Rang 4 - An Meánaois
Monday 27 January 2014

An Meánaois
I mí Eanair bhíomar ag foghlaim faoin Mheánaois. Rinneamar caisleáin as boscaí. Bhí sé ar fheabhas.
Sa Mheánaois, bhí sé an-deacair rudaí a dhéanamh. Ní raibh aon leictreachas acu. Bhí ar na páisti obair in ionad dul ar scoil. Anuas ar sin bhí an Galar Dubh ag teacht.
Tháinig an Galar Dubh ó na francaigh. Bhí dreancaidí ar na francaigh. Tháinig an galar ó na dreancaidí seo. Dá bhfaighfeá an galar bheadh tú marbh i seachtain amháin. Fuair timpeall fiche cúig milliún daoine bás. Da bharr sin bhí ar dhaoine na daoine marbh a chur ag seasamh faoin talamh. Ní raibh aon leigheas don Galar Dubh.
San Mheanaois tháinig na Normannaigh go hÉireann. Rinne siad caisleáin ar chnoic. Bhí an-chuid airm acu. Ní raibh na hÉireannaigh chomh maith leis na Normanaigh.
Sin gach rud a d’fhoghlaimíomar faoin Mheánaois. Bhí an – spraoi againn.
Déanta ag Abigail Ní Bhriain, R4.