Obairbhaile

Polasaí Obairbhaile

Polasaí Obairbhaile
 Iarrtar ort an cháipéis seo a léamh go han-chúramach
 Foireann na Scoile
 Obairbhaile
Aidhmeanna:
            obair scoile a chur i bhfeidhm.
            obair scoile a leathnú.
            dul siar ar obair scoile.
            meastóireacht ar obair an pháiste.
            dea-nósanna oibre a fhorbairt.
            neamhspleáchas a chothú sa pháiste.
Cé dó? Gach rang.
Cathain?- Faigheann gach páiste obairbhaile ón Luan go Déardaoin de ghnáth. Ní thabharfar obair bhaile ag an deireadh seachtaine de ghnáth ach amháin ar dhiscréid an mhúinteora. Ní thabharfar obair bhaile ar oícheanta ar a mbeidh rang páirteach in imeachtaí scoile mar shampla seirbhísí sacraiminte, ceolchoirm araile.  Mar aitheantas ar chuairt an Ardmhéara chun na scoile is ar éacht déanta ar ócáidí speisialta mar shampla cluiche buaite, dráma léirithe, ní thabharfar aon obair bhaile don rang má’s rang iomlán a bhí páirteach is tabharfar obairbhaile ó bhéal amháin do gach duine sa rang má’s cuid de rang a bhí páirteach.  
Ábhar:
Meascán de:
foghlaim i.e. táblaí, litriú, dánta, amhráin.
léitheoireacht i.e. foirmiúil / sultmhar/ CAPER.
scríbhneoireacht i.e. scileanna peannaireachta, próiséas na scríbhneoireachta, genre éagsúla.
matamaitic        
obair thionscnaimh is taighde a dhéanamh.
staidéar a dhéanamh.
Naí. Shóisir
dathadóireacht, ullmhúchán don léitheoireacht, matamaitic, scríbhneoireacht. Am - 10 nóiméad                                                     
Naí. Shínsir
léitheoireacht, litriú, creideamh, matamaitic, peannaireacht, scríbhneoireacht. Am- 20 nóiméad                                   
Rang 1 / Rang 2         
léitheoireacht Ghaeilge is Bhéarla, litriú Gaeilge is Béarla, matamaitic, táblaí, creideamh, scríbhneoireacht, peannaireacht, oideachas sóisialta. imshaoil agus eolaíochta .filíocht, ceol. Am - 20 nóiméad
Rang 3 / 4       
léitheoireacht Ghaeilge is Bhéarla, litriú Gaeilge is Béarla, scríbhneoireacht Ghaeilge is Bhéarla, matamaitic, táblaí, filíocht Ghaeilge is Bhéarla, creideamh, oideachas sóisialta,imshaoil agus eolaíochta, ceol, taighde.Am - 50 nóiméad
Rang 5 / 6       
léitheoireacht Ghaeilge is Bhéarla, litriú Gaeilge is Béarla, scríbhneoireacht Ghaeilge is Bhéarla, táblaí, matamaitic, filíocht Ghaeilge is Bhéarla,   oideachas sóisialta imshaoil agus eolaíochta, creideamh,ceol, taighde. Am - 1 uair a chloig
Treoracha do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí
Is féidir le tuismitheoirí nó le caomhnóirí cabhrú go mór le hobair na scoile trí dhearcadh dearfach a chothú sa pháiste i leith an obairbhaile. Is cóir don tuismitheoir nó don chaomhnóir glacadh leis an deis seo an caidreamh idir an scoil agus an mbaile a threisiú is a chinntiú go ndéantar an obair bhaile trí :
am áirthe a leagadh amach don obairbhaile um thráthnóna.
áit chiúin ar leith a chur ar fáil don pháiste gach tráthnóna, gan aon chur isteach ón teilifís, ó cheol, ó leanaí ag sugradh, agus ó bhia.
fhéitheoireacht a dhéanamh ar an obairbhaile.
gan obairbhaile a dhéanamh don pháiste riamh ach a bheith ann  chun lámh chúnta a thabhairt má’s gá.
éisteacht le léitheoireacht, táblaí, litriú, dánta, paidreacha.
leabhrán obairbhaile an pháiste a shíniú nuair a bhíonn an obairbhaile déanta i gceart.     
  
D’fhonn freagracht agus neamhspleáchas a chothú sna ranganna sínseareacha agus mar ullmhúchán don mheán scoil, ba chóir go mbeadh Rang 4, Rang 5 agus Rang 6 in ann cuimhneamh ar an obairbhaile gan é a bheith scríofa síos i gcónaí.
Ní ghlacfar le leithscéal ó pháiste nach bhfuil an obairbhaile déanta ach amháin má fhaigheannn an múinteoir nóta scríofa ón tuismitheoir.
Cuirfidh an múinteoir ranga nóta chuig an tuismitheoir nó chuig an gcaomhnóir má’s amhlaidh nach ndearnadh aon ghné den obairbhaile.   Is cóir cur in iúl don mhúinteoir láithreach má bhíonn aon fhadhb ag an bpáiste in aon ghné faoi leith den obairbhaile. 
   Is cóir coinne a dhéanamh bualadh leis an múinteoir ranga má’s amhlaidh go dtógann sé tréimhse níos faide go minic ná mar a mholtar don pháiste an obairbhaile a chur de/di nó má bhíonn deacrachtaí leanúnacha ag an bpáiste le h-aon ghné den obairbhaile. 
Tá foireann teagaisc na scoile fíorbhuíoch díot as do chomhoibriú
 
 
 
 
Built By Digital Crew