Clárúchán

Polasaí Iontrála do Ghaelscoil an Athar Tadhg Ó Murchú, Gaelscoil na Dúglaise

Treoracha i leith clárú sa scoil.

  

1.  Réamhrá:

Tá an polasaí seo ag teacht i bhfeidhm de réir treoracha an Bhoird Bainistíochta agus de réir dlí mar atá leagtha amach san Acht Oideachais (1998 ) Mír 15 (d).

 

Ráiteas Imeachta na Scoile:

Tá an scoil seo ag leanúint Curaclam na mBunscoile faoi mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus feidhmíonn an scoil faoi rialacha agus treoracha na Roinne sin.  Bíonn leasaithe le feiceáil ‘sna cláracha go rialta, go háirithe faoi láthair de réir Ranna 9 & 30 an Acht Oideachais (1998). 

Tá cearta an Phatrúin leagtha amach in san Acht Oideachais (1998) i gcomhthéacs leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

 

Tacaíonn Gaelscoil na Dúglaise leis na bunphrionsabail seo leanas:

Iolrachas:   Tá fáilte roimh gach leanbh sa scoil seo agus déanfar

gach iarracht freastal cóir cothrom a dhéanamh ar riachtanais gach

leanbh.

Comhionnanas: Cuirtear an t-ionannas i bhfeidhm i ngach gnéith de shaol na scoile agus ó thaobh rannpháirtíocht de.  Déanann pobal uile na scoile gach iarracht a bheith dearfach agus oibriú as lámh a chéile ar son leasa agus maitheasa an phobail ar fad.

Rogha:   Tugtar aitheantas do chearta tuismitheoirí a leanbh a chlárú in aon scoil ar rogha leo féin

Comhpháirtíocht:  Tabharfar aird agus aitheantas do éagsúlacht traidisiúin, teangacha, creideamh, nósanna, cultúr 7rl.

Meas:   Léireofar meas ar gach duine a dhéanann clárú sa scoil agus

ní déantar idirdhealú idir aon duine de bharr aicme, cine, traidisiún

nósanna agus teanga.

3.         Étóis na scoile:

Is bunscoil comhoideachasúil lan ghaeilge í an scoil seo.  Is í an Ghaeilge atá á úsáid mar mheán teagaisc sa scoil seo agus is í an Ghaeilge teanga cumarsáide laethúil na scoile. 

Tá an scoil seo á rith faoi phátrúnacht Easpag Chaitliceach Chorcaí agus Rois.  Tá sochaí á chothú a thugann aitheantas agus ómós do chultúr, do thraidisiún, do gach cine agus do gach duine daonna.

 

4.         Eagrú laethúil na scoile

Am Oscailte: 

Bíonn Bord Bainistíochta na scoile freagrach as na leanaí idir 8:50r.n. agus 02:30i.n. ón Luan go Aoine.

b.  Am Dúnadh:           

Bíonn an scoil ag dúnadh go hoifigiúil gach lá ar a  2:30i.n. 

Téann na naíonáin abhaile ag a 1:30i.n

Sos:

Bíonn sos ag leanaí   idir 10:50 agus 11.00r.n. gach maidin.

Lón:  

Itheann na leanaí an lón in sna seomraí ranga agus téann siad go dtí an clós ó 12.40-1.00.

 

5.                     An próiseas clárúcháin  sa scoil.

Tá fáilte roimh aon leanbh go bhfuil aois a ceathair sroichte aige/aici clárú sa scoil ach bíonn na crítéir seo leanas i gceist nuair a bhíonn an rang á líonadh:

Go bhfuil treoracha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta á leanúint maidir le aois, lion oidí agus rl.

Go bhfuil an leanbh ceithre bliana d’aois –Go bhfuil comhionannas réasúnta gnéis sa rang

Go bhfuil an leanbh tógtha leis an nGaeilge mar mháthair theanga

Go bhfuil an leanbh taréis freastal ar Ghaelscoil eile sa stát.

Go bhfuil tuismitheoirí/caomhnóirí an linbh sásta glacadh le agus cloí le hétóis agus cód iompair na scoile.

Go bhfuil an leanbh tar eis freastal ar Naíonra na scoile.

Nós chlárúcháin: 

1.         Glacfar le hiarratais go bhfuil foirm chlárúcháin líonta, sínithe, leis an data agus stampa na scoile air agus ar fáil sa scoil.

2.         Go gcuirfear in iúl do thuismitheoirí roimh dheireadh Eanair, más féidir, go bhfuil áit ag a leanbh sa scoil.

 

Ag déanamh Cinneadh

Is í Bord Bainistíochta na scoile a dhéanann an cinneadh maidir le rollachán leanaí sa scoil de réir an polasaí seo.  Beidh an Bord cóir cothrom agus le étóis na scoile seo lárnach ina n-aigne nuair a bhíonn an cinneadh seo á dhéanamh.

Beidh fáilte roimh na daltaí seo leanas sa scoil de réir an óird seo:

Deartháireacha nó deirfiúracha daltaí atá ag freastal ar an scoil

Deartháireacha nó deirfiúracha do dhaltaí a bhí ag freastal ar an scoil

Leanaí atá tógtha trí mhéan na Gaeilge

Leanai atá ag freastal ar Naíonra na scoile

 

   

7.         Rannpháirtíocht na dtuismitheoirí

Creideann an scoil go láidir go bhfuil gá ag an scoil, an baile, Bord Bainistíochta, Coiste na dTuismitheoirí agus Foireann na Scoile a bheith ag obair as lámh a chéile. Moltar go mbeadh na gnéithe seo a leanas ann:

go bhfuil comhoibriú idir an bhfoireann teagaisc agus tuismitheoirí ar son leasa an linbh agus na scoile.

go bhfuil rannpháirtíocht ag tuismitheoirí i mbainistíocht na scoile go háirithe ag leibhéal an Bhoird Bainistíochta.

 

8.         Riachtanais linbh ag freastal ar an scoil

Nuair a bhíonn leanbh ag freastal ar an scoil, beidh cóiríocht shásúil agus compórd áirithe ag teastáil ó gach leanbh le go mbeadh gach deis aige/aici forbairt go fisiciúil, go sóisialta, go mothaíoch, go spioradálta, go hoideachasúil, go coigníoch agus le teanga ag pé ráta atá oiriúnach dó/dí.

 

9.    Clárú Leanaí le Riachtanais Speisialta

Nuair a chláraíonn leanbh le riachtanais speisialta sa scoil leanfar na treoracha seo leanas le go mbeadh an scoil agus an Bord Bainistíochta ábalta freastal go cuí ar riachtanais ar leith an linbh.

Lorgóidh an Bord Bainistíochta cóipeanna de thuairiscí ó dhochtúirí/ siceolaithe 7rl faoin leanbh. 

Muna bhfuil tuairiscí ar fáil cheana féin, iarrfaidh an Bord Bainistíochta go ndéanfadh siceolaí/dochtúir measúnú ar an leanbh.

Eolas a chur ar fáil agus a bhailiú le go mbeadh tacaíocht ar fáil don leanbh, don oide, don rang agus do phobal na scoile.

Rachaidh an Bord Bainistíochta i dteagmháil le grúpaí eile le plean phearsanta oibre a dhéanamh don leanbh más gá a leithéid.

Déanfaidh an Bord cinneadh faoin slí is éifeachtaí agus is oiriúnaí freastal ar riachtanais an linbh chomh luath agus is féidir tar éis tuairiscí a fháil.

Buailfidh an Príomhoide nó/ agus nó ionadaí eile le tuismitheoirí/ siceolaí nó rl an linbh lena riachtanais a phlé agus a mhíniú go mion.

Má théann sé chun tairbhe an ranga nó an linbh, thárlódh sé go mbeadh ar an mBord fanúint ar feadh tréimhse chun an leanbh a chlárú go dtí go mbeadh.

Teacht ar an tuairisc scríofa ón siceolaí 7rl.

An tacaíocht cuí ar fáil ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus aon ghrúpa eile le freastal ar riachtanaisí an linbh faoi mar is dual d’aon leanbh.

 

   Leanaí ag athrú chugainn ó scoil eile nó ag fágáil

Tá sé de dhualgas ar an mBord Bainistíochta cúntas tinrimh ar an leanbh a sheoladh go dtí an scoil ina bhfuil an leanbh ag dul chuige de réir Acht Oideachais Sóisialta (1998) ach tá gá le réamhchead na dtuismitheoirí/caomhnóirí chun tuairisc ar dhul chun cinn linbh a chur go héínne.

Is féidir le leanaí teacht chun na scoile ag am ar bith le linn na scoilbhliana, ag braith ar an bpolasaí seo agus cead an Bhord Bainistíochta, an Roinn Oideachais & Eolaíochta. Má tá leanbh atá ag teacht ó Ghaelscoil eile, deanfar gach iarracht freastal air/ uirthi.

 

11.    An lá a cuirtear an leanbh ar an Rolla:

Glactar le leanaí ins an scoil ar an  ar an gcéad lá ar a mbeidh an scoil ar oscailt tar éis saoire an tsamhraidh. Má tá clann tar éis teacht chun cónaithe sa cheantar, is féidir leis an mBord Bainistíochta cead a thabhairt don leanbh tosú i rith na scoilbhliana.

 

            12.       Cód Iompair na Scoile:

(Iniata ar leathanach eile.)

 

Glacann Bord Bhainistíochta Ghaelscoil na Dúglaise leis an bpolasaí seo agus cuirfear i bhfeidhm an doiciméid seo sa scoil ó mhí Eanair 2003.

 

Cathaoirleach:

 

Dáta:

 

Déanfar athbhreithniú ar an bpolasaí seo i 2010 nó aon am go mbeidh éifeacht ag Achtanna nó Ciorcláin air.

 

 

 

 

 

 

 

 

Built By Digital Crew