Cuairt an Úachtaráin
An Cuireadh a spreag An t-Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil na Dúglaise ar an 26ú Samhain 2010 mar chuid de Chomóradh 25 bliana.
A Uachtaráin Uasal,
Ba mhór an onóir a bronnadh orainn a bheith roghnaithe dul i dteagmháil leat ar son ‘Gaelscoil na Dúglaise’.
Is pribhléid é litir a chur chugat mar is mór an meas atá againn ort mar Uachtarán na hÉireann, mar ionadaí pobail na hÉireann agus mar mháthair freisin.
Rinneamar staidéar ranga bunaithe ar do shaol, na dualgaisí atá ort mar Uachtarán, do theach galánta ’Áras an Uachtaráin’ agus gnéithe eile den rialtas.
Is sinne daltaí ó Rang 5 i nGaelscoil na Dúglaise faoi chúram Múinteoir Denise.
Tosnóimid le blúire eolais faoin scoil a thabhairt duit. Is Gaelscoil, thumoideachais chomhoideachasúil, Chaitliceach í Gaelscoil na Dúglaise. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile .Tá taithí againn ar theanga a fhoghlaim go héasca agus tuigimid gur féidir teangacha eile a fhoghlaim go héasca chomh maith de bharr an tús a bhfuaireamar leis an gcóras tumoideachais. Tá an - sheans go mbeidh tuiscint agus meas againn ar dhaoine ó chultúir eile, rud atá tábhachtach agus an tír ag eirí níos ilchultúrtha. Is é mana na scoile ná 'Doras Feasa Fiafraí' as a spreagfar gach páiste chun fiosrachta i dtreo an eolais trí mheán na Gaeilge. Níl na múinteoiri ró – olc ach oiread ! agus cothaítear timpeallacht sona socar in a mbaineann gach páiste barra a c(h)umais amach go teangeolaíoch, go cogneolaíoch, go sóisialta, go fisiciúil, go h-aestéitiúil, go spioradálta is go mórálta. Déanaimid mionthagairt anois do stáir na scoile.
Bunaíodh Gaelscoil an Athar Tadhg Ó Murchú, Gaelscoil na Dúglaise i Méan Fómhair 1985 le 20 páiste ar na rollaí de bharr feachtais a chuir scata tuismitheoirí agus daoine eile gur spéis leo an Ghaeilge agus an Ghaelscolaíocht a chur i gcrích. Ainmníodh an scoil in onóir an Athar Tadhg Ó Murchú. Sagart na Gaeilge a ghlaoití air i gCathair Chorcaí.
Ceapadh Niamh Ní Mhaoláin mar phríomhoide sa bhliain 2002. Is priomhoide óg nua aimseartha í le fíor grá aici don ghaeilge agus oibríonn sí go crua chun an grá sin a chur i bhfeidhm i gcroí na bpáistí.Tá gaol an-mhaith aici leis na daltaí agus an fhoireann chomh maith agus cuireann sé sin go mór le atmasféar na scoile.
Faoi láthair, tá seacht n- oide déag fostaithe sa scoil le breis is 330 páiste ó naoi dtír éagsúla faoin a gcúram.
Thosaigh an scoil amach i seomraí de chuid bráithre na Toirbhirte ar bhóthar na Dúglaise, áit ina bhfuil Reeveswood eastát tithíochta lonnaithe anois. Bhí gaol an -dearfach ag an scoil leis na Bráithre ón gcéad lá.
De bharr comhoibriú den scoth idir bhainisteoirí, mhúinteoirí agus thuismitheoirí, bhogamar isteach i bhfoirgneamh úrnua, laistiar den Chuarbhóthar Theas agus taobh le Bóthar Theas na Dúglaise. Tá an- áthas orainn a rá go bhfuil Gaelscoil na Dúglaise fréamhaithe i saol an phobail sa Dúglas anois.
Is dócha gurb í an príomh chúis go bhfuilimid ag scríobh chugat ná chun ceist a chur ort faoi teacht chuig ár scoil an bhliain seo chugainn mar beimid ag ceiliúradh oscailt 25 bliana na scoile ! Táimid ag tabhairt go leor foláireamh duit anois chun spás a choiméad saor i do dhialann dúinn mar gan amhras is duine an- ghnóthach tusa!
Gan amhras is dócha go bhfaigheann tú go leor cuirí chun teacht chuig scoileanna ach cad é a dhéanann an difríocht idir sinne agus scoileanna eile? Cén fáth gur fiú duit teacht chun na hócáide seo a chéiliúradh linne?
Déanaimid iarracht anois go leor cúiseanna a thabhairt duit.
Ar an gcéad dul síos tá suíomh idirlíon íontach againn www.gaelscoilnaduglaise.ie Tugann an suíomh seo deis do pháistí, tuismitheoirí agus do mhúinteoirí seal a chaitheamh linn ar aistear na foghlama. Tá áthas orainn go mbeidh ár ngaolta agus ár gcairde ó chian is ó chóngar in ann buaic phointí ár saol scoile a cheiliúradh linn. I dteannta sin is foinse mhaith eolais é do thuismitheorí le laethanta saoire agus imeachtaí le fáil ar an bhféilire.
Tá traidisiúin an- láidir ceoil sa scoil .Tá cór iontach i nGaelscoil na Dúglaise. Glacann siad croí lár in ócáidí scoile. S'iad daltaí ranganna 5 & 6 atá sa chór.
Canann an cór go rialta ag maidineacha caifé do thuismitheoirí agus do chuairteoirí chun na scoile. Bíonn siad ar an stáitse i Halla na Cathrach go bliantúil ag Cór Fhéile na Scol. Is ócáid aoibhinn bhliantúil í nuair a théann said ar cuairt go Barda Naomh Oilibhéar in Ospidéal Naomh Fhionnbarra agus déanann siad taispeántas i gcomhair na seandaoine. Is mó litir dheas atá faighte againn ón ospidéal ag cur ina luí orainn an pléisiúr a thugann an cór dos na hothair.
Le blianta beaga anuas, tá ranganna iarscoile ar siúl. Tá na ranganna ag dul i dtreise ó bhliain go bliain. Bíonn rang i litearthacht an cheoil ar siúl gach aon Chéadaoin le Eleanor Ní Chonchúir. Tá an- rogha uirlisí ar fáil, an veidhlín, an piano agus an giotár san áireamh. Ullmhaítear na páistí do scrúdaithe don Acadamh Ríoga Éireann má's mian leo. Bíonn ceolchoirm bhliantúil ag Scoil Cheoil na Cathrach i nGaelscoil na Dúglaise chomh maith.
Tá banna ceoil traidisiúnta den scoth i nGaelscoil na Dúglaise. Tá páistí ó ranganna 1 – 6 páirteach ann. Is iad na huirlisí a bhíonn le cloisteáil ná an veidhlín, an fheadóg mhór, an fheadóg stáin, an Consairtín agus an bodhrán. Chomh maith le sin tagann go leor cuairteoirí ceolmhara ar cuairt chugainn, Banna Cheoil an Airm san áireamh!!
Tá Cumann na dTuismitheoirí ar fheabhas in ár scoil. Roinneann siad a gcuid ama agus ar gcuid dtalainn i gcomhairle leis an scoil ar mhaithe le timpeallacht taitneamhach a chur chun cinn dúinn. Déanann siad sár obair chun cur le atmasféar foghlama na scoile cibé slí gur féidir leo le cóisirí, maidin caifé agus an gairdín scoile nua ach go hairithe.
Tá gairdin scoile álainn againn cois scoile agus b'onóir don scoil é cúpla mí ó shin nuair a tháinig an cócaire cáiliúil Richard Corrigan chun na scoile chun 'Tollán na Gaelscoile' a sheoladh go hoifigiúil. Is obair na dtuismitheoirí i dtaca leis an scoil an tollán seo go príomha. Bíonn glasraí agus torthaí álainne aibí acu go minic agus díoltar iad os comhair na scoile nuair a bhionn siad ullamh. Is áis iontach foghlamtha iad do phaistí na scoile mar go ndéanann na ranganna staidéar orthu sa seomra ranga. Tugann sé deis do pháistí píosa den tuath a bhaint amach i lar na cathrach agus seans a thabhairt dúinn ligint orainn go bhfuilimid go leir in ár bhfeirmeoirí iontacha! Chuir na tuismitheoirí snas ar ár gcistin chomh maith le deanaí agus líon siad suas é le fearas cócaireachta chun feabhas a chur ar ár scileanna cócaireachta. Faigheann gach cuairteoir speisialta ciseán mar bhronntanas lán le glasraí agus torthaí deasa a dhéanfadh dinnéar álainn in Aras an Uachtaráin diobh!
Tá béim mhór ar spórt sa scoil freisin agus tá foireann peile agus iománaíochta na scoile ag feabhsú gach lá. Freisin bíonn cispheil agus rugbaí ar siúl againn sa scoil. Bhí sceitiminí orainn cúpla mí ó shin nuair a thainig Luke Fitzgerald,-Iarscoláire agus imreoir rugbaí na hÉireann ar cuairt chugainn chun Seachtain na Gaeilge a sheoladh go hoifigiúil. Chaith Luke a chéad chúig bliana sa scoil seo. Mar is eol duit tá traidisiúin laidir an CLG againn i gCorcaigh agus bhí Amanda Ó Riogáin istigh linn le Corn Uí Dhufaigh agus bhí Tomás Ó Sé istigh linn freisin leis an gCorn Sam Mhic Uighir. Is as Tiobraid Arainn ár Múinteoir Ranga agus bhi sí dóchasach go mbeadh imreoir ag teacht ar cuairt le Liam ach óchón fuair na cats an lámh in uachtar agus bhi lá eile arís acu (fós níl si in ann labhairt faoi!!!).
D’fhéadaimís dul ar aghaidh gan stopadh leis na cúiseanna a gceapaimíd go bhfuil sé tuillte againn cuairt a fhail ón ár n-Uachtarán iontach. Labhair tú i d’oráid i gCaisleán Baile Átha Cliath faoi dhroichead a thógáil. Táimíd sásta bualadh leat i lár an droichid agus é a thrasnú le chéile. Is sinne todhchaí na hÉireann, le árd mheas againn ar ár dteanga dúchais agus an gcúltúr a bhaineann leis. Cloisimid go bhfuil árd mheas agat ar an dteanga agus ar an gcultúr chomh maith agus go bhfreastalaíonn tú ar chúrsa Gaeilge go bliantiúil. Má thagann tú chugainn líonfaimid suas tú le cúpla focal gan trácht ar cheol agus atmasféar atá sáite i bhfior grá don chúltúr.
Rinne tú tagairt don file Christopher Logue nuair a insealbhaíodh tú mar Uachtarán na hÉirinn i 1997 agus ar an mbonn sin rinneamar staidéar ar an dán a labhair tú faoi.
Anois táimíd ag impí ort a dhuine uasail
‘’Come to the edge, he said.
They said: We are afraid.
Come to the edge, he said.
They came.
He pushed them and they flew ’’
Agus geallfaimid duit, a Mháire, eitleoidh do chroí leis an bhfáilte a bhfaighidh
tú i nGaelscoil na Dúglaise,
Le mórmheas
Daltaí ó Rang a Cúig,
Gaelscoil na Dúglaise.
26/ 11/ 10.
A Uachtaráin na hÉireann,
Gabhaim buíochas ó chroí leat as cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil na Dúglaise ar maidin. Ba phribhléid domsa mar phríomhoide tú a thionlacan timpeall ar na seomraí ranga agus an dea-chleachtas scoile a roinnt leat.
Bhí fís ag Rang 5 anuraidh go mbeadh Cuairt ó Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Ghiolla Íosa mar bhuaicphointe do chomóradh cúig bliana ‘s fiche anseo sa Ghaelscoil.
Chuir tusa an fhís seo i gcrích do dhaltaí na scoile seo agus táimid go mór faoi chomaoin agat dá bhárr. Bhí na daltaí seo ar bís labhairt leis an Uachtarán. Bhí móran foghlamtha acu fút roimhré ón suíomh idirlín www.president.ie. B’aoibhinn leo go mbaineann tú an shult as do chuairteanna ar scoileanna agus gur nós leat chomh maith cúrsa ghaeilge a dhéanamh i dTír Chonaill go bliantiúil.
Istigh i Ranganna Naíonáin Bheaga fuair tú blaiseadh don luath thumoideachas ag feidhmiú go nádúrtha agus na páistí beaga i mbun amhránaíochta. Chonaic tú na páistí ó Naíonra na Gaelscoile faoi stiúir Eibhlín Mhic Pharthalain chomh maith. Táimid brodúil as an nasc seo leis an earnáil réamhscolaíochta.
Sa seomra deireanach chas tú le Cathaoirleach ar Chumann na dTuismitheoirí Sharon Mc Carthy agus roinnt ealaíontóirí óga lena gcuid oibre don taispeántas ealaíne scoile dár teideal ‘Céiliúraimis ár gcruthaitheacht’. Beidh an taispeántas seo os comhair an phobail sa leabharlann áitiúil sa Dúglas i gcomhair Mí na Nollag. ‘Bhí alt ag Daithí O Sé le déanaí ar fhoinse nuair a dhein sé tagairt d’Uachtarán na hEireann mar mháthair na tíre. Cinnte do léirigh an t-Uachtáran na tréithe seo go smior i dteannta ár ndaltaí ar maidin.
Aithníonn Gaelscoil na Dúglaise an ról atá ag tuismitheoirí mar phríomhoideachasóirí a bpáistí agus comhoibríonn foireann na scoile leo go fonnmhar.
Bhí samplaí don ionchur atá ag tuismitheoirí na Gaelscoile seo sa spórt, sa cheol, san ealaín agus san eolaíocht á léiriú inniu againn.
Aithníonn Bord Bainistíochta na Gaelscoile seo gurb iad na páistí croílár na scoile seo. Ó’n méid atá feicthe agamsa ar maidin is cinnte gurb iad na hurlabhratha is fearr atá againn chomh maith.
Treoraíonn an fhoireann teagaisc dianshaotharach anseo daltaí na scoile le h-uasdeiseanna na Gaelscolaíochta a thapú le cinntiú go mbeidh ár ndaltaí ina shaoránaigh cumasacha . Tuigimid go bhfuil dualgas faoi leith orainn mar mhúinteoirí mar go bhfuilimid ag plé le todhchaí na tíre. Na dearmadaimis gurb iad na páistí seo an t-acmhainn is mó in Éirinn an lá inniu.
Tá sé de phribhléid againne mar mhúinteoirí a bheith i dteannta na páistí seo. Tá siad ábálta, Tá said fuinniúil. Tá said dóchasach. – fiú amháin in am an ghátair.
A Uachtaráin na hEireann, gabhaim buíochas leat as do chuid ama a chaitheamh go fial linn. Mar Uachtarán tuigim go bhfuil ardmheas agat ar ghnáthmhuintir na hEireann, daoine a bhfuil éacht bainte amach acu ar leibhéal áitiúil. Tugann do chuairt aitheantas do bhainistíocht ,do fhoireann, do fhoireann cúnta s’iad sin an feighlí Dudley agus an rúnaí Marie, tuismitheoirí, agus daltaí Gaelscoil na Dúglaise. Beidh cuimhne againn ar an lá seo go ceann i bhfad.
Táimid tagtha go dtí an pointe gur mhaith liom iarraidh ort a Uachtaráin plaic beag a nochtadh in onóir do cuairte ar an scoil seo. Chomh maith leo seo tá obair ealaíne le nochtadh. Is í an t-ealaíontóir ná Sinéad Hennessy – duine dár tuismitheoirí. Tá an píosa ealaíne seo mar shampla de “Pointillism”. Bhailigh na páistí na míllte cnaipe atá úsáidte ag Sinéad ina cuid oibre. Tá na céadta uaireanta cloig imithe isteach san obair seo.Is léiriú ar ghnéithe shuntasacha de shaol na scoile é an obair seo .Seasfaidh sé mar bhuanchuimhne ar Chuairt an Uachtaráin – Máire Mhic Ghiolla Íosa ar ár scoil. Ár mile buíochas leat.
A Uachtarán na hÉireann,
Is mór an onóir domsa mar chathaoirleach reatha ar Ghaelscoil na Dúglaise fíor chaoin fáilte a chur romhat.
Is ocáid stairiúil í seo dúinne mar phobal scoile agus sin ag céiliúradh cúig bliana is fiche ar an saol.
Tréaslaímid le Gaelscoileanna eile i gCorcaigh atá ag céiliúradh chomh maith. Is ar scáth a chéile a mhairimid. Tá an tacaíocht proifisiúnta a fhaighimid ó phobal oideachais agus Gaeilge Chorcaí an tabhachtach dúinn.
Gabhaimid buíochas leis na hionadaithe os na Gaelscoileanna eile atá anseo, na bunscoileanna áitiúla, na meán scoileanna ar a fhreastalaíonn ár daltaí, an t-Ionad Oideachas agus na heagrais Ghaeilge.
Tugann do chuairt deis céiliúrtha agus machnamh dúinn. Bímid ag cuimhneamh ar na daoine ar fad a d’imigh romhainn, bunaitheoirí na scoile, iarchathaoirligh, iar bhaill bhoird bainistíochta, iar thuismitheoirí agus gan dabht iarscoláirí. Tá an-áthas orainn go bhfuil roinnt mhaith acu inár gcomhluadar inniu.
Gabhaimid buíoch le Bráithre na Toirbhirte a thug seomraí dúinn i gColáiste Mhuire sna blianta tosaigh agus do pharóiste na Dúglaise a thug tacaíocht dhearfach dúinn ón gcéad lá go dtí an lá inniu.
Tugann do chuairt anseo aitheantas don obair dheonach atá ar siúl sa Ghaelscoil seo. Tá tuismitheoirí an ghníomhach i saol na scoile ag léibhéal an Bhoird Bainistíochta agus ag léibhéal Cumann na dTuismitheoirí chomh maith. Oibríonn said mar pháirtnéirí le foireann na scoile le deimniú go bhfaigheann páistí na scoile seo oideachas don chéad ghrád ionas go mbeidh said ullamh don saol amach rompu.
A Uachtarán,
Fáiltimid ó chroí roimh do chuairt. Cuireadh an síol cúig bliana ‘s fiche ó shin. Táimid ag baint an fhomhair inniu agus tú i láthair. Gura fada buan sibh.