlub gach Máirt. Téann painéal na scoilei mbun tréanála i ndiaidh am scoile ar an Aoine le Eddie.
Tá traenálaí scoile den scoth againn le Eddie Murphy. Déanann Eddie freastal ar na seisiúin traenála ar fad agus cabhraíonn sé le foireann na scoile. Glacann na páistí páirt i gComórtas Sciath na Scol do bhunscoileanna sa pheil agus san iomáint gach bliain. Is onóir an mhór í don scoil nuair a imríonn na páistí i bPáirc Uí Rinn agus i bPairc Uí Chaoimh. D'eirigh leis An Ghaelscoil an craobh a bhuachaint san iomaint i 2010 agus tá an craobh bainte amach ag na peileadóirí chomh maith.
Thainig Eoin Cadagan atá ar fhoireann shinsir Chorcaí agus Dáithí O hAnnrachain (iarscolaire) a imríonn le mionúirChorcaí amach chun iad a spreagadh roimh na cluichí. Eagraítear bliotsanna idir scoileanna go minic .
Bíonn páistí uile na scoile ar bís nuair a thugann Corcaigh Craobh Cheannas na hÉireann abhaile leo agus nuair a thugann said cuairt orainn sa scoil.
Rinne Joe Deane seisiún traenála leis na paistí roinnt blianta ó shin. B’ócáid den scoth í nuair a thug laoch spóirt na linne seo 'Seán Óg Ó hAilpín ' cuairt ar an scoil chomh maith.
Bronnadh geansaithe nua ar an bhfoireann le déanaí. Táimid an shásta leo.
Tháinig Amanda O Regan ar cuairt chugainn le Corn Uí Dhufaigh anuraidh . Rinneamar peil na mban a cheiliúradh le Mary O Connor le Corn TG4 agus táimid ag súil le Amy O Shea i mbliana. Chaith iománaithe na Dúglaise seal linn le déanaí.
Bhí an áthas orainn Corn Sam Maguire a fheiscint ar ais sa scoil i ndiaidh 20 bliain chomh maith.
Táimid ag déanamh an iarracht go deo brat de chuid Sciath na Scol Gradam Gaisce a bhaint amach faoi láthair.

|