To view the site in English click here

Fáilte go Gaelscoil na Dúglaise. Tá súil againn go dtabharfaidh an suíomh seo deis do phaistí, tuismitheoirí agus do mhúinteoirí seal a chaitheamh linn ar aistear na foghlama. Tá áthas orainn go mbeidh ár ngaolta agus ár gcairde ó chian is ó chóngar in ann buaic phointí ár saol scoile a cheiliúradh linn. Beidh sé mar sprioc againn an suíomh scoile seo a fhorbairt mar ghléas foghlama don bhaile agus don scoil.

Is Gaelscoil, thumoideachais chomhoideachasúil, Chaitliceach í Gaelscoil na Dúglaise. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile .Tá taithí ag na páistí ar theanga a fhoghlaim go héasca agus tuigeann siad gur féidir teangacha eile a fhoghlaim. Is mó an seans go mbeidh tuiscint agus meas ag na daltaí seo ar dhaoine ó chultúir eile, rud atá tábhachtach agus an tír ag eirí níos ilchultúrtha. Scoilnet - Star SiteSpreagann Gaelscoil na Dúglaise rannpháirtíocht na dtuismitheoirí in oideachas a bpáistí agus i saol na scoile.

Éist/íoslódaigh an dán álainn ‘Inghean’ le Louis de Paor. Cuireadh an dán seo le ceol do sheoladh an tsuímh seo go speisialta. Cliceáil anseo.

Aithnítear cara i gcruatán.
 
 

Scéalta is Déanaí

  • Sunday 02/10/2011
    Tá fáilte romhat réamhchlárú trí theagmháil a dhéanamh leis an oifig ag 4364193 nó trí fhoirm a íoslodú ón suíomh seo faoi 'Tuismitheoirí' agus 'Foirmeacha'.
  • Wednesday 28/09/2011
    Beidh Oíche Oscailte Gaelscoil na Dúglaise ar siúl ar an Máirt 25ú Deireadh Fómhair. Fáilte roimh gach éinne! Beidh an Oíche seo dírithe ar thuismitheoirí go mbeidh a bpáistí ag tosnú linn sa Ghaelscoil i Meán Fómhair 2012. Beifear ag glacadh le hiarrataisí do na blianta 2013- 2016 ar an oíche.Glacfar le hiarrataisí do Naíonra na Dúglaise ar an oíche chomh maith. Na dearmad gur féidir foirm réamhchlárúcháin a íoslodú anseo faoi 'tuismitheoirí agus'foirmeacha'. Beidh an scoil oscailte ón 7.30.i.n.Beidh deis ann cuairt a thabhairt ar na seomraí ranga agus bualadh leis an bhfoireann teagaisc. Labhróidh an Príomhoide ag 8.i.n.
  • Wednesday 28/09/2011
    Tá an suíomh idirlín á nuashonrú faoi láthair.
  • Seachtain na Gaeilge
    Friday 25/03/2011
    Bhí réimse leathan d'imeachtaí ar siúl le linn 'Seachtain na Gaeilge'
  • Friday 04/03/2011
    Bhíomar ar fad ar bís nuair a tháinig Eoin Cotter agus Eoin Cadogan ar cuairt chugainn.
  • Ceolchoirm na Nollag
    Tuesday 21/12/2010
    Mar chuid den Chómóradh 25 bhí ceolchoirm na Nollag againn.
  • Ceolchoirm na Naíonán
    Friday 17/12/2010
    Chuir na ranganna naíonán ar fad taispeántas iontach ar siúl ar an 17ú Nollaig.
Built By Digital Crew