Sciath na Scol
Friday 26 April 2013
Bhí cluiche camógaíochta 'Sciath na Scol' againn ar an Aoine 26ú Aibreán. Bhí sé ar siúl i gCumann Lúthchleas Gael na Dúglaise. Thosaigh an cluiche timpeall leath uair taréis a dó. Bhí an traenálaí ón bhfoireann eile mar réiteoir don chéad leath. Fuair Laoise an chéad phointe do Ghaelscoil na Dúglaise. Ina dhiaidh sin fuair Julie cúl dúinn. Bhí an chéad lá críochnaithe. Díreach sular thosaigh an dara leath thosaigh sé ag cur clocha sneachta. Bhí an fhoireann eile trína chéile agus fuair Julie dhá chúl eile. Ansin stop sé ag cur clocha sneachta. Ansin fuair Laoise cúl . Fuair Julie an cúl deireanach. Ní bhfuair éinne ón bhfoireann eile scór mar bhí Lucy sa chúl. An scór deireanach ná 5.2 -0.0. Bhuamar! Eimear, Lucy agus Holly