To view the site in English click here

Fáilte go Gaelscoil na Dúglaise. Tá súil againn go dtabharfaidh an suíomh seo deis do phaistí, tuismitheoirí agus do mhúinteoirí seal a chaitheamh linn ar aistear na foghlama. Tá áthas orainn go mbeidh ár ngaolta agus ár gcairde ó chian is ó chóngar in ann buaic phointí ár saol scoile a cheiliúradh linn. Beidh sé mar sprioc againn an suíomh scoile seo a fhorbairt mar ghléas foghlama don bhaile agus don scoil.

Is Gaelscoil, thumoideachais chomhoideachasúil, Chaitliceach í Gaelscoil na Dúglaise. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile .Tá taithí ag na páistí ar theanga a fhoghlaim go héasca agus tuigeann siad gur féidir teangacha eile a fhoghlaim. Is mó an seans go mbeidh tuiscint agus meas ag na daltaí seo ar dhaoine ó chultúir eile, rud atá tábhachtach agus an tír ag eirí níos ilchultúrtha. Scoilnet - Star SiteSpreagann Gaelscoil na Dúglaise rannpháirtíocht na dtuismitheoirí in oideachas a bpáistí agus i saol na scoile.

Éist/íoslódaigh an dán álainn ‘Inghean’ le Louis de Paor. Cuireadh an dán seo le ceol do sheoladh an tsuímh seo go speisialta. Cliceáil anseo.

Mol an óige agus tiocfaidh sí.
 
 

Scéalta is Déanaí

Built By Digital Crew