Polasaí um Chaomhnú Páistí Gaelscoil na Dúglaise
Ráiteas Tosaigh
Dhréachtaigh an Bord Bainistíochta agus an fhoireann scoile an polasaí seo a leanas ar a lá pleanála forbartha scoile, i 2004 agus deineadh athbhreithniú ar i nDeireadh Fómhair 2008.
Réasúnaíocht
Ghlac Bord Bainistíochta Gaelscoil na Dúglaise leis na Treoirlinte agus Cur Chuige um Chaomhnú Páistí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Déanann an polasaí seo cur síos ar an mbealach a bhfuil sé i gceist ag Gaelscoil na Dúglaise na treoirlínte sin a chur i bhfeidhm chun cosaint agus leas na leanaí uile a fhreastalaíonn ar ár scoil a chinntiú.
Gaolmhaireacht le hÉiteas Féiniúlachta na scoile
Déanann Gaelscoil na Dúglaise iarracht cuidiú leis na leanaí fás agus forbairt chun go mbeidh siad ina dhaoine fásta sláintiúla, féinmhuiníneacha, aibí, in ann a bpotéinseal iomlán mar dhaoine a bhaint amach. Déanaimíd iarracht i gcónaí timpeallacht shábháilte, áthasach a chruthú do na leanaí ina mbraithfidh siad sochar, agus a fhios acu go n-éistfear leo le tuiscint agus meas má tá cúiseanna imní acu, agus go ndéanfar rud éigin faoi na cúiseanna imní sin.
Aidhmeanna
Feasacht ar mhí-úsáid leanaí a ardú i measc na foirne scoile agus na bpáirtithe oideachais uile inár scoil (lena n-áirítear múinteoirí, múinteoirí cuairtíochta,cúntóirí riachtanas speisialta, an feighlí oibre 7rl..) – mí-úsáid mhothúchánach, fhisiciúil, ghnéis agus faillí san áireamh.
Nósanna imeachta soiléire a chur i bhfeidhm do phearsanra uile na scoile maidir le conas déileáil le hamhras agus líomhaintí faoi mhí-úsáid leanaí.
Réimsí beartais eile ar gá iad a leasú i bhfianaise na dTreoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnú Páistí a aithint.
Ábhar curaclaim agus acmhainní a aithint a chabhraíonn le cosc a chur le mí-úsáid leanaí agus le cur ar chumas leanaí déileáil le mí-úsaid ar an mbealach ceart má tharlaíonn sé.
Ceapadh Duine Caidrimh Ainmnithe (DCA)
Cheap an Bord Bainistíochta Niamh Ní Mhaoláin mar Dhuine Caidrimh Ainmnithe (DCA) i nGaelscoil na Dúglaise a bheidh freagracht shainiúil as Caomhnú Páistí aici.
Ceapadh Karla Ní Leannáin mar Leas-DCA chun áit an DCA a thógáil mura bhfuil sí ar fáil ar chúis éigin
Tabharfar aghaidh ar phost an DCA ag an gcéad chruinniú de gach Bord Bainistíochta nua. Beidh an DCA i bhfeidhm mar DCA go dtí go gcuireann an Bord Bainistíochta duine éigin i gcomharbacht uirthi ar chúis ar bith.
2.0 Róil agus Freagrachtaí:
Bíonn an phríomhfhreagracht as cúram agus leas a dhaltaí ar an mBord Bainistíochta.
Bíonn freagracht shainiúil ar an DCA as caomhnú páistí sa scoil.
Bíonn dualgas cúraim ghinearálta ag an bhfoireann uile, chun a chinntiú go bhfuil socruithe ann chun leanaí a chosaint ó dhainséar.
2.1 Ról an Bhoird Bhainistíochta
Socruithe a dhéanamh do phleanáil, forbairt agus cur i bhfeidhm cláir caomhnú páistí éifeachtach.
Monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an gclár sin.
Forbairt agus oiliúint foirne chuí a chur ar fáil
Go sonrach
Ceapfaidh siad DCA agus Leas-DCA
Beidh nósanna imeachta soiléire acu chun déileáil le líomhaintí nó le hamhrais maidir le mí-úsáid leanaí (Féach thíos)
Déanfaidh siad monatóireacht ar leanaí i mbaol
Déanfaidh siad cinnte go soláthraítear an chuid den churaclam a bhaineann le cosc a chur ar mhí-úsáid leanaí.
Déanfaidh siad líomhaintí maidir le mí-úsaid leanaí i leith fhostaí na scoile a tuairiscíodh do Fheidhmeannach na Seirbhíse Slainte nó don Gharda Síochána a iniúchadh, agus tabharfaidh siad freagra orthu.
Déanfaidh siad cinntí maidir le tinreamh múinteoirí ar chruinnithe um chaomhnú páistí/comhdhálacha ar chásanna agus cuirfidh siad comhairle ar mhúinteoirí sula bhfreastalaíonn siad ar chruinnithe/ar chomhdhálacha dá leithéid.
Nósanna imeachta don Bhord Bainistíochta má dhéantar líomhaintí nó má tá amhrais ann maidir le mí-úsáid leanaí déanta ag fostaí scoile:
Tuairisciú
Má fhaightear gearán nó amhras maidir le fostaí:
Cuirfidh an DCA an cathaoirleach ar an eolas láithreach.
Lorgóidh sé/sí ráiteas scríofa den líomhain ón duine/ón eagras atá ag deanamh na líomhna. Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí ráiteas a dhéanamh thar ceann linbh.
Rachaidh an DCA chun comhairle a fháil ón mBord Sláinte ábhartha agus beidh sé/sí freagrach as tuairisciú a dhéanamh, bunaithe ar an gcomhairle sin.
Má chinneann an DCA, i ndiaidh di comhairle a dhéanamh leis an mBord Sláinte, nach gá an t-ábhar a thuairisciú, ní mór di an Cathaoirleach a chur ar an eolas. Ansin, ní mór di an duine nó an ghníomhaireacht atá ag déanamh na líomhna a chur ar an eolas, i scríbhinn, faoi na cúiseanna leis an gcinneadh sin. Má tá cúiseanna imní ag an duine nó ag an eagras sin fós, is féidir leo dul i gcomhairle leis an mBord Sláinte nó leis an nGarda Síochána, nó tuairisc a thabhairt dóibh ar bhonn aonair. Bíonn forálacha an Achta um Chosaintí ag Daoine a Thuairisceoidh Mí-úsáid Leanaí 1998, má dhéanann siad tuairisc réasúnta le meon macánta.
Má chinneann an DCA, i ndiaidh di dul i gcomhairle le Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte, gur chóir an t-ábhar a thuairisciú, ní mór di an Cathaoirleach a chur ar an eolas, agus ní mór di leanúint ar aghaidh de réir na nósanna imeachta sna Treoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnú Páistí (1999 lch 16).
Comhlíonfaidh an DCA/Leas-DCA foirm thuairiscithe chaighdeánach ar an tslí is cuimsithí is féidir.
Nuair a chuirtear an Cathaoirleach ar an eolas faoi líomhain maidir le mí-úsáid, gheobhaidh sé comhairle dhlíthiúil i gcónaí, agus tabharfaidh sé freagra ar an líomhain de bhun na comhairle sin.
Cuirfidh sé an fostaí ar an eolas faoi fhíricí agus cineál na líomhna, agus déarfaidh sé go raibh/nach raibh sé tuairiscithe don Bhord Sláinte ag an DCA. (Déan tagairt do 4.2 – 4.3, lch 16 de na Treoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnú Páistí (ROE, 2001)). Bíonn sé de dhualgas ar an gcathaoirleach cothroime a thabhairt don fhostaí agus a chinntiú go leanaítear an próiseas ceart – bíonn an fostaí i dteideal sonraí agus cóip den líomhain i scríbhinn, comhairle, ionadaíocht agus deis freagra a thabhairt don Bhord laistigh de sheachtain.
B. Freagairt
Nuair a chuirtear an Cathaoirleach ar an eolas faoi líomhain maidir le mí-úsáid, gheobhaidh sé comhairle dhlíthiúil i gcónaí, agus freagróidh sé don líomhain de bhun na comhairle sin.
Déanaidh an Cathaoirleach barúil measta an bhfuil daltaí i mbaol. Má cheapann an Cathaoirleach go bhfuil riosca ann – féadann sé/sí ceangal ar an bhfostaí dul ar shaoire riaracháin láithreach. Mura bhfuil sé cinnte, rachaidh an cathaoirleach i gcomhairle le Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte/an nGarda Síochána.
Mura ceanglaíodh ar an bhfostaí dul ar shaoire riaracháin, cuirfidh an cathaoirleach an ROE ar an eolas. Féadtar Feidhmeannach na Seirbhíse Sláínte (i roinnt cásanna an Garda Síochána) a chur ar an eolas freisin de réir comhairle dhlíthiúil a fhaightear.
Má mheasann an DCA agus an Cathaoirleach gur gá tuairisc a dhéanamh (tar éis comhairle a fháil ón bhFeidheannach), glaofaidh an Cathaoirleach cruinniú den Bhord Bainistíochta chomh luath agus is féidir, agus cuirfidh sé/sí ar an eolas iad.
Nuair a líomhnaítear gur tharla an drochúsáid laistigh den scoil, nó nuair a bhaineann sé le mí-úsáid leanaí na scoile ag fostaithe na scoile lasmuigh d'am scoile, déanfaidh an Bord Bainistíochta an scéal a iniúchadh. Beidh cruinniú breise acu nuair atá an fhaisnéis ábhartha bailithe. Ag an gcruinniú sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta na nithe seo a leanas a mheas go mion
Na líomhaintí a rinneadh agus a bhfoinse
An chomhairle a chuir na húdaráis ábhartha orthu
Agus na freagraí scríofa ón bhfostaí
Ag an gcruinniú seo freisin
Ní mór deis a thabhairt don duine/ionadaí an eagrais a líomhnaíodh gur bhain an fostaí scoile mí-úsáid as leanbh/leanaí a c(h)ás a chur faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta, agus féadann duine amháin eile a bheith leis/léi
Féadann tuismitheoirí/caomhnóirí feidhmiú ar son an linbh.
Ní mór deis a thabhairt don fhostaí a c(h)ás a chur faoi bhráid an chruinnithe freisin, agus féadann duine eile a bheith leis/léi.
Ní mór don Bhord Bainistíochta déileáil leis an ábhar ar shlí leochailleach agus ní mór caitheamh go cothrom leis an bhfostaí.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh faoi céard a dhéanfaidh siad, má tá aon rud le déanamh, bunaithe ar a n-iniúchadh agus cuirfidh siad an fostaí ar an eolas i scríbhinn. Cuirfidh siad an ROE ar an eolas faoin toradh freisin, má raibh an fostaí as láthair ar shaoire riaracháin.
Nuair nach féidir leis an mBord Bainistíochta iniúchadh a dhéanamh ar líomhaintí (e.g. nuair a tharla an mí-úsáid agus an duine fostaithe áit éigin eile, nó nuair atá na húdaráis ábhartha ag déanamh iniúchadh air/uirthi), déanfaidh an Cathaoirleach cibé gnímh a mholann na húdaráis. Fanfaidh an Cathaoirleach i dteagmháil dhlúth le Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus gheobhaidh siad tuairiscí agus cúntais uathu nuair is cuí.
Ról na mBall Foirne (Múinteoirí, Múinteoirí Cuairtíochta, Cúntóirí Riachtanas Speisialta, Airíoch, Rúnaí 7rl.. san áireamh)
Tá sé de fhreagracht ar na múinteoirí agus na baill foirne uile dul i dtaithí ar Children First - Treoirlínte Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí (1999) go háirithe
Caibidil 3 Sainmhíniú & Aithint Mhí-úsáid Páistí
Caibidil 4 Cúis le Tuairisc a Thabhairt & Nósanna Imeachta Tuairiscithe Caighdeánacha
Aguisín 1 Comharthaí agus Rianta Mí-úsáid Páistí
Treoirlínte do mhúinteoirí agus do bhaill foirne maidir le déileáil le...
Faisnéis tugtha ag leanaí
Má labhraíonn leanbh le ball foirne faoi mhí-úsáid líomhanta, ní mór don duine a fhaigheann an fhaisnéis sin éisteacht go cúramach agus ar shlí thacúil. Ní mór a bheith an-chúramach nach gcailltear muinín an linbh. Níor chóir agallamh foirmiúil a dhéanamh. Cuirtear an chomhairle seo a leanas ort:
Éist leis an leanbh.
Ná cuir ceisteanna a spreagfaidh freagraí ar leith ná ná déan moltaí maidir le freagraí don leanbh.
Tabhair tacaíocht don leanbh, ach ná déan gealltanais.
Ná cuir cosc ar an leanbh imeachtaí tábhachtacha a tabhairt chun cuimhne.
Ná tabhair freagairt thar fóir.
Ná geall go gcoinneofar gach rud faoi rún – mínigh go mb’fhéidir go mbeidh gá le cabhair bhreise.
Déan cúntas mion ar an gcomhrá a thárla, leis na sonraí seo a leanas
Céard a tharla, cá háit agus cathain?
Cur síos agus léaráidí más féidir de ghortuithe fisiciúla
Mínithe ar na gortuithe ag úsáid athrá díreach más cuí.
Coimeád an cúntas slán.
Níor chóir don bhall foirne ach fíricí ábhartha riachtanacha a fháil. Níl sé de fhreagracht ar phearsanra na scoile líomhaintí maidir le mí-úsáid a iniúchadh.
Ní mór an DCA a chur ar an eolas agus na taifid chuí a thabhairt dó/di.
Más é/í an DCA an duine a rinneadh na líomhaintí ina leith, ansin cuirtear an t-amhras agus aon tuairiscí faoi bhráid an Chathaoirligh agus leanfaidh sé/sí ar aghaidh de réir na dTreoirlínte.
2. Amhras faoi Mhí-úsáid:
Má cheapann baill foirne go bhfuil mí-úsáid ar siúl, ní mór dóibh tagairt a dhéanamh do na Treoirlínte Náisiúnta um Chaomhnú agus Leas Páistí (1999) go háirithe
Caibidil 3: Sainmhíniú & Aithint Mhí-úsáid Páistí
Caibidil 4: Cúis le Tuairisc a Thabhairt & Nósanna Imeachta Tuairiscithe Caighdeánacha
Aguisín 1: Comharthaí agus Rianta Mhí-úsáid Páistí
Ní mór do bhaill foirne na dátaí/comharthaí/rianta a bhfuil mar chúis imní dóibh a bhreathnú agus cúntas a choimeád orthu thar thréimhse ama.
Ní mór dóibh an DCA a chur ar an eolas agus na taifid uile a thabhairt dó/di.
Ról an Duine Caidrimh Ainmnithe (DCA)
Bíonn an DCA mar dhuine idirchaidrimh le heagrais seachtracha, Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte, leis an nGarda Síochána agus le páirtithe eile le freagrachtaí maidir le caomhnú páistí
Cuirfidh an DCA na pearsanra scoile uile ar an eolas maidir le teacht ar na dTreoirlínte Children First sa scoil. Déanfaidh sí Caibidlí 3 & 4 & Aguisín 1 na dTreoirlínte a fhótachóipeáil agus tabharfaidh sí comhairle maidir le dea-chleachtas
Beidh an DCA ar fáil don fhoireann le haghaidh comhairliúcháin maidir le hamhrais nó faisnéis faoi mhí-úsáid ó leanaí. Coinneoidh sí cúntas ar na comhairliúchain sin.
Gheobhaidh an DCA comhairle ó Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte.
Tuairisceoidh an DCA amhrais agus líomhaintí maidir le mí-úsáid leanaí don Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus/nó don Gharda Síochána, bunaithe ar an gcomhairle sin.
Coinneoidh an DCA cúntais chearta go slán sabhailte, rúnda agus in áit slán.
Beidh an DCA ar an eolas faoi aon fhorbairtí reatha maidir le caomhnú páistí.
Treoirlínte don DCA faoi dhéileáil le tuairisciú cúiseanna imní agus tuairisciú faisnéise ó leanaí
Má tá an DCA/an Leas-DCA imníoch faoi leanbh, ach níl sé/sí cinnte ar chóir an t-ábhar a thuairisciú don Bhord Sláinte, ba chóir dó/di comhairle chuí a lorg. Chuige sin, ba chóir don DCA/Leas-DCA teagmháil neamhfhoirmiúil a dhéanamh leis an Oibrí Sóisialta ainmnithe (atá ar dualgas). Ní mór don DCA/Leas-DCA a mhíniú go soiléir sa chás seo, go bhfuil comhairle á lorg agus nach bhfuil tuairisc á déanamh aige/aici. Má chuirtear comhairle air/uirthi an t-ábhar a thuairisciú, sin a dhéanfaidh sé/sí.
Ansin, déanfaidh an DCA/Leas-DCA tuairisc do Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláínte go pearsanta, ar an nguthán nó i scríbhinn. I gcás éigeandála, nó mura bhfuil foireann an Bhoird Sláinte ar fáil, ní mór tuairisciú don Gharda Síochána. Ní mór don DCA tuairisc ar an ábhar a dhéanamh do Chathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta, a leanfaidh na nósanna imeachta a ndéantar cur síos orthu i gCaibidil 4 (Cuid 4.3) de na Children First - Treoirlínte Náisiúnta um Chaomhnú agus Leas Páistí (1999).
Líonfaidh an DCA/Leas-DCA foirm thuairiscithe chaighdéanach ar an mbealach is cuimsithí is féidir (Féach Aguisín 1).
De ghnáth cuirfear tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas go bhfuil tuairisc á déanamh. B’fhéidir go ndéanfaí cinneadh, go mbeadh an leanbh i ndainséar nó i mbaol níos mó dá gchuirfí an tuismitheoir/caomhnóir ar an eolas. Ba chóir an cinneadh gan an tuismitheoir/caomhnóir a chur ar an eolas a thaifeadadh i dteannta le cúiseanna an chinnidh sin.
Nuair a dhéantar líomhain faoin DCA, ansin bíonn an cathaoirleach freagrach as an ábhar a thuairisciú do Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus an fhoirm thuairiscithe chaighdeánach a líonadh.
Má dhéantar líomhaintí nó má tá amhras ann faoi mhí-úsáid déanta ag chomh-pháirtí, bainfidh an DIA úsáíd as na nósanna imeachta céanna.
Cuirfear tuismitheoirí na bpáirtithe uile ar an eolas agus cuirfidh an DCA an Cathaoirleach ar an eolas.
Déanfaidh an príomhoide agus múinteoirí ranga socruithe chun bualadh leis na tuismitheoirí uile ina n-aonar chun teacht ar réiteach.
Déanfar socraithe sa scoil chun gach iarracht a dhéanamh cosc a chur le atarlú an iompair mhí-úsáidí.
3.0 Cruinnithe um Chaomhnú Páistí (Comhdhálacha ar Chásanna)
Seolfaidh an Bord Sláinte iarratas chuig an DCA agus ní mór di dul i gcomhairle le Cathaoirleach Bhord Bainistíochta na Scoile. Féadann an Cathaoirleach iarraidh ar an DCA a mhíniú cén fáth go bhfuil ar fhostaí na scoile freastal ar an gcruinniú agus cé eile a bheidh ann.
Féadann an fostaí scoile tuairisc a chur le chéile don chruinniú/don chomhdháil. (Féach Aguisín 3).
Cuirfear an fostaí scoile ar an eolas má bheidh leanaí/tuismitheoirí/caomhnóirí i láthair. Féadann an fostaí scoile teagmháil a dhéanamh le Cathaoirleach an Chruinnithe um Chaomhnú Páistí chun comhairle a fháil.
Féadann an fostaí scoile breathnóireacht níos mine a dhéanamh ar iompar linbh má iarrtar air/uirthi. D’fhéadfadh breathnóireacht ar iompar an linbh, idirghníomhaíochtaí le chomh-pháirtí, dul chun cinn sa scoil nó comhráití neamhfhoirmiúla a bheith san áireamh.
I ngach cás, ní mór daoine a chuireann a gcúiseanna imní faoi chúram agus caomhnú páistí faoi bhráid fhoireann Boird Sláinte, nó a labhraíonn leo faoi na cúiseanna imní sin, a choinneáil ar an eolas faoi na céimeanna is dóichí a thógfaidh na daoine gairmiúla bainteacha. Mar is cuí, agus laistigh de na gnáththeorainneacha rúndachta, beidh baill foirne a dhéanann tuairiscí coinnithe ar an eolas faoi thorthaí aon fhiosraithe nó iniúchta a eascraíonn as a dtuairiscí.
Ní mór do mhúinteoirí atá chun freastal ar chruinniú um chaomhnú linbh/comhdháil ar chás iad féin a chur ar an eolas faoin bprótacal a mhínítear ar lgh 149 – 155 de na Treoirlínte Náisiúnta um Chaomhnú agus Leas Páistí (1999)
4.0 Impleachtaí Eagraíochta
Déanfar nósanna imeachta scoile atá i bhfeidhm cheana féin agus nósanna imeachta nua atá á gcur i bhfeidhm a scrúdú i bhfianaise na dTreoirlínte Children First agus tabharfar aghaidh ar gach saincheist Cosanta Leanaí a thiocfaidh chun cinn.
Tugadh aghaidh ar na beartais seo a leanas san athbhreithniú seo:
Féitheoireacht
Bulaíocht
Timpistí
Snámh
Coimead Cúntas
Leanaí ag taisteal i ngluaisteáin
Iondochtú Mhúinteoirí
Ionduchtú na mBall Foirne nua uile
Ionduchtú Daltaí
Cumarsáid
Tinreamh
Féitheoireacht
Cloífidh an fhoireann uile le polasaí féitheoireachta na scoile chun a chinntiú go ndéantar féitheoireacht chuimsitheach ar leanaí ag na sosanna uile agus roimh agus tar éis na scoile. Cuirfear amchlár eile ar fáil do na sosanna 11 a chlog agus d’am lóin.
Féach ar an bpolasaí féitheoireachta do rialacha comhaontaithe maidir le hamanna sosa.
Iompar
Moltar do leanaí i gcónaí súgradh le chéile ar bhealach comhoibritheach agus tabharfar aghaidh ar dhroch-iompar de réir ár gCóid Iompair. Má tharlaíonn eachtra ar dóigh linn go mbaineann nádúr gnéasach leis, cuirfimid an DCA ar an eolas agus déanfaidh sí cúntas ar an eachtra agus freagracht a ghlacadh ar an mbealach cuí atá leagtha amach ins na Treoirlínte don DCA.
Infheictheacht
Déanfaidh múinteoirí cinnte go bhfuil leanaí infheicthe sa chlós scoile. Ní bheidh cead ag leanaí am a chaitheamh i seomraí ranga nó i leithris nó in áiteanna nach mbeadh daoine fásta ag déanamh féitheoireachta orthu. Níl cead acu clós na scoile a fhágáil nó déileáil le daoine fásta atá lasmuigh den chlós scoile.
Cuairteoirí
Beidh na múinteoirí ar dualgas sa chlós ar an eolas faoi chuairteoirí ag teacht isteach sa chlós scoile agus gheobhaidh siad amach cúis na gcuairteanna sin. Déanfar féitheoireacht ar na daoine sin agus iad i mbun a gcuid gnó.
Bulaíocht
Tabharfar aghaidh ar iompar bulaíochta faoinár mbeartas Frithbhulaíochta. Má tharlaíonn sé go mbíonn iompar gnéasach i gceist nó má cheaptar go mbíonn an mhí-úsáid fíordhona, ansin cuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig an DCA.
Timpistí
Cé go ndéanfar gach réamhchúram faoinár Ráiteas Sláinte agus Sábháilteachta chun a chinntiú go mbíonn leanaí slán, tuigimid go dtarlóidh timpistí. Deanfar cúntas a choimeád ar thimpistí inár leabhar eachtraí agus leanfar cleachtas cuí na scoile faoi mar atá inár bpolasaí timpistí mar chuid de Shláinte agus Sábháilteacht.
Snámh
Rachaidh leanaí chuig an linn snámha ar an mbus. Déanfaidh na múinteoirí féitheoireacht sna seomraí feistis chun sábháilteacht na leanaí a chinntiú. Cuirfear tuismitheoirí cúntacha ar an eolas faoinár nósanna imeachta snámha.
Leanaí ag taisteal i ngluaisteáin na foirne
Ní iompraíonn múinteoirí páiste ina (h)aonar ina ngluaisteáin.
Dar ndóigh bheadh cásanna eisceachtúla ag baint lena leithéid san m.sh. in am an ghátair & na práinne, ar leas an pháiste, uair a bheadh páiste i mbaol bháis &rl
Coimeád Cúntas
Coinneoidh múinteoirí fillteán gach linbh suas chun dáta le torthaí measúnachtaí a rinneadh, dátaí agus sonraí cruinnithe le tuismitheoirí agus nótaí ó thuismitheoirí. Tabharfar na leabhair rolla suas chun dáta gach lá. Ní roinnfear eolas leochailleach a bhaineann le leanaí ach le daoine is gá a bheith ar an eolas. Coimeádtar cúntais oideachasúla na ndaltaí uile nach bhfreastalaíonn ar an scoil seo níos mó i gcófra na bhfillteán in oifig an phríomhoide ar feadh 5 bliana.
Ionduchtú Múinteoirí agus Ball Foirne Breise
Beidh an DCA freagrach as na múinteoirí nua uile agus an fhoireann bhreise a chur ar an eolas faoi na Treoirlínte Children First (1999). Tabharfaidh an DCA cóip de Chaibidlí 3 & 4 agus Aguisín 1 agus den bpolasaí seo um Chaomhnú Páistí don fhoireann nua uile. Táthar ag súil leis go múinfidh na múinteoirí nua uile na cuspóirí sa chlár OSPS. Tá Karla Ní Leannáin freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar mhúinteoirí nua, agus beidh sí freagrach as tacú le múinteoirí nua agus na cuspóirí OSPS á gcur i bhfeidhm acu. Tá Andrias O Foghlú freagrach freisin as a chinntiú go dtuigeann múinteoirí nua conas an leabhar rolla a líonadh isteach i gceart agus an múinteoir a chur ar an eolas faoi nósanna imeachta coimeád cúntas sa scoil.
Ionduchtú Daltaí
Cuirfear na tuismitheoirí agus na leanaí uile ar an eolas faoi na rialacha tinrimh a leagann an tAcht Oideachais (Leas) (2000) síos agus impleachtaí na rialacha sin. Cuirfear na tuismitheoirí uile ar an eolas faoi na cláir sa scoil a bhaineann le forbairt phearsanta, e.g. OCG, Walk Tall agus OSPS. Tugtar cóip den ‘Leabhrán Eolais’ na scoile do gach tuismitheoir nua agus leagann sé síos na nósanna imeachta ar chóir do thuismitheoirí agus leanaí a úsáid nuair a dhéanann siad teagmháil leis an scoil má tá leanaí as láthair nó má tá cúiseanna imní oideachasúla/pearsanta/teaghlaigh i gceist. Moltar do thuismitheoirí coinne a dhéanamh leis an múinteoir ranga/leis an bpríomhoide má theastaíonn uathu dul chun cinn a linbh a phlé. Tugtar cóip de Chód Iompair na scoile agus Polasaí Fhrithbhulaíochta na scoile do na tuismitheoirí uile.
Cumarsáid
Déanfar gach iarracht feabhas a chur ar chumarsáid dalta-múinteora. Má tá cúiseanna imní ag daltaí, éistfear go báúil leo. Déanann na cláir OSPS/Béarla ó Bhéal/Oideachas Creidimh seansanna do chumarsáid oscailte idir daltaí agus múinteoirí, agus táthar ag súil leis go gcabhróidh sé sin leis an ngaolmhaireacht dalta-múinteora. Má bhíonn ar mhúinteoirí cumarsáid a dhéanamh le daltaí duine ar dhuine, iarrtar orthu doras an tseomra ranga a fhágáil ar oscailt.
Tinreamh
Déanfar monatóireacht ar thinreamh scoile. Maidir le cosaint leanaí, coimeádfaimíd súil ar leith ar nósanna maidir le neamhláithreacht. Déanfaimid monatóireacht fresin ar neamhláithreacht a tharlaíonn ag an am céanna le comharthaí faillí nó mí-úsáide fisiciúla/mothúchánaí.
5.0 Impleachtaí don Churaclam
Réamhrá
I nGaelscoil na Dúglaise, beidh meas ar gach leanbh, agus déanfaimid na nithe seo a leanas agus aidhmeanna Churaclam na Bunscoile á mbaint amach againn:
Cuirfimid ar chumas gach linbh saol iomlán a bheith aige/aici mar leanbh agus a p(h)oitéinseal a bhaint amach
Cuirfimid ar chumas linbh é/í fein a fhorbairt mar dhuine sóisialta trí mhaireachtáil agus comhoibriú le daoine eile agus cur le maitheas na sochaí
Ullmhóimid an leanbh d'oideachas breise agus foghlaim ar feadh an tsaoil
Agus sinn ag iarraidh na haidhmeanna sin a bhaint amach, cruthóimid timpeallacht scoile oscailte, uilechuimsitheach, mheasúil, chothrom, dhaonlathach, fhulangach a dhéanfaidh iarracht tacú le forbairt iomlán na leanaí uile agus forbairt na ndaoine fásta uile a oibríonn lenár leanaí. Déantar mionchur síos ar na straitéisí a úsáidfear leis an timpeallacht sin a chruthú inár bPlean OSPS agus beidh na nithe seo a leanas i gceist:
Timpeallacht fhisiciúil a chuireann sláinte chun cinn a chruthú
Féinmheas a threisiú
Meas ar éagsúlacht a chothú
Cumarsáid éifeachtúil a fhorbairt laistigh den scoil
Cumarsáid chuí baile-scoile a fhorbairt
Freastal ar riachtanais aonair
Próiseas daonlathach a fhorbairt
Teanga chuimsitheach agus mheasúil a chothú
Déanfaimid iarracht a chinntiú go mbeidh ár scoil sábháilte go fisiciúil agus go mothúchánach. Cuirfimid ábhar curaclaim ár gcláir OSPS i láthair sa tslí go ndéanfaimíd scileanna féinchosanta maidir le féinmheas agus ceannasacht a thabhairt dár leanaí. Bainfear úsáid as na modheolaíocht ‘am ciorcail’ sa scoil uile. Forbrófar scileanna idirphearsanra trí obair a dhéanamh i mbeirteanna agus i ngrúpaí. Molfar do leanaí níos sine oibriú go dearfach le scileanna maidir le coibhlint, idirbheartaíocht agus teacht ar chomhaontú a fhorbairt.
Tabharfaidh na hacmhainní Walk Tall, ár gclár Beo go Deo agus na hacmhainní tacaíocht don chlár OSPS.
.
Critéir Rathúlachta
Déanfaimid meastóireacht ar rathúlacht an pholasaí seo ag baint úsáide as na critéir seo a leanas:
Cur i bhfeidhm agus rannpháirtíocht na foirne uile san oiliúint
Cur i bhfeidhm an churaclaim OSPS
Acmhainní chun tacú le cur i bhfeidhm OSPS
Measúnacht, déanta ag rannpháirtithe, ar na nósanna imeachta tar éis cáis ar Chaomhnú Pásití
Aiseolas ón bhfoireann uile
Fráma ama don Athbhreithniú
Cuirfidh an DCA na treoirlínte i gcuimhne do na múinteoirí uile ag an gcéad chruinniú foirne gach bliain, agus tabharfar cóip de na treoirlínte Children First d’aon duine a mbíonn sé de dhíth orthu.
Déanfar athbhreithniú bunaithe ar na critéir thuas, tar éis aon eachtra agus gach eachtra ina n-úsáidtear na treoirlínte.