Bord Bainistíochta

An Bord Bainistíochta

Ról an Bhoird Bhainistíochta

Comhlíonfaidh Bord Bainistíochta na feidhmeanna a thugtar dó agus don scoil faoin Acht Oideachais, 1998. Déanfaidh sé spiorad sainiúil na scoile, mar a chinntear é de réir na luachanna agus na dtraidisiún cultúrtha, oideachais, morálta, creidimh, sóisialta, teangeolaíochta agus spioradálta scoile a chosaint agus beidh sé cuntasach don phatrún as iad a chosaint amhlaidh.

Nósanna Imeachta an Bhoird

Is trí Ghaeilge a dhéanfaidh an Bord a chruinnithe a reáchtáil agus a chuid gnó a chur i gcrích. Sa lámhleabhar ‘Comhdhéanamh na mBord agus na Rialacha Imeachta’ eisithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta luaitear sa nós imeachta beirt de mhuintir an phobail a roghnú le ceapadh ar an mBord Bainistíochta. I gcás gaelscoileanna faoi phátrúnacht na nEaspag ba chóir go mbeadh tuiscint agus tiomantas ag daoine a ainmnítear do shainmheon na scoile. Beifear ag súil freisin go mbeidh eolas maith ar an nGaeilge acu.

Bord Bainistíochta 2007-2011

Don Ó hEigeartaigh (Cathaoirleach)

Andrias Ó Foghlú

Séamas O Laoi

Bernard Gaffney

Eleanor Uí Dhúill

Finbarr Ó Liatháin

Séamas O Maolchatha 

Niamh Ní Mhaoláin

Built By Digital Crew