C.C.

Ceisteanna

  1. Cad is Gaelscoil ann?
  2. Cén fáth Gaelscoil?
  3. An gá Gaeilge líofa a bheith agam?
  4. Cad a tharlaíonn i rang na Naíonán?
  5. Mar is féidir le tuismitheoirí cabhrú - Tacaíocht Phraiticiúil

  1. Cad is Gaelscoil ann?

    Is bunscoil í an ghaelscoil a fheidhmíonn faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais.

    Is í an Ghaeilge an teanga teagaisc sa scoil, agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na páistí agus an bhainistíocht.

    Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Bíonn caighdeán ard oideachasúil i ngach ábhar, an Béarla san áireamh, agus leanann siad an gnáthchlár atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais.

    Cuirtear ceol, rince, drámaíocht agus eile chun cinn ionas gur féidir leis an dalta é/í féin a f(h)orbairt de réir a p(h)earsantachta agus a (h)ábaltachta féin

    Cuirtear fáilte roimh gach páiste sa Ghaelscoil is cuma cén cúlra teanga atá acu. Bíonn baint mhór ag tuismitheoirí le heagrú na scoile.

  2. Cén fáth Gaelscoil?

    Is iomaí cúis a bhíonn ag tuismitheoirí páistí a chur go gaelscoil. Is ag méadú i gcónaí atá an t-éileamh ar an ngaelscolaíocht.

    Tá Gaeilge sa bhaile acu agus tá tacaíocht á lorg acu ó thaobh an chórais oideachais de - bheadh fíorbheagán tuismitheoirí i gceist anseo.

    Tá spéis ag na tuismitheoirí sa Ghaeilge agus creideann siad go bhfuil áit lárnach ag an teanga dúchais i bhféiniúlacht chultúrtha a chaomhnú nó a mhéadú.
    Tá an-spéis acu san oideachas dátheangach agus creideann siad go ndéanann an ghaelscoil scileanna teanga indíolta a sholáthar agus go méadaítear ar stádas agus ar dheiseanna post dá réir.

    Méadú ar an gcomhlánú pearsanta.
    Teastaíonn uathu a bheith bainteach leis an scoil mar thuismitheoirí agus creideann siad go bhfuil an-deis acu sa ghaelscoil a bheith gníomhach i dtógáil phobal na scoile.

  3. An gá Gaeilge líofa a bheith agam?

    Ní bhíonn Gaeilge ag 90% de na tuismitheoirí nuair a thosnaíonn a bpáistí ar scoil. Is buntáiste í roinnt Gaeilge a bheith agat, dar ndóigh ach sé an rud is tábhachtaí ná dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a thaispeáint, agus fonn usáid na teangan a spreagadh.

  4. Cad a tharlaíonn i rang na Naíonán?

    Ón gcéad lá cloiseann an páiste an Ghaeilge timpeall air/uirthi, ansin trí spreagadh na timpeallachta agus faoi stiúir an mhúinteora, tagann sé/sí ar thuiscint na teanga. Tá an teanga fite fuaite i ngníomhaíochtaí an pháiste nuair atá sé/sí ag súgradh le brící, le gaineamh agus ag dathú. Tá tarraingt san eachtra nua seo dó agus is mian leis páirt ghníomhach a bheith aige ann - mar sin baineann sé/sí triall as cúpla focal den teanga nua seo a rá. Nach bhfuil gach éinne timpeall air ag déanamh amhlaidh agus cén fáth go bhfágfaí taobh thiar é ? Tosnaíonn sé le h-ainmfhocail choitianta sa timpeallacht atá tábhachtach dó m.sh. lón,múinteoir,leithreas,clós agus de réir a chéile, leathnaítear an chaint go h-abairtí m.sh.,An bhfuil cead agam dul amach? Tá ocras orm.Tá an múinteoir ag teacht.
    Tá ag eirí leis, tá blas faighte aige ar an mbeagán agus tá de dhúshlán aige coimeád suas leis an gcraic.
    Tá cúis aige chun Gaeilge a labhairt. Níl ann ach an páiste ag freagairt go nádúrtha dá thimpeallacht.
    Tá de bhuntáiste breise ag an modh seo go bhforbraíonn an chéad teanga taobh ar thaobh leis an teanga nua mar sé atá ag tarlú go bunúsach ná go bhfuil inniúlacht an pháiste i labhairt agus i sealbhú teangan ag dul chun cinn. De réir mar a théann sé i máistreacht ar an dá theanga bíonn ar a chumas casadh ó theanga gan stró.




  5. Mar is féidir le tuismitheoirí cabhrú - Tacaíocht Phraiticiúil

    Labhraíonn an páiste an Ghaeilge ar scoil mar is gá dó é a dhéanamh. Murach go ndeineann, d'fhágfaí thiar é agus an spórt ar siúl. Mas toil linn go leanfaí den dea-obair sin, gan dabht ar bith, baineann sé le ciall go bhfeicfeadh an páiste gá agus brí leis an nGaeilge i dtimpeallacht níos leithne ná an scoil. Faoi na tuismitheoirí, ach go háirithe atá sé féachaint chuige seo.
    Tá sé tábhachtach go ndéanfadh tuismitheoirí gach iarracht an Ghaeilge a labhairt agus iad i dtimpeallacht na scoile.
    Cuirtear ranganna oíche ar fáil do thuismitheoirí sa scoil i rith an Gheimhridh, cuirtear amach Nuacht Litir go míosúil, cuirtear fógraí, nótaí scoile amach go minic agus is mór iad na himeachtaí inár féidir le tuismitheoirí a bheith páirteach agus caint bhunúsach trí Ghaeilge a chlos agus a chleachtadh.

Built By Digital Crew