Cluiche Cairdiúil

Friday 19 April 2013

Thosaigh an cluiche le Columba's ag aimsiú roinnt scóranna tapaidh agus bhí an Ghaelscoil céim siar orthu ach d'fhreagair an Ghaelscoil go tapaidh le cúl ámharnach ó lár na páirce. Ag druidim le leathama fuair Cian Ó Dubhghaill cúilín gleoite chun An Ghaelscoil a chur chun tosaigh. Ag leathama rinne Eddie roinnt athraithe. Tháinig Cormac amach ón gcúl is tháinig Roibeard Ó Cíosáin isteach. Thainig Ben Ó hÉalaithe den phairc i gcomhair Zach.  Chuaigh Zach isteach mar leaththosaí do Mhícheál Ó hEathairn a chuaigh isteach i lár na páirce. Sa dara leath fuaireamar an lámh in uachtar ar Cholumba's le scóranna iontacha ó John Mac Suibhne, Finn Mac Fhlannchadha agus Fiachra Ó Luanaigh. Bhí cluiche iontach ag Cian Ó Dubhghaill agus ag Mícheál Ó hEathairn i lár na páirce agus chuaigh siad ar roinnt ruathar aonair. Cluiche den scoth a bhí ann sa deireadh agus bhí gach duine báite le hallas ag an bhfeadóg dheireanach.

Le Ben, Zach agus Cormac (Rang 6)

© 2011 Gaelscoil na Dúglaise | Web Design by Digital Crew