Blag Rang a 5

Tuesday 05 June 2012

Blag Rang a 5

Turas ar Chuan Chorcaí/ Tionscnaimh CRAFTed
Dia dhaoibh!
Rang a 5 anseo. Táimid tuirseach traochta na laethanta seo agus muid ag druidin le deireadh na bliana. Bhíomar an-ghnóthach le deanaí. Bhí dhá thionscaimh i mbun láimhe againn an mhí seo caite. Rinneamar tionscnaimh ar Chuan Chorcaí agus tionscaimh CRAFTed adhmadóireachta le ceardaí darbh ainm Sandy.
Ghlac muid páirt i gcomórtas a bhí bunaithe ar Chuan Chorcaí. Chaitheamar coicís á chur le chéile agus fuaireamar turas saor in aisce dá bharr. Chomh maith le turas ar bhád chuamar chuig an “Titanic Experience” i gCóbh. Chasamar le Enda Kenny ann chomh maith! Bhaineamar an-taitneamh as! Bhí an turas ar ais ar an mbád ar fheabhas ar fad. Tá an tionscnaimh le feiceáil crochta ar staighre na scoile. Táimid an-bhrodúil as!
Chomh maith le sin fuaireamar deis tionsnaimh adhmadóireachta a dhéanamh le ceardaí álainn. Chaitheamar ceithere seisiún leis ag foghlaim agus ag baint úsáid as uirlísí éagsúla. Phioc muid “crios ama” mar théama. Roghnaigh muid 5 áit difrúil. Corcaigh, Sydney, Toiceó, Vegas agus Nua Eabhrac. Tá siad crochta i halla na scoile. Bhí am iontach againn. Ba bhreá linn tionscnaimh mar sin a dhéanamh arís! 
 

© 2011 Gaelscoil na Dúglaise | Web Design by Digital Crew