Gutháin Phóca

Aithnítear gur féidir le gutháin phóca cur isteach ar dhaoine i gcónaí agus go háirithe i scoileanna.
Ní hamháin nach bhfuil siad oiriúnach, áfach, níltear cinnte fós an mbíonn drochthionchar ag úsaid rialta guthán póca. D’fhéadfadh leanaí a bheith leochaileach maidir leis sin. Tá taighde ann chomh maith a deireann go bhfuil ceangail idir ghutháin phóca agus an bhulaíocht. Ar bhonn sláinte agus sábháilteachta agus ag cur treoirlínte um Chosaint an Linbh san áireamh molann Bord Bainistíochta na Gaelscoile nach mbeadh gúthan póca ag daltaí ar scoil.


Coinníollacha speisialta
o Má tá sé riachtanach do pháiste guthán póca a bheith leo ar scoil toisc é a bheith ag teastáil díreach i ndiaidh am scoile caithfear glacadh leis na rialacha thíos luaite.

o Caithfidh an guthán a bheith múctha ar fad le linn am scoile.

o Níl cead aon ghriangrafanna a thógaint leis an guthán póca.

o Má bhíonn guthán póca ar siúl ag páiste le linn am scoile, tógfaidh an múinteoir an guthán ón pháiste agus beidh ar thuismitheoir teacht agus é a bhailiú ón mhúinteoir.

o Cuirtear achoimre den pholasaí sa Leabhrán Eolais agus déantar é a mheabhrú go minic sa Nuachtlitir scoile. Tá sé luaite go sonrach sa Chód Iompair chomh maith.

o Tá teacht ag an bhfoireann agus ag daltaí ar line na scoile do ghlaonna phráinneacha.


o Níor chóir don fhoireann gutháin phóca a úsáid ach go hannamh agus le haghaidh glaonna riachtanacha, agus ní mór dóibh glacadh le glaonna/glaonna a dhéanamh i spáis oscailte nó in áit nach bhfuil na daltaí. Níor chóir gutháin le ceamaraí a cheadú i scoileanna.


Glactha ag Bord Bainistíochta Eanair 2011
Sínithe ag an gCathaoirleach__________________________

Athbhreithniú 2013
 

© 2011 Gaelscoil na Dúglaise | Web Design by Digital Crew