Gaelscoil V Béal Guaile

Wednesday 01 May 2013

Bhí cluiche camógaíochta 'Sciath na Scol' againn i mBéal Guaile ar an 1ú Bealtaine. Thosaigh an cluiche timpeall a 12 a chlog. Bhí bean ón bhfoireann eile mar réiteoir ar an gcluiche. Thosaigh an cluiche.  Sa chéad nóiméad scóráil an fhoireann eile cúl. Bhíomar an bhuartha. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin fuair Anna Ní Mhurchú buille sa láimh. Ansin fuair cailín ón bhfoireann eile cúl. Cheap an réiteoir gur chúl a bhí ann ach ní fíor cúl a bhí ann. Bhí deireadh leis an gcéad leath ansin. Thosaigh an dara leath. Bhí an reiteoir céanna againn. Ag tús an dara leath rug Sarah Nic Fhiceallaigh ar an sliotar agus fuair sí cúl don Ghealscoil. Bhíomar an sásta le Sarah. Ina dhiaidh fuair duine ón bhfoireann eile pointe arís. Ní raibh aon scór eile sa chluiche. An scór deireanach ná 3.0-1.0.(Holly, Eimear agus Lucy , R5)

© 2011 Gaelscoil na Dúglaise | Web Design by Digital Crew