Cód Iompair

Cód Iompair

Cód Iompair


Ráiteas tosaigh
Tá Bord Bainistíochta Gaelscoil na Dúglaise tar éis glacadh leis an gCód Iompair seo de réir na coinníollacha atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sa chiorclán 20/90, de réir Riail 130 de Rialacha na mBunscoileanna agus an tAcht Oideachais (Leas), 2000, Alt 23 (1).

Ráiteas Scoile:
Is gnéith rí-thábhachtach do shaol na scoile seo an t-iompar a bhíonn le sonrú sa saol laethúil scoile. Cabhraíonn an cód iompair le hatmaisféar dearfach a chothú agus a shníomh trí gach snáth den scoil, chun go mbeidh ar chumas ár múinteoirí múineadh go héifeachtach agus go mbeidh deiseanna oiriúnacha foghlama curtha ar fáil do gach páiste, le go mbeidh ar a gcumas foghlaim a dhéanamh mar is dual dó/dí. Eascrann an cód seo ón ngá atá le dea-riar, dea-iompar agus dea-bhéasa a chothú sa timpeallacht scoile agus i measc an phobail.
Caithfidh comhaontas láidir a bheith ann i measc pobal na scoile go léir chun aird chaighdeán dea-iompar a bhaint amach sa scoil. Tá an scoil ag súil le comh oibriú láidir idir an scoil agus an baile leis an gcód seo a chur i bhfeidhm
Déanfaidh an Bord Bainistíochta gach iarracht an cód seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go tuisceanach, chomh maith le deíleáil le haon chás a thiocfaidh os a gcomhair go cóir, coinsiasach, ionann. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tacaíocht don Phríomhoide, múinteoirí, tuismitheoirí/ caomhnóírí na scoile maidir le feidhmiú an chóid.
Teastaíonn uainn bunoideachas d’ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil d’ár bpáistí i dtimpeallacht thaitneamhach, shábháilte lán-Ghaelach.
Tá an cód seo againn le soiléiriú a dhéanamh ar an gcaighdéan iompair a bhíonn á lorg againn sa scoil agus le cabhrú le pobal na scoile tuiscint a fháil ar na córais agus na nósanna imeachta atá mar chuid lárnach den chód iompair.

An gaol le spioraid sainiúil na scoile:
Tuigimíd gur cuid an-tábhachtach den gcód iompair an dearcadh dearfach a bhíonn le feiceáil go laethúil ón bPríomhoide, múinteoirí, tuismitheoirí/ caomhnóírí agus na scoláirí. Teastaíonn uainn go mbeadh an dea-shampla agus dea-iompar á chothú go leanúnach agus go dtabharfar aitheantas agus moladh don ndea-iompar nuair a bhíonn sé le feiceáil. Ní foláir dúinn go léir, go háírithe múinteoirí na scoile, a chinntiú go léireofar ard mholadh don pháiste, nuair is cóir. Déanfar páistí a mholadh de bharr an dea-ghníomh a dhéanann siad, an dea-iompar a mhaireann siad nó/agus an dea shampla a thugann siad.
Beidh béim i gcónaí ar fhorbairt an pháiste le linn a t(h)réimhse sa scoil. Beifear ag súil le hárd chaighdeán iompair ó na daltaí le go mbeidh daltaí, foireann agus teaghlaigh na scoile in ann taitneamh agus tairbhe a bhaint as a dtaithí sa scoil.

Aidhmeanna: Tá aidhmeanna an chód seo bunaithe ar na bun phrionsabail a leanas –
• Dea-fhoghlaim
• Dea chumarsáid
• Meas
• Sábháilteacht
Chun iad seo a bhaint amach éilímíd go gcuirfear na haidhmeanna seo i gcrích....
A chur ar chumas na scoile feidhmiú i slí tuisceanach, coinsiasach, ionas gur féidir le leanaí dul chun cinn a dhéanamh i ngach gné dá bhforbairt
Atmaisféar a chruthú ina bhfuil meas agus tuiscint againn ar a chéile agus go dtugtar aitheantas do dhínit gach duine
Iompar dhearfach, freagracht phearsanta agus féinsmacht a chothú, ag tabhairt airde ar na difríochtaí idir leanaí agus an gá atá le freastal ar na difríochtaí sin.

Cur chuige na scoile maidir le hiompar dearfach a chur chun cinn
Creideann an scoil sa tábhacht a bhaineann le cur chuige uile scoile chun iompar dearfach a chur chun cinn agus tá polasaithe i bhfeidhm sa scoil chun é seo a léiriú. Tá éiteas scoile dearfach againn bunaithe ar dea chaidreamh idir múinteoirí agus dea chumarsáid idir na páirtithe go léir inár scoil. Feictear é seo sna gníomhaíochtaí scoile agus cabhraíonn sé le mothú láidir shóisialta a chothú sa scoil. Déantar gach iarracht luachanna iompair a shealbhú, ón gcéad lá ar scoil.
An Fhoireann
Inár scoil, caithimid go léir caidreamh a dhéanamh a léiríonn meas agus dínit dá chéile.
Cuireann an príomhoide agus an fhoireann teagaisc béim an-láidir ar thábhacht an chomhoibriú agus ar dhearfacht an phobail maidir leis an ndea iompar a chur chun cinn agus áit lárnach a thabhairt do dhínit gach duine atá ag feidhmiú sa scoil. Is féidir le daltaí na scoile, an comhoibriú seo, a fheiceáil agus tá freagracht ar gach ball den bhfoireann cabhrú é seo a chuir chun cinn.

An Bord Bainistíochta: Tacaíonn an Bord Bainistíochta leis an gcód iompair.
Déantar comhairliúchán leis an mBord Bainistíochta nuair atá an cód iompair á athbhreithniú, ag cruinniú Bord Bainistíochta nó más gá fo-choiste a chur i bhfeidhm le féachaint go mion ar an gcóras/ ar an gcód agus a éifeacht a mheas.
Tacaíonn an Bord Bainistíochta leis an gcód iompair sa scoil ar bhonn leanúnach tré dea thoil a chothú i measc na páirtithe ar fad agus tacaíonn an Bord leis an bhfoireann agus an cód iompair á chur i bhfeidhm m.sh. tá an Bord lán-sáta deiseanna ar fhorbairt foirne a chur ar fáil.
Déantar na nósanna imeachta atá ann don Bhord Bainistíochta chun déileáil le sáruithe dáiríre iompair a athnuachaint, a iniúchadh, a cheistiú go rialta agus athbhreithniú a dhéanamh orthu go bliantúil.

Tuismitheoirí
Scaiptear cóip leasaithe, gearr den chód ar thuismitheoirí, tar éis dul i gcomhairle leis an bhfoireann, tuismitheoirí, bainistíocht srl, nuair a bhíonn páiste cláraithe le freastal ar an scoil agus bíonn cóip iomlan ar fáil sa scoil féin agus ar an suíomh idirlín www.gaelscoilnaduglaise.ie Tacaíonn tuismitheoirí leis an scoil ó thaobh dea-iompar a chur chun cinn agus caighdeáin ard iompair a chothú m.sh.
• Tá siad ar an eolas faoi chóras duaiseanna agus smachtbhannaí na scoile agus comhoibríonn siad leis
• Déanann siad cinnte go mbíonn páistí ar scoil in am
• Freastalaíonn siad ar chruinnithe ag an scoil má éilítear sin orthu
• Cabhraíonn siad le páistí an obair bhaile a dhéanamh
• Déanann siad cinnte go mbíonn na leabhair agus na hábhair riachtanacha don scoil ag leanaí
• Síníonn said an leabhrán obairbhaile go laethúil, chun a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoi cad atá a bpáistí ag déanamh ar scoil.

Luachanna le cur chun cinn inár scoil:
Is iad seo na luachanna a léiríonn na caighdeáin iompair atá á lorg agus á fhorbairt againn inár bpobal scoile ná m.sh:
• meas ort féin agus ar dhaoine eile
• cineáltas le agus toilteanas cabhrú le daoine eile
• cúirtéis agus dea-bhéasaí
• slite dignítiúla a úsáid chun deacrachtaí & coimhlint a réiteach
• maithiúnas

Straitéisí chun dea-iompar a chothú
1. Úsáidfear curaclam OSPS na scoile chun tacaíocht a thabhairt don chód iompair. An aidhm atá aige ná cabhrú lenár bpáistí scileanna a fhorbairt – dea scileanna cumarsáide, slite oiriúnacha idirghníomhaíochta iompair agus scileanna le coimhlintí a réiteach. Déantar iarracht freisin féinmheas a chothú agus cabhrú le páistí glacadh le difríochtaí agus saoránacht a fhorbairt trí m.sh. Am Ciorcail, dualgais a dháileadh, freagracht a thabhairt do pháistí agus de réir mar a fhásann siad, a bheith gníomhach ag maoirseacht a n-iompar féin.
Is féidir le tuismitheoirí & múinteoirí tionchar a bheith acu ar roinnt coinníollacha a bhaineann le hábaltacht dalta chun a n-iompar féin a athrú. I measc na dtoscaí seo tá:
• spriocanna a thabhairt do dhalta
• scileanna a fhorbairt le deileáil le coimhlintí
• tacaíocht ó thuismitheoirí, ó theaghlach, ó mhúinteoir agus ón bpiarghrúpa

Is iad seo a leanas roinnt d’ár straitéisí le dea-iompar a chothú i measc na ndaltaí sa rang agus ag leibhéal na scoile.
• go mbeadh daltaí páirteach i róil a bhfuil freagrachtaí ag baint leo sa scoil
• go dtuigfeadh daltaí tábhacht an chód agus an ról atá acu ina chuir chun cinn
• go bhfeicfeadh siad go n-oibríonn an cód go cothrom
• go mbíonn daltaí a chur san áireamh in ullmhú rialacha scoile agus seomra ranga.
• go ndéantar bainistiú thuisceanach ar an seomra ranga agus ar an gclós
• go ndéantar duaiseanna, dualgais nó pribhléidí a bhronnadh mar a bhíonn oiriúnach

Ba chóir go n-úsáidfí smachtbhanna i slí ómósach, tuisceanach a chabhraíonn le dalta torthaí a n-iompair a thuiscint agus le freagracht a ghlacadh chun an t-iompar sin a athrú. Ní mór don smachtbhanna:
• an teannas a bhaint ón scéal, gan é a mhéadú
• dínit na bpáirtithe uile a chaomhnú
• a bheith curtha i bhfeidhm i slí cóir
• a bheith tráthúil, oiriúnach

Duaiseanna agus aitheantas tugtha do dhea-iompar
Déantar gach iarracht an dea-iompar a cheiliúradh agus aitheantas a thabhairt don ndea-iompar ..... ag tionól, sa rang, bronnadh gradaim, am órga srl.
Riail na Gaeilge
Is í an Ghaeilge teanga teagaisc agus cumarsáide na scoile. Déileáltar le sárú an riail seo faoin bpolasaí Riail na Gaeilge.

Iompar do ghlactha: samplaí iad seo a leanas…
• bulaíocht d’aon saghas
• iompar a chuireann isteach ar theagasc agus ar fhoghlaim
• iompar bhagarthach
• duine eile a ghortú go fisiceach
• damáiste a dhéanamh do mhaoin
• goid
• Briseadh rialacha na scoile, go leanúnach.
• uirlisí na substaintí dainséaracha/neamhdhleathach a thabhairt ar scoil
• droch chaint mhagúil, tarcaisniúil, searbhasach
Níl cead ag aon dalta fón póca a bheith ar siúl acu laistigh de gheataí na scoile. Más gá teagmháíl a dhéanamh le baile nó rl, is féidir le dalta fón scoile a úsáid.

Straitéisí chun déileáil le hiompar doghlactha
Féachann na múinteoirí agus an Príomhoide ar leibheál an ghnímh agus trí úsáid a bhaint as cur chuige ciallmhar, ag féachaint ar dháiríreacht nó ar mhinicíocht na n-ngníomhaíochtaí sin. Seo samplaí de na straitéisí a úsáidtear chun freagairt do dhrochiompar. Pléifidh an fhoireann iomlán/ foireann bainistíochta inmheánach brí na straitéisí sa gcomhthéacs scoile seo nuair a bhíonn athbhreithniú á dhéanamh ar an bpolasaí iompair.
• Labharfaidh an múinteoir leis an bpáiste/na páistí. (ina n-aonar nó i ngrúpa)
• Déanfar iarracht réasúnaíocht a dhéanamh leis an dalta
• Labharfaidh Príomhoide, an Príomhoide Ionaid /Cúnta leis an bpáiste
• Tabharfar breis obair bhaile don pháiste.
• Scarfar an páiste ón gcuid eile den rang ar feadh achair ghearr
• Cuirfear an dalta go dtí rang mhúinteora eile ar feadh achair ghearr
• Cuirfear nóta abhaile ag cur an drochiompair in iúl do na tuismitheoirí.
• Labharfar go príobháideach leis an bpáiste agus na tuismitheoirí le chéile.
• Scarfar an páiste amach óna phiarghrúpa sa chlós ar feadh achair ghearr
• Más díobháil atá i gceist, íocfaidh tuismitheoirí an pháiste as an damáiste
• Tabharfar tuairisc fhoirmiúil chuig an mBord Bainistíochta, más gá

Tuismitheoirí a bheith rannpháirteach i mbainistiú an drochiompair
Ba chóir tuismitheoirí a choimeád ar an eolas faoi dhrochiompar dáiríre a bpáistí. Is fearr teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí go luath, in áit é a dhéanamh mar rogha deiridh. Nuair is cúis imní é iompar dalta, déantar teagmháil le tuismitheoirí, is cuma an bhfuil múinteoirí taréis labhairt leo roimhe sin nó nach bhfuil, an bhfuil fianaise scríofa ann nó nach bhfuil... má cheaptar go bhfuil iompar mí-oiriúnach dáinséarach, caithfear beart a dhéanamh láithreach.
Déantar teagmháil le tuismitheoirí.
Is í/é an múinteoir ranga a dhéanann teagmháil le tuismitheoirí ar dtús de ghnáth ach uaireanta, má bhíonn an mí-iompar chomh diúltach sin, is féidir leis an bpríomhoide an teagmháíl a dhéanamh.
Nuair a thugtar cuireadh do thuismitheoirí teacht chuig an scoil, labhartar leo go proifisiúnta agus míníotar dóibh faoin eachtra a thárla.

Nósanna Imeachta Fionraíochta/Díbeartha
Tá an Príomhoide údaraithe ag an mBord Bainistíochta le dalta a chur ar fionraí ón scoil ar feadh uastréimhse thosaigh de thrí lá scoile as a chéile.

• Éilítear go mbeadh cúiseanna láidir ann chun aon dalta a chur ar fionraí m.sh: go raibh tionchar díobháileach ag iompar an dalta ar oideachas nó iompar na ndaltaí eile
• go bhfuil bagairt ann do shábháilteacht agus an dalta ag fanacht sa scoil
• go bhfuil an dalta freagrach as damáiste tromchúiseach do mhaoin.
Féadfaidh mí-iompar amháin a bheith ina chúis le duine a chur ar fionraí.
• Déantar deimhin de go gcuirtear dalta ar fionraí i slí atá féaráilte...
• Baintear úsáid as gach slí eile chun déileáil leis an iompar sula gcuirfear leanbh ar fionraí ach ar ndóigh, i gcás mór eachtra drochiompair, ní bhíonn aon rogha

Nuair a bhíonn an chosúlacht ann go ndéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh dalta a chuir ar fionraí, déanfar cinneadh i slí nach bhfuil claonta & le coinsias glan.
Ma bhíonn dalta á chur ar fionraí, líonfar isteach an fhoirm á chur sin in íul agus déantar feitheoireacht ar an bpáiste go dtí go mbailíonn tuismitheoir(í) é/í
Éilítear ar dhalta, tuismitheoir(í) agus baill foirne nuair atá an tréimhse fionraíochta thart, deileáil leis an leanbh go tuisceanach, coinsiasach agus ní náireofar an leanbh ar fhilleadh dó/dí.
Má táthar ag iarraidh dalta a chur ar fionraí ar feadh tréimhse níos mó ná trí lá, bíonn gá le cinneadh speisialta ón mBord Bainistíochta. Tugtar deis do thuismitheoirí / múinteoirí labhairt leis an mBord sula ndéantar an cinneadh
Más tréimhse nach giorra ná sé lá atá i gceist, úsáidtear foirm chaighdeánach chun an tOifigeach Leasa Oideachais a chur ar an eolas faoi.
Fionraí láithreach
In amanta eisceachtúla, féadfaidh an Príomhoide cinneadh a dhéanamh go bhfuil fionraí láithreach oiriúnach, i gcás ina léireofaí go mbeadh an dalta ag an am sin mar fhíorbhagairt do shábháilteacht dhaltaí, d’fhoireann na scoile, nó d’éinne eile.
Fionraí neamhfhoirmiúil
’Sé atá i gceist leis seo ná dalta a eisiamh ar feadh roinnt den lá scoile, mar smachtbhanna nó iarraidh ar thuismitheoirí leanbh a choimeád ón scoil ar feadh tréimhse.
Taifid agus tuairiscí
Coimeádtar cuntais i leith iompair daltaí go leanúnach sa scoil. Scríobhtar an cúntais ar shlí a thugann eolas neamhchlaonta dúinn.
Cuntais scoile
Bíonn cuntas á choimeád ar alán gnéithe de shaol an pháiste ar scoil m.sh dul chun cinn, tinreamh, poncúlacht srl. Coimeádann an múinteoir cuntas ar mhí-iompar sa rang/ sa chlós nó pé áit a fheiceann siad a leithéad. Oibríonn gach éinne mar bhall d’fhoireann lena chinntiú go bhfuilimíd ag feidhmiú mar aonad. Bíonn na cuntais ar fáil i gcuntas an mhúinteora. Bainistíonn gach oide nuashonraí agus stóráitar na dtaifead sin i gcód an linbh, ar a laghad go deireadh na bliana nó más drochiompar leanúnach a bhíonn i gceist, tabharfar na cuntais ar aghaidh chuig an chéad rang eile.
Coimeádtar nótaí ó thuismitheoirí, cumarsáid idir an scoil agus baile, le heagrais sheachtracha srl, i gcód an linbh nó san oifig ar a laghad go deireadh na bliana.

Nósanna imeachta le fógra a thabhairt faoi asláithreacht ón scoil:
Úsáidtear na gnáth straitéisí chun dea nósanna tinrimh a spreagadh sa scoil:
• Timpeallacht spreagúil agus tarraingteach a chruthú
• Córas le tinreamh mhaith nó feabhsaithe a aithint
• Clár ama ranga tarraingteach ar scoil
• Tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi théarmaí an Achta Oideachais (Leas) agus na himpleachtaí lena mbaineann.
• Ar fhilleadh ar scoil do leanbh, tugann tuismitheoirí nóta isteach ag cur múinteoirí ar an eolas i scríbhinn, faoi asláithreacht a linbh sa scoil agus cúis na hasláithreachta sin. Coimeádtar na nótaí sin go deireadh na bliana sa leabhar rolla.

Tagairt do Pholasaithe eile: Seo roinnt beartais scoile eile go mbíonn tionchar acu ar an gcód iompair m.sh. Plean OSPS; Frithbhulaíocht; Cúntas a Choiméad; Naisc Bhaile/Scoile; Sláinte & Sábháilteacht; Comhionannas; Riachtanais Speisialta Oideachais

Róil agus Freagrachtaí: Tá freagracht ar gach ball den phobal scoile, a chinntiú go mbíonn an polasaí seo ag feidhmiú go hoiriúnach agus go héifeachtach. Tá gá lena alán comhoibriú chun go mbeadh sé ag feidhmiú le tuiscint inár scoil. Déanfar monatóireacht leanúnach ar an bplean agus ag tús na scoilbhliana déanfar deimhin de go bhfuil aon athruithe is gá déanta. Tá dea-riar an pholasaí seo ag braith orainn go léir oibriú le chéíle ar son leasa gach leanbh inár scoil. Bíonn árd chaighdeán dea-thoil ag teastáíl. Cuirfear béim ar a bheith dearfach ag cur an pholasaí i bhfeidhm.
Tá ról lárnach ag an bpríomhoide maidir leis an bpolasaí seo, mar caithfidh sí meon aigne dearfach a bheith aici i leith iompar ach ag an am gcéanna soiléiriú a thabhairt faoin iompar a bheifear ag súil leis sa scoil. Beidh an príomhoide ag feidhmiú sa slabhra, ina bhfuil múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí ar fad ann. Tuigimíd go léir go mbíonn an mhúineadh agus an fhoghlaim níos fearr in áit go bhfuil dea-iompar, in áit go bhfuil meas ar dhínit an duine agus in áit go gcaitear go cóir comhionann le daoine.
Is admháil é freastal an pháiste ar Ghaelscoil na Dúglaise, go nglacann tuismitheoirí nó caomhnóirí an pháiste leis an gcód iompair seo agus leis na nósanna imeachta a ghabhann leis.
Dáta le cuir i bhfeidhm: Meán Fómhair 2010
Clár ama don Athbhreithniú: Athbhreithniú le déanamh 2013 – 2014

Athbhreithniú déanta: Bhí athbhreithniú á dhéanamh ar an bplean seo i rith na scoil bhliana 2009/2010.

 

Aguisín 1 ..... Rialacha na scoile
Labhróidh mé Gaeilge
Léireoidh mé meas
Déanfaidh mé mo dhícheall
Beidh mé cúramach
Beidh mé ionraic
Beidh mé freagrach

Treoir don dalta
•an Ghaeilge amháin a labhairt le comhscoláirí/foireann na scoile i dtimpeallacht na scoile
• freastal ar scoil go rialta agus a bheith poncúil
• do dhícheall a dhéanamh sa rang
• freagracht a ghlacadh as do chuid obair scoile agus d’obair bhaile
• cabhrú le timpeallacht dhearfach shábháilte a chruthú
• meas a bheith agat ar an bhfoireann agus ar dhaoine fásta eile.
• meas a bheith agat ar dhaltaí eile agus ar a gcuid foghlama
• páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí scoile.
• aire a thabhairt do throscáin agus do thimpeallacht na scoile.
• I gcomhthéacs an tsláinte agus na sábháilteachta níl aon chead ag páistí seodra d’aon shaghas a chaitheamh
• cloí le rialacha na scoile.
• éide scoile a chaitheamh gach lá ach amháin nuair a cheadaítear a mhalairt.
• Tagann na páistí isteach trí gheata na gcoisithe amháin. Má bhíonn said déanach don rang ba choir dóibh leithscéal a ghabháil leis an múinteoir. Má tharlaíonn sé go minic caithfidh an tuismitheoir nóta a sholáthar leis an gcúis curtha in iúl.

• Níl cead ag páistí a bheith sa ghairdín ‘Anam Cara’ gan fheitheoireacht ó mhuinteoir nó ó thuismitheoir.
o Má tá páiste ag teacht ar scoil ar rothar caithfidh siad an rothar a shiúil tríd gheataí na gcoisithe.

Aguisín 2………….. Fionraí & Achomharc Alt 29
Cuirtear tuismitheoirí ar an eolas faoin gceart atá acu achomhairc faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998, má shocraítear dalta a chur ar fionraí nó a dhíbirt go buan ón scoil. Ba cheart achomhairc a dhéanamh laistigh de 42 lá, ón dáta a cuireadh an tuismitheoir nó an dalta ar an eolas faoi chinneadh na scoile. (Imlitir 22/02)
Ullmhaíonn an Bord Bainistíochta (le cabhair/treoir ó mhúinteoirí) freagra má agus nuair atá achomharc á iniúchadh ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. (Alt 12, Ciorclán 22/02 – Achomharc a Phróiseáil)
An fionraí a chur i ngníomh
A. Fógra i scríbhinn
Tugann an Príomhoide fógra i scríbhinn do thuismitheoirí agus don ndalta maidir leis an gcinneadh é/í a chuir ar fionraí. Caithfidh an litir iad seo a leanas a léiriú:
1. tréimhse na fionraí, na dátaí ar a dtosóidh agus ar a gcríochnóidh an fhionraí
2. na fáthanna atá leis an bhfionraí
socrú ar fhilleadh ar scoil
gealltanais a chaithfidh an dalta agus na tuismitheoirí a thabhairt
ceart achomhairc d’Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna (an tAcht Oideachais, 1998, alt 29).
Deireadh a chur le fionraí
Is féidir deireadh a chur le fionraí má dhéanann an Bord Bainistíochta cinneadh, an fhionraí a stad ar aon chúis nó má threoraíonn Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais & Scileanna don scoil an fhionraí a chuir ar ceal faoi Alt 29 den Acht Oideachais, ‘98.
De ghnáth, cuirfear deireadh le fionraí, ar an dáta a luadh sa litir fhoirmiúil go tuismitheoirí.
Athghlacadh le dalta
Déanfar gach iarracht cabhrú leis an dalta ath-imeascadh ina rang nó ina rang ghrúpa. Déanfar gach iarracht a chinntiú, nach gcuirfidh fionraí leis an dteip acadúil. Caithfear tacaíocht a thabhairt don ndalta freagracht a ghlacadh.
D’fhéadfadh an dalta mothú feargach nó doicheallach i leith na fionraí, agus is féidir leis na mothúcháin seo tús a chur le fadhbanna le hath-imeascadh agus leanúint le fadhbanna iompair. Nuair is féidir, ba chóir don scoil socrú le ball foirne tacaíocht a thabhairt don dalta le linn phróiseas an ath-imeasctha.
Tús Nua
Nuair a chuirtear deireadh le h-aon smachtbhanna (fionraí san áireamh), caithfear tacú le agus deis a thabhairt don ndalta tosú arís. Cé go gcaithfear taifead a choimeád don iompar agus aon smachtbhanna a cuireadh i bhfeidhm, a luaithe is a chuirtear deireadh le smachtbhanna, ní mór don scoil na hionchais (expectations)chéanna a bheith aici don ndalta seo agus atá aici maidir le gach dalta maidir le hiompar.
Athbhreithniú ar úsáid fionraí
Déanann an Bord Bainistíochta athbhreithniú rialta ar úsáid fionraí sa scoil chun a chinntiú go bhfuil fionraí á úsáid i gcomhréir le polasaithe na scoile, go mbíonn tionchar dhearfach acu ar iompar sa scoil agus go bhfuil úsáid fionraí éifeachtach.
An dalta agus na tuismitheoirí a chur ar an eolas
Cuirtear an dalta agus na tuismitheoirí ar an eolas maidir leis an ngearán, conas a dhéanfar scrúdú air agus go bhféadfadh fionraí a bheith mar thoradh air. Féadfar tuismitheoirí a chur ar an eolas ar an teileafón nó i scríbhinn, ag braith ar thromchúis an iompair. Cinntíonn an cuntas i scríbhinn, go bhfuil na tuismitheoirí soiléir maidir leis na rudaí atá á gcur i leith a mic/n-iníne. Leagan sé seo béim do thuismitheoirí, ar a thromchúisí is a cheapann an scoil an t-iompar seo a bheith.

Deis freagra a thabhairt
Ba chóir an deis a thabhairt do thuismitheoirí agus don ndalta freagra a thabhairt. Is féidir cruinniú a bheith ann leis an dalta agus leis na tuismitheoirí, ionas gur féidir leo a scéal a insint agus ceisteanna a chur faoin bhfianaise gur thárla mí-iompar, go háirithe nuair atá conspóid ann faoi na fíricí. Chomh maith, tugtar deis do thuismitheoirí a gcás a chur i láthair maidir leis an tslí is fearr dul i ngleic le hiompar a linbh. Má theipeann ar leanbh agus a dtuismitheoirí freastal ar chruinniú, ba chóir don Phríomhoide, scríobh chucu ag cur in iúl dóibh go bhfuil an scéal tromchúiseach, go bhfuil tábhacht ag baint le freastal ar chruinniú agus, má theipeann orthu sin a dhéanamh, go mbeidh dualgas ar údaráis na scoile cinneadh a ghlacadh freagairt don iompar diúltach. Ba chóir don scoil taifead a choimeaád de na cuirí a seoladh chuig na tuismitheoirí agus na freagraí a fuarthas uathu.

Aguisin 3…………………..Díbirt

Tá údarás ag an mBord Bainistíochta dalta a dhíbirt ón scoil.
Éilíonn aon mholadh le dalta a dhíbirt gníomh thromchúiseach.
Féadfaidh na moltaí le haghaidh díbeartha a bheith cosúil leis na treoracha le haghaidh fionraí. Chomh maith leis na toscaí tromchúiseacha agus leanúnachas an iompair, an difríocht is mó eatarthu ná i gcás díbeartha, go bhfuil na húdaráis scoile tar éis triail a bhaint as raon leathan idirghabhálacha, agus go bhfuil siad den dtuairim go bhfuil alán féidearthachtaí cíortha acu.
Ba chóir don Bhord Bainistíochta athbhreithniú an-sonrach a dhéanamh ar raon leathan toscaí nuair atá cinneadh á ghlacadh acu dalta a dhíbirt.


Ba chóir go mbeadh díbirt ina fhreagra comhréireach, deireannach ar iompar an dalta. Ba chóir don scoil a bheith tar éis bearta suntasacha a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis an mí-iompar chun díbirt an dalta a sheachaint.


Uaireanta, bíonn cúinsí eisceachtúla ann ina mbíonn an Bord Bainistíochta den dtuairim go gcaithfear an dalta a dhíbirt. Seo roinnt cásanna ina mbeadh sin amhlaidh


• bagairt thromchúiseach foréigineach in aghaidh dalta eile nó baill foirne
• ionsaí d’aon tsórt
• ag soláthar drugaí mídhleathacha do dhaltaí eile sa scoil


Nósanna imeachta maidir le díbirt
 

Nuair atá sé beartaithe dalta a dhíbirt ón scoil ba cheart iad seo a leanúínt:


1. Scrúdú a dhéanamh ar líomhain faoi stiúir an Phríomhoide 2. Déanann an Príomhoide moladh chuig an mBord Bainistíochta.
3. Scrúdaíonn an Bord Bhainistíochta moladh an PO.
4. Déantar cinneadh i ndiaidh na héisteachta.
5. Comhairliú a eagrú le Oifigeach Leasa Oideachais.
6. Dearbhú i scríobhinn a dhéanamh ar na gcinneadh an dalta a dhíbirt.

Aguisín 4………………Samplaí de fhoirmeacha clárúcháin (Féach an fhoirm clárúcháin)

Sínithe ag an gCathaoirleach __________________________
Meán Fómhair 2010
Athbhreithniú 2013-2014

 

          

 

 

                            

Built By Digital Crew